Fioscaireacht – Comhairle do Thuismitheoirí

Fioscaireacht – Comhairle do Thuismitheoirí

D’fhonn a chinntiú go mbíonn eispéireas sábháilte agus dearfach ag leanaí ar líne, tá sé tábhachtach go mbeadh tuismitheoirí ar an eolas faoi phríobháideachas agus slándáil ar líne freisin, agus na scileanna a fhorbairt chun na gaistí atá le seachaint a aithint. Is minic anois a bhíonn teachtaireachtaí nó ríomhphoist fioscaireachta ar cheann de na dúshláin is coitianta a bhíonn le sárú ar líne.

Cad is fioscaireacht ann?

Is ionann fioscaireacht agus iarracht á déanamh ag calaoiseoirí rochtain a fháil ar d’fhaisnéis faoi rún amhail sonraí bainc, faisnéis cárta creidmheasa, nó pasfhocail. Má fuair tú ríomhphost riamh ina raibh teachtaireacht phráinneach agus nasc, agus achainí ort síniú isteach i gceann de do chuntais, pasfhocal a athshocrú, nó b’fhéidir go ndúradh leat sa teachtaireacht go raibh duais buaite agat i gcomórtas randamach, má fuair tú teachtaireacht mar sin riamh, rinneadh fioscaireacht ort. Is minic a bhaineann sí leas as braistint phráinne agus d’fhéadfadh sí cur faoi deara do dhaoine rudaí a dhéanamh nach ndéanfaidís dá huireasa. Mar  shampla, le linn éigeandáil Covid19, tháinig méadú ar na hionsaithe fioscaireachta chun iarracht a dhéanamh bob a bhualadh ar úsáideoirí chun sonraí pearsanta a nochtadh, trí chur i gcéill gur eagraíochtaí a bhí ann amhail an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, agus iarracht á déanamh airgead a fháil nó bogearraí a íoslódáil ar ghléasanna daoine eile.

 

Bhí sé níos éasca ríomhphost nó teachtaireacht fioscaireachta a aithint san am a caitheamh de bharr go mbíodh siad scríofa go dona, nó ní bhíodh aon bhaint acu le do shaol, ach tá forbairt tagtha ar theachtaireachtaí fioscaireachta sa chaoi is go bhfuil an chosúlacht orthu go bhfuil siad i bhfad níos dlisteanaí – rud a fhágann go bhfuil sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir cumarsáid mhailíseach agus cumarsáid dhílis.

Is minic a dheartar ríomhphoist fioscaireachta ionas go mbeidh an chosúlacht orthu gur tháinig siad ó eagraíocht nó duine a bhfuil aithne agat air, amhail banc (iarratais bhréige chun faisnéis a nuashonrú) nó soláthraí seirbhíse (iarratais bhréige chun pasfhocail a athrú).

 

Is iondúil go gcuimsítear nasc nó ceangaltán leis na teachtaireachtaí. Trí chliceáil ar na naisc seo d’fhéadfaí thú a thabhairt chuig foirm nó suíomh gréasáin bréige, ina iarrtar ort do shonraí pearsanta a chur ar fáil nó a dheimhniú. D’fhéadfadh an seoltóir cúiseanna éagsúla a úsáid leis an bhfáth a dteastaíonn an fhaisnéise seo, mar shampla iarraidh ort pasfhocal a athshocrú, de bharr go bhfuil cuntas ag dul in éag, nó chun airgead a bhuachan. Chomh maith leis sin, nuair a osclaítear ceangaltáin nó naisc, d’fhéadfaí bogearraí mailíseacha nó víris a íoslódáil de thaisme, rudaí a dhéanfadh dochar do do ríomhaire agus d’fhéadfaidís daoine a chumasú do shonraí a ghoid.

Fioscaireacht spriocdhírithe

Is cineál fioscaireachta í fioscaireacht spriocdhírithe atá níos sofaisticiúla arís, a dhíríonn ar dhuine aonair seachas ar na sluaite daoine ag an am céanna.

