Cá bhfaighidh mé comhairle faoin tsábháilteacht Idirlín le go gcosnóidh mé mo pháistí?

Cá bhfaighidh mé comhairle faoin tsábháilteacht Idirlín le go gcosnóidh mé mo pháistí?

faqshelp

Tá réimse iontach mór de línte cabhrach agus de shuíomhanna gréasáin tacaíochta ar fáil do thuismitheoirí ar líne.  Ní haon ionadh é mura bhfuil tuismitheoir in ann teacht ar shuíomh úsáideach, mar sin tá roinnt acu curtha le chéile againn anseo.

Cabhair agus Comhairle faoin tSábháilteacht Idirlín

Make IT Secure (www.makeitsecure.org) – Suíomh gréasáin Éireannach é seo a inseoidh duit cén chaoi do ríomhaire a chosaint agus tairbhe a bhaint as an Idirlíon go sábháilte.

Kid Smart (www.kidsmart.org.uk) – Suíomh gréasáin faoi chlár praiticiúil sábháilteachta Idirlín é seo a bhfuil duaiseanna bainte amach aige agus atá ceaptha do scoileanna, daoine óga, tuismitheoirí agus gníomhaireachtaí, arna fhorbairt ag Childnet International, ar carthanas Idirlín do pháistí é.

Wired Safety (www.wiredsafety.org)Cuireann Wired Safety cabhair, eolas agus oideachas ar fáil don uile úsáideoir Idirlín agus ghléis mhóibíligh, idir óg agus aosta.

Chat Danger (www.chatdanger.com)Tá sé seo dírithe go speisialta ar pháistí/dhéagóirí agus cuireann sé leideanna agus comhairle ar fáil faoi bheith ag úsáid seomraí comhrá.

INSAFE (www.saferinternet.org) Líonra de mhoil náisiúnta é a chomhordaíonn feasacht ar an tsábháilteacht Idirlín san Eoraip. Tá faisnéis chuimsitheach le fáil ann faoin tsábháilteacht Idirlín.

Clár an AE um Idirlíon níos Sábháilte (www.ec.europa.eu/saferinternet) Féachann sé le húsáid Idirlín níos sábháilte a chur chun cinn mar aon le teicneolaíochtaí nua ar líne, go háirithe do pháistí, agus le hábhar atá mídhleathach nó nach dteastaíonn ón úsáideoir deiridh a chomhrac mar chuid de chur chuige soiléir an Aontais Eorpaigh.

Leideanna Sábháilteachta ó Chlár an AE um Idirlíon níos Sábháilte (ec.europa.eu/information_society/activities/sip/safety_tips/index_en.htm)

Suíomh Gréasáin Chomhairle na hEorpa faoin Litearthacht Idirlín (www.coe.int/internet-literacy) – Tá uirlisí agus acmhainní le fáil anseo a chabhróidh leat tú féin a choinneáil sábháilte ar líne, do chearta daonna a chosaint agus an tairbhe is mó is féidir a bhaint as do thaithí ar líne.

An Coimisinéir Cosanta Sonraí (www.dataprotection.ie)
Tugtar faisnéis ar an suíomh gréasáin seo faoi chearta an duine agus faoi na freagrachtaí cosanta sonraí atá ar eagraíochtaí.

Cluiche ar líne de chuid Chomhairle na hEorpa darb ainm “Through the Wild Web Woods” (www.wildwebwoods.org)

Leideanna Sábháilteachta Google do Theaghlaigh (www.google.com/familysafety)

Sábháilteacht YouTube (www.youtube.com/t/safety)

Ionad Cabhrach Google (www.google.com/support)

Safekids.com (www.safekids.com) – Suíomh é seo ar a bhfaighidh tú leideanna, comhairle agus moltaí le go mbeidh taithí níos spraíúla agus níos torthúla ag do theaghlach ar líne.

Be Web Aware (www.bewebaware.ca) – Suíomh gréasáin Ceanadach faoin bhfeasacht gréasáin

Connect Safely (www.connectsafely.org) – Ceapadh ConnectSafely do thuismitheoirí, do dhéagóirí, d’oideachasóirí agus do thacadóirí – don uile dhuine atá páirteach sa ghréasán sóisialta agus ar suim leo an tionchar a imríonn sé.

Comhaontas SAM um Chibearshlándáil Náisiúnta (www.staysafeonline.org)Tá acmhainní neamhtheicniúla saor in aisce ann faoin gcibearshlándáil agus faoin tsábháilteacht atá ar fáil don phobal, sa chaoi go mbeidh a fhios ag tomhaltóirí, ag gnóthais bheaga agus ag oideachasóirí cén chaoi an chibearchoireacht a sheachaint.

Get Net Wise (www.getnetwise.org)Seirbhís phoiblí é GetNetWise arna cur ar fáil ag corparáidí in earnáil an Idirlín agus ag eagraíochtaí ar cúram leo leas an phobail chun a chinntiú go mbeidh taithí shábháilte, chuiditheach, oideachasúil, shiamsúil ag úsáideoirí an Idirlín.

Net Smartz (www.netsmartz.org)

Ionad Cabhrach Facebook (www.facebook.com/help.php?safety)

Leideanna Google faoin tsábháilteacht ar líne (www.google.com/intl/en/landing/familysafety/)

Safekids.com (www.safekids.com) – Suíomh é seo ar a bhfaighidh tú leideanna, comhairle agus moltaí le go mbeidh taithí níos spraíúla agus níos torthúla ag do theaghlach ar líne

Webwise (www.webwise.ie) – Cuireann Webwise acmhainní oideachais, comhairle agus faisnéis faoin mbaol a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis an Idirlíon ar fáil do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus do pháistí agus cuireann sé ar a gcumas acu an baol sin a sheachaint nó a laghdú oiread agus is féidir. Déanann Webwise acmhainní, faisnéis agus dea-chleachtas a roinnt le comhpháirtithe Eorpacha tríd an líonra Insafe. Arna oibriú ag an Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas

Cyber Angels (www.cyberangels.org) – Suíomh idirnáisiúnta cuimsitheach é a chuireann comhairle phraiticiúil ar fáil mar aon le liostaí de shuíomhanna agus d’innill chuardaigh a mholann siad as a bheith sábháilte agus oiriúnach do pháistí.

Childnet International (www.childnet-int.org) – Ceann de na suíomhanna ginearálta sábháilteachta do pháistí is fearr atá ann.

Net Family News (www.netfamilynews.org) – Tá naisc agus faisnéis úsáideach ann do theaghlaigh, do mhúinteoirí agus do chaomhnóirí páistí a bhíonn ag dul ar líne.

Cyberbullying.org (www.cyberbullying.org) – Tá faisnéis ann faoin gcibearbhulaíocht

Cyber Smart (www.cybersmart.gov.au) – Cabhróidh an suíomh seo leat féin agus le do theaghlach a bheith cliste agus sibh ag déileáil leis an gcibearbhulaíocht agus múinfidh sé daoibh cén chaoi úsáid a bhaint as an Idirlíon go sábháilte

Get Safe Online (www.getsafeonline.org/) – Acmhainn sábháilteachta ar líne é an suíomh gréasáin seo atá urraithe ag Rialtas na Breataine agus ag gnólachtaí ceannródaíocha agus a chabhraíonn le daoine aonair agus le gnóthais bheaga iad féin a chosaint ar fhadhbanna Idirlín.