Dul i ngleic le Cibearbhulaíocht

Dul i ngleic le Cibearbhulaíocht

comhairle faoi chibearbhulaíocht

Cad is Cibearbhulaíocht ann?

Ba cheart duit labhairt le do leanbh faoi bhulaíocht ar líne sula dtarlaíonn sí. Go hidéalach nuair a thosaíonn do leanbh ag baint úsáid as na meáin shóisialta den chéad uair, nuair atá siad ag dul ón mbunscoil go dtí an mheánscoil, agus go rialta ina dhiaidh sin.

Tá an cineál seo bulaíochta ag éirí níos coitianta agus ag forbairt i gcónaí. Is ionann í agus bulaíocht a dhéantar ar líne agus ar theicneolaíochtaí fón póca. An fhoirm is coitianta den bhulaíocht ar líne ná ionsaithe le teachtaireachtaí míchuí nó mailíseacha. Ní gá go mbeadh teagmháil duine le duine i gceist leis an gcibearbhulaíocht agus féadann sí tarlú am ar bith (de lá agus d’oíche). Is féidir leis an gcibearbhulaíocht go leor cineálacha bulaíochta a éascú. Mar shampla, seans go gcuirfí téacs homafóbach chuig leanbh nó go bpostálfaí teachtaireachtaí nó pictiúir mhailíseacha faoi ghnéasacht nó cuma duine, etc.

Bí soiléir faoi cad atá i gceist leis an mbulaíocht ar líne. Deir na nósanna imeachta a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna le déanaí “go bhféachfar ar theachtaireacht, íomhá nó ráiteas poiblí goilliúnach aon uaire ar shuíomh Gréasáin líonra poiblí nó ar fhóram poiblí eile ar féidir an teachtaireacht, an íomhá nó an ráiteas sin a fheiceáil air agus/nó a bheith athráite ag daoine eile mar iompar bulaíochta”.

Is féidir le cibearbhulaíocht tarlú do dhuine ar bith. Tá sí mícheart i gcónaí agus níor chóir dearmad a dhéanamh uirthi ná neamhaird a dhéanamh di. Tá aithne níos fearr agatsa ar do leanbh ná aon duine eile. Dá bharr sin, is tusa is fearr a aithneoidh aon chibearbhulaíocht a dhéanfaí orthu agus is tusa is fearr atá in ann dul i ngleic leis an bhfadhb.

Cad is féidir liom a Dhéanamh má tá Bulaíocht á Déanamh ar mo Leanbh ar Líne?

Mol do leanbh as ucht teacht chugat le labhairt faoin bhfadhb. Uaireanta bíonn an chéad chéim chun cabhair a lorg an-deacair. Déan iarracht guaim a choinneáil ort féin agus gan dul thar fóir. Cuir do leanbh ar a shuaimhneas trína rá leo go dtarlaíonn rudaí mar sin do go leor daoine.

An chéad rud a dhéanfaidh tú ná éisteacht. Éist agus tabhair tacaíocht, ná déan do leanbh a chiapadh le ceisteanna. Má tháinig siad chugat chun cabhair a lorg, léiríonn sé sin go bhfuil muinín acu asat. Bí cúramach gan dochar a dhéanamh den mhuinín sin; ná caill an cloigeann agus ná déan aon rud nach bhfuil siad compordach leis. Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh sé soiléir go mb’fhéidir go mbeidh ort labhairt le múinteoirí agus le tuismitheoirí na leanaí eile atá páirteach chun cabhrú leo.

A luaithe is atá tú cinnte go bhfuil bulaíocht ar bun, ba chóir duit dul i dteagmháil le scoil nó le hógeagraíocht do linbh. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis na soláthróirí seirbhíse idirlín freisin agus, má tá an chibearbhulaíocht tromchúiseach, nó más féidir léi a bheith coiriúil, d’fhéadfá teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí áitiúla.

