Comhairle maidir le líonrú sóisialta

online reputation talking points

Comhairle maidir le líonrú sóisialta

comhairle do thuismitheoirí maidir leis na meáin shóisialta
Má úsáideann do leanbh na meáin shóisialta, seo cúpla rud ar cheart duit labhairt leo fúthu chun cuidiú leo an leas is fearr a bhaint astu:

Ar an gcéad dul síos, cuir ceist ar do leanbh faoi na seirbhísí líonraithe shóisialta a úsáideann siad. Tosaigh ar nóta dearfach trí iarraidh orthu cur síos a dhéanamh ar na rudaí a thaitníonn leo faoi. Iarr ar do pháiste an phróifíl a thaispeáint duit. Ach ná bíodh iontas ort má bhíonn drogall ar do leanbh í a thaispeáint duit – crios saor ó thuismitheoirí é líonrú sóisialta dar leis na leanaí inar féidir leo labhairt lena gcairde.

D’fhonn na bealaí cumarsáide le do leanbh a oscailt i dtaobh an úsáid a bhaineann siad as líonrú sóisialta, ná bí ródhian ar an méid a rinne siad ná ar a nósanna ar líne go nuige seo. Ní iadsan is ciontaí i dtólamh má bhíonn rud éigin míchuí ar a bpróifíl.

Tarlaíonn sé uaireanta nach n-inseoidh déagóirí do thuismitheoir faoi dhrochthaithí ar líne toisc go mbíonn eagla orthu go réiteofá an fhadhb trí chosc a chur orthu dul ar an meán sóisialta is fearr leo má insíonn siad faoi. Má shíleann siad go bhfuil siad ábalta labhairt lena dtuismitheoirí faoina gcuid nósanna ar líne gan aon bhreithiúnas, agus gan an bhagairt go ndícheanglófar iad, áfach, beidh siad níos oscailte leis an tuismitheoir sa deireadh thiar.

Fiafraigh de do leanbh cad iad na socruithe príobháideachais atá i bhfeidhm ar an bpróifíl. Má tá siad poiblí, iarr orthu iad a dhéanamh príobháideach ionas nach bhfeicfidh ach cairde a bpostálann siad. Ach inis dóibh freisin gur féidir ábhar a phostáiltear ar líne a chóipeáil go héasca fiú leis na socruithe príobháideachais is doichte, agus go bhféadfaí é a scaipeadh ar dhaoine eile nach bhfuil smacht ar bith acu orthu.

Dea-smaoineamh é freisin labhairt faoi liosta cairde do linbh. Téarma uileghabhálach é “cairde” le haghaidh teagmhálaithe ar bith ar láithreáin líonraithe shóisialta. Uaireanta, agus iad ag iarraidh gnaoi an phobail a bheith orthu, éiríonn déagóirí ró-réchúiseach maidir le cé lena nglacann siad mar ‘chairde’. Ba cheart do dhéagóirí dul siar ar an liosta ‘cairde’ atá acu ar líne go rialta, le nach roinnfidh siad a bhfaisnéis ach le daoine a bhfuil muinín acu astu.

Bí cinnte béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé GAN teachtaireachtaí ar bith gan iarraidh a fhreagairt.

B’fhéidir go bhfuil sé sách follasach, ach is minic a bhaineann plucálaithe camscéime nó creachadóirí úsáid as teachtaireachtaí a mheallann freagairtí ón aos óg. Mar sin is cóir a chinntiú go bhfuil do leanbh ar an eolas faoi chomh tábhachtach is atá sé neamhaird a dhéanamh díobh.