Beoshruthú: Comhairle agus Leideanna

live streaming

Beoshruthú: Comhairle agus Leideanna

Beoshruthú

 

Cad é Beoshruthú?


Tugann beoshruthú deis do dhaoine a saol nó a dtaithí féin a chraoladh ar líne i bhfíor-am do chairde, do lucht leanúna nó don phobal i gcoitinne. Tugann go leor feidhmchlár agus líonraí sóisialta lena n-áirítear YouTube, Facebook agus Instagram deis d’úsáideoirí anois craoladh beo a dhéanamh díreach óna bhfóin chliste. Is cuma má tá tú ag féachaint ar an réalta mór le rá is fearr leat nó ag craoladh píosa faoi do shaol féin, tá an-tóir ar Bheoshruthú i measc daoine óga ar líne na laethanta seo.

Cén fáth a bhfuil an oiread sin tóra air?


Is bealach iontach iad feidhmchláir beoshruthaithe d’úsáideoirí chun taithí fíor-ama a roinnt ó imeachtaí, ceolchoirmeacha, cluichí agus féilte. Tugann beoshruthú deis do go leor daoine óga tuilleadh a fháil amach agus idirghníomhú leis an réalta nó leis an gceoltóir mór le rá is fearr leo. Is uirlis é beoshruthú a bhfuil an-tóir ag eagraíochtaí nuachta agus meán air chun an nuacht is déanaí agus imeachtaí beo a chraoladh.




Cad iad na rioscaí atá i gceist?


Tá rioscaí ag baint le gach líonra sóisialta agus feidhmchlár áit a bhfuil úsáideoirí in ann ábhar a roinnt ar líne. Seo roinnt rudaí gurbh fhiú duit smaoineamh orthu sula gcraolann tú beo:

1. Seiceáil na socruithe

Foghlaim faoin ardán beoshruthaithe sula dtosaíonn tú agus socraigh cé na socruithe is fearr a oibreoidh duitse. Tugann go leor feidhmchláir beoshruthaithe deis duit teachtaireachtaí a mhúchadh agus físeáin a scriosadh tar éis beoshruthú agus bíonn tú in ann do chuid socruithe suímh a nuashonrú.

 

2. Cé a fheicfidh do chraoladh?

Smaoinigh ar do lucht féachana sula dtosaíonn tú beoshruth. Molaimid úsáid a bhaint as an socrú ‘cairde amháin’ lena chinntiú go bhfuil a fhios agat cé atá ag breathnú ort.

 

3. Cén fhaisnéis atá á roinnt agat?

Smaoinigh ar an bhfaisnéis atá á roinnt agat i rith an bheoshruthaithe, mar shampla, an bhfuil do shuíomh ar eolas nó an bhfuil tú ag tabhairt aon fhaisnéis phearsanta i rith an chraolacháin?

 

4. Smaoinigh sula gcraolann tú

Is furasta do dhuine éigin craoladh beo a thaifeadadh i ngan fhios duit. Ba cheart d’úsáideoirí cuimhneamh freisin cé gur féidir leosan físeán a scriosadh a luaithe is a bheidh sé craolta nach féidir leo gach atá feicthe ag daoine i rith an chraolacháin bheo a bhaint anuas.

 

5. Cé agus céard atá á chraoladh agat?

Is fiú smaoineamh ar chúpla rud sula gcraolann tú aon rud… cé atá sa chraoladh? An bhfuil cead faighte agam uathu chun taifeadadh a dhéanamh orthu? An maslóidh mo chraoladh aon duine? An gcuirfidh mo chraoladh isteach ar aon duine?

 

6. Tuairisc faoi Chraoltaí

Má fheiceann tú rud éigin nach dtaitníonn leat is féidir leat tuairisc a thabhairt faoi don líonra sóisialta tríd an uirlis tuairiscithe. Ba cheart d’úsáideoirí tuairisc a thabhairt freisin faoi aon teachtaireachtaí maslacha a fhaigheann siad agus an seoltóir a bhlocáil.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Facebook Live téigh chuig: https://www.webwise.ie/parents/facebook-live/