Faisnéis Bhréagach – Comhairle do Thuismitheoirí

Faisnéis Bhréagach – Comhairle do Thuismitheoirí

Tá an t‑idirlíon agus na teicneolaíochtaí digiteacha ag imirt níos mó tionchar ar shaol na bpáistí, tá go leor buntáistí agus deiseanna ar fáil dóibh dá réir. Mar thuismitheoirí tá sé tábhachtach ár bpáistí a choinneáil sábháilte ar líne, agus ní hamháin an gciallaíonn sé sin go gcaithfear páirt a ghlacadh ann agus labhairt leo faoin méid atá siad a dhéanamh, ach caithfear tuiscint a fhorbairt ar an gcaoi a n‑oibríonn an t‑idirlíon.

 

Faightear ábhar ar líne ar bhonn laethúil, ó rochtain a fháil ar fhaisnéis d’obair bhaile agus staidéar, go nascadh le cairde, nó chun coinneáil suas chun dáta maidir le hábhar ar bith. Ó tharla go bhfuil an t‑uafás ábhair ar fáil dúinn, tá sé tábhachtach a bheith in ann fáil amach cá chruinne agus cá iontaofa atá ár bhfaisnéis. Ciallaíonn sé sin ceisteanna a chur faoin áit as ar tháinig ár bhfaisnéis, cé a chruthaigh é agus cén fáth, meas a dhéanamh ar an tionchar d’fhéadfadh a bheith aige,  agus fáil amach cá mhéad is féidir muinín a bheith ag duine as.

 

Is féidir le faisnéis bhréagach scaipeadh go gasta ar na meáin shóisialta, ar ardáin ar líne nó in aipeanna teachtaireachta agus is minic thagann sí i dtír ar dhaoine in amanna amhrasacha. Sampla follasach de seo ná an méadú atá tagtha ar mhéid na faisnéise bréagaí a chonaic an chuid is mó dínn le linn na paindéime Covid19.

Céard is faisnéis bhréagach nó mífhaisnéis ann?

D’fhéadfadh go mbeadh an téarma ‘bréagnuacht’ ar eolas ag go leor daoine – is téarma é a bhaineann le scéalta nuachta polaitíochta go mór. Mar sin féin, is fearr cur síos a dhéanamh air mar fhaisnéis bhréagach, nó mífhaisnéis/bréagaisnéis de bharr gur féidir faisnéis mhíchruinn nó mhíthreorach a chruthú faoi ábhar ar bith lena n‑áirítear sláinte, eacnamaíocht, nó an timpeallacht. 

 

Sula raibh an t‑idirlíon ann, fuaireamar an chuid is mó dár nuacht agus faisnéis ó mheáin chraoltóireachta agus ó nuachtáin. Tá na heagraíochtaí seo faoi réir cóid dhiana iompair, rud a fhágann go bhfuilimid in ann a bheith sách muiníneach as iontaofacht na faisnéise a fhaighimid uathu. Ach, ó tharla go bhfuil an t‑idirlíon agus na meáin shóisialta ann anois, tá sé an-éasca do dhuine ar bith ábhar a fhoilsiú ar líne, agus d’fhéadfadh sé lucht léite mór a bhaint amach. Anois, is féidir linn go leor dár bhfaisnéis ó shuíomhanna meán sóisialta agus ó líonraí agus d’fhéadfadh go mbeadh caighdeáin ísle acu nó d’fhéadfadh nach mbeadh caighdeáin ar bith acu, agus is iondúil nach gcaithfidh siad na rialacháin atá ann cheana a chomhlíonadh, rialacháin a chaithfidh na meáin thraidisiúnta a chomhlíonadh.

 

 

Ó tharla go bhfuil an t‑uafás ábhair ar fáil dúinn anois, tá sé níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh a bheith feasach ar na foinsí as a dtagann ár bhfaisnéis, agus seachaint nach bhfuil muinín againn as faisnéis ná as foinsí ar líne atá mealltach, athbhríoch nó bréagach. 

