Cad is Viber ann?

Cad is Viber ann?

Aip saor in aisce is ea Viber

Viber a cheadaíonn d’úsáideoirí glaonna saor in aisce a dhéanamh, téacsanna, pictiúir agus teachtaireachtaí físe a sheoladh chuig úsáideoirí Viber eile. Oibríonn sé ar ghutháin phóca agus ar an ríomhaire agus is féidir é a úsáid le ceangal le daoine ar fud an domhain. Amhail Feabhra 2015, deir an aip teachtaireachta go bhfuil 236 milliún úsáideoir gníomhach míosúla acu. Cosúil le WhatsApp, áirítear i measc na ngnéithe a bhfuil tóir ag úsáideoirí óga orthu roinnt pictiúr, teachtaireachtaí físe agus grúpa.

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Is féidir an aip a íoslódáil go díreach chuig do ghuthán nó do ríomhaire, ní gá d’úsáideoirí ach a n-uimhir ghutháin a iontráil le tosú. Úsáideann Viber do ghuthán póca mar d’aitheantas. Chun do chuntas a fhíorú, seolfaidh Viber UAP chugat trí SMS chun do chuntas a ghníomhachtú. Nuair a ghníomhachtaítear é, nascann an aip le do liosta teagmhálaithe chun cairde a aimsiú agus ceangal leo.

Is iad príomhghnéithe Viber:

Teachtaireachtaí Saor in Aisce

Teachtaireachtaí Pictiúir agus Físe Saor in Aisce

Glaonna saor in aisce chuig úsáideoirí Viber eile

Comhráite Grúpa Saor in Aisce (suas le 200 rannpháirtí) – Gné é seo a bhfuil an-tóir air agus in go leor cásanna, socraíonn úsáideoirí óga grúpaí dá rang, gcairde, bhfoireann spóirt etc. Tá comhráite grúpa iontach le coinneáil i dteagmháil le daoine, ach tá rioscaí ag baint leis chomh maith – mar shampla d’fhéadfaí cibearbhulaíocht a dhéanamh, ábhar míchuí a amharc/roinnt, etc. Féadfaidh duine ar bith grúpa a bhunú agus cuireadh a thabhairt dá gcairde bheith páirteach. Ní scriostar grúpaí ach nuair a fhágann gach ball an grúpa. Féadfaidh ball den ghrúpa an comhrá grúpa a fhágáil ag am ar bith. Is cosúil nach féidir le riarthóirí ná rannpháirtithe an ghrúpa ball a bhaint ón ngrúpa.

Comhráite Poiblí – Ceadaíonn an ghné seo d’úsáideoirí Viber chun na pearsantachtaí nó daoine cáiliúla is ansa leo a leanúint nó bheith páirteach i gcomhráite faoi na hábhair is fearr leo. Nuair a leanann úsáideoir comhrá poiblí, féadfaidh siad ‘is maith liom’ a thabhairt d’aon phostálacha a fhoilsítear sa chomhrá, ach ní féidir leo cur leis ná teachtaireacht a phostáil mura chuir riarthóir an ghrúpa leis an gcomhrá mar rannpháirtí iad. Ní thaispeánfar ach rannpháirtithe comhráite poiblí i bhfaisnéis phróifíle an chomhrá poiblí, ní féidir próifílí leantóirí a fheiceáil. Faigh tuilleadh faisnéise faoi chomhráite poiblí anseo.

Greamáin – Gné a bhfuil tóir air i measc úsáideoirí óga. Is féidir greamáin a íoslódáil tríd an aip agus iad a chur isteach i dteachtaireachtaí. Tabhair faoi deara, tá go leor greamán saor in aisce, ach is féidir iad a cheannach chomh maith. Timpeall €1.99 an gnáthphraghas a bhíonn ar shraith greamán.

Tá an-tóir ar ghreamáin Viber i measc úsáideoirí óga

Tá an-tóir ar ghreamáin Viber i measc úsáideoirí óga

Cluichí Viber – Féadfaidh úsáideoirí roghnú ó raon cluichí le híoslódáil chuig a ríomhaire, táibléad nó guthán. Is féidir cluichí a imirt leo féin nó trí aip Viber a cheadaíonn dóibh imirt agus ceangal le cairde.