Tá freagracht ar leith ar scoileanna dul i ngleic leis an mbulaíocht. Má bhaineann an bhulaíocht leis an scoil, labhair le múinteoir do linbh. Is féidir le dalta nó tuismitheoir aon ábhar imní a bhaineann leis an mbulaíocht a roinnt le múinteoir ar bith sa scoil. Ní mór do mhúinteoirí na bearta cuí a dhéanamh i dtaobh tuairisc a thabhairt ar iompar bulaíochta de réir pholasaí frithbhulaíochta na scoile. Ní mór do gach scoil ‘Polasaí Frithbhulaíochta’ a bheith aici. Ba cheart duit polasaí do scoile a léamh chun go dtuigfidh tú na céimeanna a bheidh le tógáil más gá.

Tá sé tábhachtach iarraidh ar do leanbh labhairt leat faoin gcibearbhulaíocht má tá tú chun timpeallacht oscailte dhearfach a choimeád. Féadfaidh sé seo cuidiú leat dul i ngleic leis an gcás.

Féadfaidh freagairt dhiúltach, mar shampla bac a chur ar úsáid a bhaint as an Idirlíon nó as fón póca, cuid mhór dochair a dhéanamh agus seans nach n-inseofar duit faoin gcibearbhulaíocht má tharlaíonn sí arís.

Cabhraigh le do leanbh a muinín agus a bhféinmheas a ardú in áiteanna eile. Is féidir tacú leis seo trí imeachtaí taobh amuigh den scoil, cosúil le spórt, ceol nó gníomhaíochtaí ealaíne. Má tá do leanbh an-trína chéile, tá sé tábhachtach go bhfuil duine acu lenar féidir leo labhairt. Seans go bhféadfadh comhairleoir proifisiúnta cabhrú leo. Cuireann Líne Chabhrach na Leanaí seirbhís tacaíochta éisteachta ar fáil do leanaí.

Cén Chomhairle a Chuirfidh mé ar mo Leanbh?

1. Ná freagair: Níor cheart do dhaoine óga freagra a thabhairt choíche ar theachtaireachtaí a chuireann isteach orthu nó a chiapann iad. Is breá leis an mbulaí a fháil amach gur chuir siad isteach ar an duine. Cuireann sé leis an bhfadhb má thugtar freagairt dóibh agus téann cúrsaí in olcas dá bharr.                                 
2. Coimeád na Teachtaireachtaí: Beidh do leanbh ábalta taifead a choimeád ar an mbulaíocht, ar na dátaí agus ar na hamanna, má dhéanann siad teachtaireachtaí mioscaiseacha a choimeád. Beidh sé seo úsáideach d’aon scoil ina dhiaidh sin nó le haghaidh imscrúdú na nGardaí.

3. Cuir Bac ar an Seoltóir: Ní chaithfidh duine ar bith cur suas le ciapadh ó dhuine eile. Is féidir le leanaí bac a chur ar theagmhálaithe trí sholáthróirí seirbhíse ar fhóin phóca, ar láithreáin líonraithe shóisialta nó i seomraí comhrá.

4. Déan Fadhbanna a Thuairisciú: Déan cinnte go dtuairiscíonn do leanbh cásanna ar bith cibearbhulaíochta do shuíomhanna gréasáin nó do sholáthróirí seirbhíse. Tá uirlisí tuairiscithe ar shuíomhanna amhail Facebook. Ach úsáid a bhaint as na huirlisí seo, beidh do leanbh ag tabhairt faisnéis thábhachtach do dhaoine ar féidir leo cabhrú le deireadh a chur leis an gcibearbhulaíocht.

Ní foláir do leanaí tuiscint a fháil ar an dochar mothúcháin a d’fhéadfadh an chibearbhulaíocht agus gach cineál bulaíochta eile, a dhéanamh. Tá an uile chineál bulaíochta ina n-ábhar crá agus péine agus ba cheart deireadh a chur le gach sórt bulaíochta. Spreagfar na leanaí chun úsáid fhreagrach a bhaint as an Idirlíon má chuirtear an méid seo ina luí orthu agus trí bhéim a leagan ar a thábhachtaí atá sé gníomhú má tá bulaíocht á himirt ar dhuine éigin eile.