Cén fáth a gcruthaítear Faisnéis Bhréagach?

Tá roinnt fáthanna ann go gcruthófaí faisnéis mhíthreorach.

 

      • D’fhéadfadh gur cruthaíodh é chun muintir an phobail a chur amú d’aon turas, agus chun iarracht a dhéanamh dearcadh na ndaoine ar ábhar nó ar shaincheist ar leith a mhúnlú. Mar shampla, chun clár oibre polaitiúil a chur chun cinn nó chun mearbhall a chur ar dhaoine nó chun dochar a dhéanamh trí fhaisnéis bhréagach a scaipeadh faoi ábhar.

 

      • Cúis eile a chruthaítear faisnéis bhréagach ná chun airgead a shaothrú – tugtar ‘ábhar clicmheallta’ ar an gcineál seo ábhair. Dá mhéad cliceanna a dhéantar ar scéal, is amhlaidh is mó airgid a shaothraíonn foilsitheoirí ar líne trí ioncam ó fhógraíocht. Úsáidtear ceannlínte áibhéalacha agus drámatúla chun iarracht a dhéanamh úsáideoirí a spreagadh chun cliceáil ar nasc, agus chun an t‑ábhar a fheiceáil agus a chomhroinnt. Bíonn na ceannlínte seo míthreorach d’aon turas nó is léargas míchruinn iad ar a bhfuil  san alt iomlán i ndáiríre. D’fhéadfadh na scéalta seo scaipeadh an‑tapa ar na meáin shóisialta, agus ní bhíonn le feiceáil ann ach an ceannlíne agus píosaí beaga den alt ar fhotha nuachta na ndaoine.  

 

      • Is féidir faisnéis bhréagach a chomhroinnt freisin sa chás nach bhfuiltear ag iarraidh aon dochar a dhéanamh. Mar shampla, sa chás nár sheiceáil scríbhneoir cruinneas na faisnéise a d’úsáid sé nó sa chás gurb amhlaidh go bhfuil botún déanta ag an scríbhneoir. D’fhéadfaí faisnéis bhréagach a chruthú ar mhaithe le scigaithris, cuir i gcás suíomhanna gréasáin aoracha ar a bhfoilsítear scéalta chun críocha siamsaíochta.

Leideanna chun Faisnéis Bhréagach nó Mífhaisnéis a aithint

Cén chaoi a n‑oibríonn duine amach cén fhaisnéis atá cruinn agus iontaofa, agus cén fhaisnéis nach bhfuil? Is é an bealach is fearr é sin a dhéanamh ná chun smaoineamh go criticiúil faoi na rudaí a léann tú, a fheiceann tú nó a chloiseann tú.

 

Seo duit roinnt leideanna simplí chun cabhrú leat fáil amach cén fhaisnéis atá iontaofa agus cruinn, agus cén fhaisnéis nach bhfuil.

 Cé a chomhroinneann an scéal?
Maidir leis an gcuntas meán sóisialta atá ag comhroinnt na postála, seiceáil an bhfuil sé fíoraithe. Taispeánann an chuid is mó de na pearsana poiblí agus na soláthraithe meán “suaitheantas nó ticmharc gorm”, rud a chiallaíonn go bhfuil an cuntas fíordheimhnithe. D’fhéadfadh sé seo tabhairt le fios gur dóchúla go bhfuil ábhar na postála iontaofa, ach ní iondúil go mbíonn sé i gcónaí. 

 

Seiceáil an URL/seoladh an tsuímh gréasáin:

An bhfuil seoladh nó URL aisteach ag an suíomh gréasáin? D’fhéadfadh go mbainfí úsáid as ainmneacha fearainn sna hailt ina bhfuil faisnéis bhréagach, a bhfuil an chuma orthu gur suíomh nuachta nó meán iontaofa iad, ach bíonn mionathruithe sa litriú.

