Mínithe: Cad is Messenger ann?

Mínithe: Cad is Messenger ann?

alt-3

Aip teachtaireachta atá SAOR IN AISCE ar ghléasanna póca is ea Messenger, agus úsáidtear é le haghaidh teachtaireachtaí meandracha, chun grianghraif, físeáin agus taifeadtaí fuaime a chomhroinnt, agus le haghaidh comhráite grúpa. Is féidir an aip a íoslódáil saor in aisce, agus is féidir é a úsáid chun teagmháil a dhéanamh le cairde leat ar Facebook agus leis na teagmhálaithe atá ar an bhfón agat.

An ionann Messenger agus Facebook?

Is aip ar leith é Messenger. Mar sin féin, is féidir próifíl an úsáideora a chruthú lena chuntas Facebook nó lena uimhir fóin.

Cad iad na príomhfheidhmeanna?

  • Teachtaireachtaí meandracha a chur
  • Grianghraif/físeáin a chomhroinnt
  • Comhráite grúpa – is féidir le húsáideoirí comhrá a dhéanamh lena gcairde ar Facebook agus lena dteagmhálaithe fóin phóca
  • Teachtaireachtaí gutha a thaifeadadh
  • Físchomhrá beo

An bhfuil aoisteorainn i gceist?

Amhail Facebook, ba cheart go mbeadh úsáideoirí 13 bliana d’aois nó níos sine chun an aip a íoslódáil.

Cén fáth a dtaitníonn Messenger le daoine óga?

  • Tá sé saor in aisce lena íoslódáil
  • Is féidir teagmháil a dhéanamh le cairde ar Facebook agus le daoine ar an bhfón póca
  • Tá sé an-fhurasta é a úsáid
  • Is féidir greamáin dhaite spraíúla a chur chuig cairde
Feidhm teachtaireachtaí a bhfuil an-tóir uirthi i measc lucht úsáide óg Messenger is ea na greamáin.

Feidhm teachtaireachtaí a bhfuil an-tóir uirthi i measc lucht úsáide óg Messenger is ea iad na greamáin.

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Ní gá d’úsáideoirí ach an aip a íoslódáil chuig an bhfón/táibléad acu, agus is féidir é a úsáid ar ríomhaire deisce freisin. Bíonn an rogha ag úsáideoirí Messenger a chumrú lena gcuntas Facebook nó lena n-uimhir fóin (cosúil le Whatsapp, Viber, ooVoo, etc.) Má roghnaíonn tú cuntas a chumrú le do phróifíl Facebook, úsáideann Messenger faisnéis ó do phróifíl Facebook chun do phróifíl Messenger a chumrú. Bíonn liosta cairde, pictiúr próifíle, etc., san áireamh leis an bhfaisnéis sin. Bíonn sé de chumas freisin ag an aip eolas a shioncronú leis an liosta teagmhálaithe ar an bhfón, mar aon le ceangal le liosta cairde reatha an úsáideora ar Facebook.

An bhfuil aon bhaol ann?

Amhail aipeanna teachtaireachtaí eile, bíonn baol áirithe ann agus tá roinnt rudaí ar cheart bheith ag faire amach dóibh. I measc na gcineálacha baoil is coitianta, áirítear an chibearbhulaíocht, ábhar míchuí a fheiceáil nó a chomhroinnt, agus comhrá a dhéanamh le strainséirí. Chun na fadhbanna sin a sheachaint, baineann na rialacha céanna le gach idirghníomhaíocht ar líne do dhaoine óga, is iad sin: ná comhroinn sonraí ach amháin le daoine a bhfuil muinín agat astu san fhíorshaol, smaoinigh sula gcliceálann tú, agus tabhair tuairisc do dhuine fásta a bhfuil muinín agat as faoi aon sonraí nó teachtaireachtaí míchuí. Mar sin féin, bíonn cineálacha baoil eile ag baint go sonrach le Messenger agus ba chóir go mbeadh tuismitheoirí ar an eolas fúthu:

Seirbhísí Suímh

alt-2

Cuireann Messenger ar chumas úsáideoirí a suíomh a sheoladh chuig úsáideoirí eile i dteachtaireacht. Déantar é sin le teicneolaíocht GPS atá ar fáil ar fhormhór na ngléasanna sa lá atá inniu ann. B’fhéidir gur mhaith le tuismitheoirí seirbhísí suímh a dhíchumasú ar ghléas a bpáiste chun aon bhaol féideartha a sheachaint. Ar fhormhór na ngléasanna, is féidir seirbhísí suímh a aimsiú sna socruithe fóin. Ní gá ach an rogha a bhaineann le rochtain ar an suíomh a dhíchumasú.

Conas socruithe suímh a dhíchumasú ar Android

Conas socruithe suímh a dhíchumasú ar Android?

I gcás ghléasanna Apple, feic: support.apple.com/en-us

 

Socruithe Príobháideachais Facebook

Nuair a chumraítear Messenger le cuntas Facebook, is féidir leis an aip sioncronú leis an liosta teagmhálaithe ar an bhfón, anuas ar chairde Facebook. Má bhíonn imní ort fúthu siúd atá ar liosta teagmhálaithe do pháiste nó más fearr leat do pháiste a theorannú do na cairde Facebook amháin, is féidir é sin a dhéanamh ach an sioncronú le teagmhálaithe a scipeáil agus an aip á híoslódáil, nó é a mhúchadh faoi na socruithe. Téigh chuig socruithe > People > Turn Synced Contacts off.

Socrú príobháideachais eile ar cheart do thuismitheoirí bheith ar an eolas faoi is ea ‘Cé na daoine atá in ann teagmháil a dhéanamh liom?’. Tá an socrú seo de chuid Facebook réamhshocraithe mar bhunscagadh (‘Basic Filtering’) – rud a chiallaíonn gur féidir le cairde agus le daoine ar a mbeadh aithne agat dul i dteagmháil leat ar Facebook agus ar Messenger. Chun an baol a laghdú go rachadh daoine nach mbeadh aithne ag do pháiste orthu i dteagmhaí leis, moltar an socrú seo a athrú go dianscagadh (ní féidir ach le cairde teachtaireachtaí a sheoladh chuig an gcuntas). Níl sé sin i gceist ach amháin sa chás gur chumraigh úsáideoir cuntas Messenger le Facebook. Chun teorainn a chur leis na daoine ar féidir leo dul i dteagmháil le do pháiste:

Téigh chuig socruithe > roghnaigh Privacy > téigh chuig ‘Whose messages do I want filtered into my Inbox?’ (is féidir teacht air sin sa rannóg ‘Cé na daoine atá in ann teagmháil a dhéanamh liom?’) > athraigh ó ‘Basic Filtering’ go ‘Strict Filtering’.

2

 

fb3

 

 

Naisc úsáideacha

Socruithe Príobháideachais Facebook Messenger: facebook.com/help/messenger-app/

Faisnéis Facebook Messenger maidir le cúrsaí sábháilteachta: facebook.com/help