 

Úsáid a bhaint as faisnéis phearsanta atá ar fáil fút ar líne, d’fhéadfadh sí an chuma a chur ar ríomhphost nó ar theachtaireacht go bhfuil siad dlisteanach, agus pearsanta duit féin. Ní bhíonn an chosúlacht orthu gur gnáth‑thurscar atá ann, d’fhéadfadh go mbeadh an chosúlacht ar an scéal gur tháinig siad ó dhuine a bhfuil aithne agat orthu, nó ó eagraíocht a bhfuil tú eolach uirthi.

 

Tá sé tábhachtach machnamh a dhéanamh ar an bhfaisnéis phearsanta a chomhroinntear ar líne – mar shampla, d’fhéadfadh go mbeadh go leor faisnéise sna cuntais meáin shóisialta faoi do chaitheamh aimsire agus do suimeanna, faoi na háiteanna a dtéann tú iontu ar saoire, nó faoi na himeachtaí a ndeachaigh tú chucu, is faisnéis í seo is féidir a úsáid ionas go mb’fhéidir nach gceapfaí gur iarracht fioscaireacht spriocdhírithe atá ann

 

Maidir le ríomhphoist fioscaireachta, bíonn an chosúlacht orthu gur tháinig siad ó fhoinsí iontaofa, rud a fhágann go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil an scil ag tuismitheoirí agus ag a bpáistí chun ríomhphoist bhréige a aithint.

Cén chaoi chun cosaint in aghaidh fioscaireachta

Seo roinnt príomhchéimeanna chun cosaint in aghaidh iarrachtaí fioscaireachta.

  •  Ná cliceáil ar naisc agus ná hoscail ceangaltáin i ríomhphoist nó i dteachtaireachtaí ó dhaoine ná eagraíochtaí nach bhfuil tú eolach orthu.

 

  •  Cuimhnigh nach seolfadh eagraíocht a bhfuil dea-theist uirthi nasc chugat chun iarraidh ort sonraí pearsanta na airgeadais a chur isteach.

 

  •  Seachain na hearráidí litrithe agus gramadúla.

 

  •  Seiceáil seoladh ríomhphoist an tseoltóra. An mar a chéile an seoladh seo agus an seoladh a d’fheicfeá ón duine nó eagraíocht seo de ghnáth?

 

  •  Cuir an cheist ort féin ‘an raibh mé ag súil leis an teachtaireacht seo’ agus bí ar an airdeall faoi chumarsáid gan choinne nó neamhghnách. Ar seoladh an teachtaireacht seo chugat go díreach, nó an bhfuil an réamhrá cineálach? D’fhéadfadh sé sin tabhairt le fios gur seoladh an teachtaireacht seo chuig go leor daoine, agus ní chugat amháin.

 

  •  Bí thar a bheith cúramach má bhíonn an chosúlacht ar theachtaireacht go bhfuil sí rómhaith le bheith fíor nó má bhíonn sí do do mholadh rud éigin a dhéanamh ar an bpointe boise.

 

  • Bí ciallmhar agus tú ag freagairt ríomhphost. Má bhíonn rud ar bith amhrasach faoi ríomhphost, déan teagmháil leis an ngnóthas nó eagraíocht ábhartha ach úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála ar an suíomh gréasáin oifigiúil. Má bhíonn an chosúlacht air gur tháinig sé ó dhuine a bhfuil aithne agat air, ach go bhfuil cuma amhrais air, déan teagmháil leis an duine ar bhealach eile lena chinntiú go bhfuil sé bailí.

 

  • Úsáid scagaire chun cosc a chur ar theachtaireachtaí turscair teacht chomh fada leat.

An chomhairle le tabhairt do pháistí

Maidir le scéiméireacht a aithint, coinnigh an chumarsáid oscailte agus soiléir le do pháistí. 

Tabhair spreagadh dóibh labhairt leat faoi aon teachtaireacht nó mír aníos amhrasach a fhaigheann siad, agus déan plé ar na céimeanna is féidir leo a thógáil chun ábhar a aithint ar baol fioscaireachta é.

Naisc úsáideacha