 

Caith súil níos géire air:

Seiceáil foinse an scéil – an foinse inchreidte/iontaofa í? Mura bhfuil cur amach agat ar an suíomh gréasáin, féach sa chuid ‘eolas fúinn’ chun níos mó eolais a fháil faoin údar.

 

Féach taobh thiar den cheannlíne:

Seiceáil an t-alt iomlán.  Úsáidtear ceannlínte gáifeacha nó creathnacha in go leor scéalta bréagnuachta chun aird a tharraingt, ach ní thugann ceannlíne ná postáil sna meáin shóisialta an scéal iomlán. Is minic a bhíonn na ceannlínte a úsáidtear le haghaidh faisnéis bhréagach scríofa i gceannlitreacha amháin agus go n‑úsáidtear comharthaí uaillbhreasa iontu.

 

Cuimhnigh gur féidir leis an gceamara bréag a insint:

Ná glac leis go bhfuil pictiúr nó físeán iontaofa. Mar gheall ar íomhánna a athraíodh, nó a úsáideadh as comhthéacs fiú, is féidir leis a bheith éasca teacht ar na conclúidí contráilte.

 

 Ní hionann faisnéis a bheith mearscaipthe agus í a bheith cruinn.

Is féidir faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a dhearadh chun freagairt láidir a spreagadh agus, mar sin, an fhéidearthacht go spreagfaí daoine lena ‘chomhroinnt’.  Déanann meáin shóisialta agus ardáin teachtaireachtaí é an-éasca faisnéis a chomhroinnt go tapa le go leor daoine.

 

Seiceáil foinsí eile

An bhfuil tú in ann an fhaisnéis chéanna a fháil ar shuíomhanna eile nuachta agus meán a bhfuil dea-theist orthu? An bhfuil aon fhoinsí luaite sa scéal? Má tá, seiceáil an bhfuil siad iontaofa nó go deimhin más ann dóibh ar chor ar bith.

 

Seiceáil na fíricí

Is minic a bhíonn dátaí míchearta nó amlínte athraithe i scéalta bréagnuachta. Is maith an smaoineamh é freisin seiceáil cathain a foilsíodh an t-alt, an scéal nuachta reatha nó seanscéal é?

 

Seiceáil do chuid claontachtaí.

An bhfuil do dhearcthaí nó do chreideamh féin ag dul i bhfeidhm ar do bhreithiúnas maidir le cé chomh cruinn nó cé chomh iontaofa is atá píosa faisnéise? I gcoitinne, bímid go léir meallta ag faisnéis a dhearbhaíonn ár gcreideamh nó ár gclaontachtaí féin. Le halgartaim na meán sóisialta atá ceaptha chun nuacht agus faisnéis a thabhairt dúinn bunaithe ar ár gcuardaigh agus ar ár n-ábhair spéise féin, bíonn sé níos deacra féachaint thar ár ndearcadh féin ar an domhan.

 

An scéal grinn atá ann?

Bíonn an-tóir ar shuíomhanna gréasáin aoracha ar líne ach uaireanta ní léir an scéal atá ann nó an é go bhfuil an t-údar ag magadh nó ag déanamh scigaithrise. Seiceáil an suíomh gréasáin – an bhfuil aithne air mar shuíomh ar a gcumtar scéalta greannmhara?

 

Fiafraigh de na scoláirí.

Tá go leor eagraíochtaí ann a chuireann treoraíocht agus acmhainní ar fáil mar chúnamh chun faisnéis bhréagach a aithint, chun daoine a chumasú roghanna eolasacha a dhéanamh.

D’fhéadfadh go mbeadh sé deacair aghaidh a thabhairt ar an gcás más rud é gur daoine muinteartha nó cairde a chomhroinneann an fhaisnéis bhréagach. Tá comhairle agus leideanna cabhracha ag Tuiscint ar na Meáin, Éire faoin méid atá le déanamh agat má thagann tú ar fhaisnéis bhréagach a d’eascair ó dhuine a bhfuil tú mór leis.