Ceadaíonn Viber d’úsáideoirí glaonna a dhéanamh chuig aon uimhir ghutháin (fiú mura bhfuil cuntas Viber acu) ó aon áit ar domhan ar ráta níos ísle ná glaonna gutháin traidisiúnta.

 

An méid nach mór a bheith ar eolas ag tuismitheoirí

Ní mór go mbeadh úsáideoirí ar a laghad 13 bliana agus cosúil le go leor ardán eile sna meáin shóisialta, tá rioscaí cibearbhulaíochta ag baint leis an aip teachtaireachta meandracha. Le cuidiú leis an riosca seo a íoslaghdú, féadfaidh tuismitheoirí labhairt lena leanaí faoi na rioscaí cibearbhulaíochta agus céard ba cheart a dhéanamh má tharlaíonn aon ní nach bhfuil siad ar a gcompord leis.

Úsáideoir eile a bhlocáil ar Viber
Tá roinnt bealaí le duine a bhlocáil ar Viber.

  • Nuair a fhaightear teachtaireacht ó dhuine anaithnid. Taispeánfar an teachtaireacht ar an scáileán comhrá le dhá rogha. Féadfaidh tú an teagmháil anaithnid a chur le do liosta teagmhálaithe nó iad a bhlocáil.
  • Úsáideoir a bhlocáil ó ghrúpa. Féadfaidh tú úsáideoirí atá páirteach sa ghrúpa céanna leat a bhlocáil trí scáileán faisnéise an ghrúpa. Iontráil an grúpa > Svaidhpeáil an scáileán ar chlé > Roghnaigh an teagmhálaí > Roghnaigh roghchlár an ghairis > Roghnaigh “Blocáil”. Tabhair faoi deara: Beidh an teagmhálaí blocáilte fós in ann do ghníomhaíochta sa ghrúpa a fheiceáil agus beidh tusa in ann a gníomhaíocht a fheiceáil. Ní bhainfidh an bhlocáil ach le cumarsáid duine le duine.
  • Teagmhálaí atá i do liosta teagmhálaithe a bhlocáil. Féadfaidh tú iad a bhlocáil ó scáileán faisnéise an chomhrá tríd an scáileán a svaidhpeáil ar chlé > Roghnaigh roghchlár an ghairis > Roghnaigh “Blocáil”. Iontráil a n-uimhir de láimh tríd an liosta blocála trí dhul tríd Socruithe > Príobháideachas > Liosta Blocála > Blocáil uimhir. Cuimhnigh an uimhir a iontráil san fhormáid seo a leanas: + Cód Tíre, mar shampla +353xxxxxxxxx.

bac a chur ar dhuine ar viber

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi úsáideoirí a bhlocáil ar Viber.

Ábhar Míchuí 

Ba chóir go mbeadh úsáideoirí feasach ar na rioscaí a ghabhann le hábhar pearsanta a roinnt le daoine eile. Smaoineamh maith atá ann do thuismitheoirí labhairt faoi seo agus a mhíniú dóibh gur féidir físeán, íomhánna agus teachtaireachtaí a shábháil agus a roinnt go héasca, mar aon le gach ábhar digiteach.

Roinnt Láithreach
Ceadaíonn Viber d’úsáideoirí a láithreacha a roinnt lena gceangail ach bíonn an fheidhm seo múchta trí mhainneachtain. Arís is maith an smaoineamh do thuismitheoirí labhairt lena leanaí faoi bheith cúramach cén t-eolas a roinneann siad agus cé leis a roinneann siad é.

Príobháideachas
D’fhonn go ndéanfadh duine eile teagmháil leat ar Viber, ní mór duit bheith ceangailte cheana féin nó d’uimhir ghutháin a bheith ar eolas acu. Ach, is féidir le húsáideoir Viber grianghraf próifíle aon úsáideora a úsáid, chun é seo a sheachaint – díchumasaigh an rogha ‘taispeáin do ghrianghraf’. Tabhair faoi deara, más rannpháirtí nó riarthóir Chomhrá Poiblí tú, beidh an rogha seo ar siúl trí mhainneachtain gan aon rogha lena dhíchumasú i.e. fanfaidh a n-íomhá próifíle le feiceáil. Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil ar shocruithe príobháideachais Viber.