Ag Bualadh le Cairde Ar Líne As Líne

Ag Bualadh le Cairde Ar Líne As Líne

An tromluí is measa ag tuismitheoir: I ngan fhios duit féin, déanann do mhac nó d’iníon cairdeas le duine ar líne agus, i ndiaidh teachtaireachtaí a mhalartú leis an duine seo, aontaíonn siad ar bhualadh lena chéile duine le duine. Is léir na rioscaí.

Dírítear cuid mhór d’aird na meán agus an phobail ar an ngné seo de shábháilteacht an pháiste ar líne. Ba chóir go ndíreofaí, mar gheall ar na deiseanna a thugann an tIdirlíon do chreachadóirí atá ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le daoine óga.

Is é an riosca is mó é do pháistí seans agus iad ag baint úsáide as an Idirlíon, agus ar an drochuair léirítear i dtaighde ar tugadh faoi in 2011 go bhfuil níos mó agus níos mó páistí ag bualadh le duine ar bhuail siad leo ar líne den chéad uair.

De réir taighde “The Risks and Safety for Children on the Internet: The Ireland Report”, ar tugadh faoi mar chuid de staidéar Pháistí an AE ar Líne, bhuail ceithre faoin gcéad de pháistí 9-16 bliana d’aois le duine nach raibh aithne acu air sular chuir siad aithne air ar líne. Tá teagmháil ar líne déanta ag 28 faoin gcéad eile de pháistí le daoine nach raibh aithne acu orthu roimhe.

[gview file=”https://www.webwise.ie/wp-content/uploads/2014/06/Risks-and-Safety-for-Children-on-the-Internet-the-Ireland-Report.pdf”]

Cé go mbaineann na torthaí go príomha le déagóirí atá níos sine, agus duine as gach deichniúr den aoisghrúpa 15-16 bliana d’aois ag bualadh le duine nach raibh aithne acu orthu sular bhuail siad leo ar líne, ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil na staitisticí ar leibhéal íseal de scála na hEorpa.

Tá taighde ann a léiríonn go bhfuil an riosca a bhaineann le bualadh le duine as líne íseal. Ina ainneoin seo, tá an ceart ag tuismitheoirí a bheith buartha faoin gceist.

Cad é a thig liom a dhéanamh leis na Rioscaí a Mhaolú?

Comhaontaigh rialacha a bhaineann le cairde nua a dhéanamh ar líne

Cuimhnigh go mbaineann páistí úsáid as an Idirlíon go príomha chun líon na gcarad atá acu a leathnú. Mar sin, tá sé nádúrtha go mbuailfidh siad le daoine nua ar shuíomhanna gréasáin difriúla ar nós Facebook agus Twitter.

Trí chúrsaí cumarsáide a choimeád oscailte le do pháiste, agus trí bheith ag caint faoi na rioscaí a bhaineann le bualadh le cairde ar líne, féadann tú a áirithiú go dtiocfadh siad chugat ar dtús.

Ba chóir duit comhaontú ar rialacha a bhaineann le cairde nua a dhéanamh ar líne, agus cruinnithe. Cuir in iúl go láidir do do pháiste nár chóir dóibh dul ina n-aonar agus gur chóir bualadh le chéile in áit phoiblí i gcónaí.

Déan cinnte de go gcoinnítear ar an eolas thú i dtólamh faoi chruinnithe as líne ar bith le daoine nua.

Trí na céimeanna seo a leanúint féadann tú a bheith ar aon eolas maidir le do pháiste ionas gur féidir leat cuidiú leo fanacht siar ó bhaol.