Léigh na leideanna sin anseo.

 

Acmhainní Úsáideacha:

Be Media Smart www.bemediasmart.ie #StopSmaoinighSeiceáil

Forbartha ag Tuiscint ar na Meáin, Éire, cuirtear leideanna agus comhairle chabhrach ar fáil le Be Media Smart chun an difríocht idir faisnéis iontaofa agus chruinn agus faisnéis atá bréagach nó míthreorach d’aon turas a aithint. 

 

 

Tuiscint ar na Meáin, Éire www.medialiteracyireland.ie 

Is líonra de bhaill dheonacha a thagann ó réimse leathan earnálacha, eagraíochtaí agus suimeanna é MLI arna éascú ag Údarás Craolacháin na hÉireann, agus oibríonn siad le chéile chun daoine a chumasú chun roghanna eolasacha a dhéanamh faoi na meáin faoi ábhar agus seirbhísí na meán a úsáideann, a chruthaíonn agus a scaipeann siad ar fud na n‑ardán ar fad. Cuireann MLI acmhainní, taighde agus nuacht úsáideach ar fáil faoi thuiscint ar na meáin.

 

 

 

Áirítear leis na foinsí seiceála fíricí:

Snopes: www.snopes.com

Politifact: www.politifact.com

Fact Check: www.factcheck.org

Cuardach Íomhá Droim ar Ais de chuid Google: https://images.google.com/

Download False Information/Fake News Checklist

Mínithe: Céard is Faisnéis Bhréagach ann?

Leis an méid faisnéis atá ar fáil gan stró againn, bíonn sé éasca teacht ar rud ar líne nach bhfuil chomh cruinn ná iontaofa agus ba chóir dó a bheith.

Déantar iniúchadh san fhíseán beochana seo ar shaincheist na faisnéise bréagaí, agus tacaíonn sé leis an acmhainn um Litearthacht ar na Meáin Dhigiteacha sa tSraith Shóisearach darb ainm Connected.

Tuilleadh Tacaíochta agus Comhairle

Tá tacaíocht ar fáil ar Mhol Webwise do Thuismitheoirí lena n‑áirítear agallaimh físeáin le saineolaithe, ábhair chainte faoi thopaicí a d’fhéadfadh a bheith deacair a phlé le do pháiste, treoracha mínithe le haghaidh aipeanna agus teicneolaíochtaí nua, agus go leor eile.

IMG0001
IMG0047

Acmhainní um Litearthacht ar na Meáin do Mhúinteoirí agus do Dhaoine Óga

Cé gur féidir a rá go bhfuil tuiscint ag an aos óg ar na meáin ‘ó dhúchas’, tá sé tábhachtach go dtacaítear leo chun na scileanna um litearthacht sna meáin a fhorbairt chun páirt shábháilte agus dhearfach a ghlacadh i dteicneolaíocht agus sna meáin, agus chun tuiscint níos mó a fháil ar an ról atá aige sa saol dóibh féin agus don tsochaí trí chéile.

 

Chun aghaidh a thabhairt ar an méid sin, d’fhorbair Webwise raon acmhainní oideachais agus físeán mínithe ina ndéantar iniúchadh ar ábhair maidir le tuiscint ar na meáin dhigiteacha do leibhéal na bunscoile agus na hiar‑bhunscoile. Déantar iniúchadh ar bhuncheisteanna sna hacmhainní seo amhail Folláine ar Líne, Cad is Cóir Dúinn Muinín a Bheith againn as ar Líne; Príobháideachas Fógraíochta ar Líne; Nuacht, Faisnéis agus na Fadhbanna a bhaineann le Faisnéis Bhréagach; Sonraí Móra agus an Geilleagar Sonraí; agus Cearta ar Líne.