Mínitheoir: Cad is Yik Yak ann?

Mínitheoir: Cad is Yik Yak ann?

cad is Yik Yak ann?

Cad is Yik Yak ann? Rinne TechCrunch cur síos ar Yik Yak mar “leagan hipearlogánta gan ainm de Twitter”. Seirbhís atá ann a ligeann duit breathnú ar fhotha beo dá bhfuil á rá ag daoine mórthimpeall ort. Is é an difear idir Yik Yak agus aipeanna teachtaireachta eile gan ainm ná go bhfuil sé bunaithe ar láthair. Tá meascán den teicneolaíocht GPS agus teachtaireachta meandraí i gceist leis an aip a chuireann úsáideoirí ar an eolas faoina bhfuil á rá ag daoine mórthimpeall orthu, laistigh de raon 10 míle, agus a ligeann dóibh an nuacht sin a roinnt. Dá bharr sin, tá an-tóir ar an aip anois mar fhoinse nuachta agus cúlchainte i gcoláistí agus in ollscoileanna.

Is féidir an aip Yik Yak a íoslódáil saor in aisce le haghaidh fóin chliste agus táibléid iOS agus Android araon.

Borradh faoi Yik Yak

Ba iad na mic léinn ollscoile Tyler Droll agus Brooks Buffington a bhunaigh Yik Yak agus a sheol i mí na Samhna 2013 é. Tháinig borradh faoi úsáid na haipe nuair a thosaigh mic léinn á roinnt i measc cairde nua ar casadh orthu iad le linn laethanta saoire an earraigh. Bhí an aip ar fáil in 200 coláiste laistigh de sheacht mhí. $350 milliún an luach a bhí ar an gcuideachta Yik Yak i mí na Nollag 2014. Is aip mhór-éilimh í ar fud na Stát Aontaithe anois agus tá spéis á múscailt inti thar sáile freisin.

Yik Yak a Úsáid

Chun Yik Yak a úsáid is gá fón cliste nó táibléad oiriúnach de chuid Apple nó Android a bheith agat agus nasc leis an Idirlíon. Féadfaidh tú tosú ag léamh agus ag postáil teachtaireachtaí ‘Yak’ a luaithe is a bheidh an aip íoslódáilte agat, nach mór. Níl aon phróiseas clárúcháin ann ós cumarsáid gan ainm atá i gceist leis an aip. Ní féidir ainmneacha úsáideora a roghnú; ní bhíonn a leithéid ar Yik Yak! Chun teachtaireacht Yak a phostáil, níl le déanamh ag úsáideoir ach deilbhín an phinn ar bharr an scáileáin agus ar dheis a bhualadh agus teachtaireacht Yak nach faide ná 200 carachtar a scríobh. Is féidir le húsáideoirí a dteachtaireachtaí Yak a shíniú más maith leo.

Faoin gcluaisín baile, féadfaidh úsáideoirí breathnú ar na teachtaireachtaí Yak is úire agus is mó tóir laistigh de raon 10 míle ón áit a bhfuil siad. Tá saigheada aníos agus anuas ann ar féidir le húsáideoirí a bhualadh chun a shocrú cé na teachtaireachtaí a bheidh ar an liosta mór-éilimh. Má chliceálann úsáideoirí ar theachtaireacht Yak, feicfidh siad cén áit ar seoladh í agus beidh siad in ann teachtaireachtaí maslacha nó ionracha a thuairisciú. Is féidir teachtaireachtaí mór-éilimh Yak a roinnt le cairde ar líonraí sóisialta eile freisin.

Gnéithe Yik Yak

  • Neamhainmníocht: Ar Yik Yak, is féidir leat do thuairimí a chur in iúl gan d’aithne a ligean.
  • Gliúc: Is féidir “gliúc” a thabhairt ar a bhfuil á rá in áiteanna éagsúla. Leis an ngné sin, gheobhaidh tú spléachadh ar an gcaoi a bhfuil imeacht áirithe, amhail ceolchoirm nó cluiche spóirt, ag dul i bhfeidhm ar dhaoine. Cé go mbeidh tú in ann teachtaireachtaí ó áiteanna éagsúla a léamh, ní bheidh tú ábalta teachtaireacht Yak a scríobh nó a thuairisciú, nó vóta a chaitheamh uirthi, ach i do cheantar áitiúil féin.
  • Vótáil: Is féidir leat vóta aníos a thabhairt do na teachtaireachtaí Yak is ansa leat agus vóta anuas dóibh siúd nach dtaitníonn leat. Taispeántar sa sruth mór-éilimh na teachtaireachtaí Yak sin a fhaigheann an líon is mó vótaí aníos. Má fhaigheann teachtaireacht Yak an scór -5, tar éis a vótála anuas, bainfear den fhotha beo í go huathoibríoch.
  • Yakarma: Tugtar pointí Yakarma mar dhuais dóibh siúd is minice a úsáideann Yik Yak nó a scríobhann na teachtaireachtaí Yak is mó éileamh. Tá an chluichíocht ag baint le húsáid na haipe mar sin. Ar bharr an scáileáin agus ar chlé a thaispeántar do scór Yakarma.
  • Trácht a Fhágáil:  Is féidir leat trácht a fhágáil ar theachtaireachtaí Yak. Tráchtanna gan ainm atá ann, ach sanntar deilbhíní d’úsáideoirí go randamach.
  • Geo-fhálú: Sa chaoi nach mbainfidh úsáideoirí faoi aois úsáid as an aip agus iad ar scoil, is féidir le meánscoileanna a iarraidh go ndéanfar geo-fhálú ar an scoil.
cad is Yik Yak ann?

Caith vóta ar theachtaireachtaí Yak chun a shocrú cé acu a bheidh ar an liosta mór-éilimh agus cé acu a bhainfear

cad is Yik Yak ann?

Tabhair “gliúc” ar áiteanna eile le féachaint ar a bhfuil le rá ag daoine ann

 

Téarmaí agus coinníollacha agus an príobháideachas ar Yik Yak

Sainítear i dtéarmaí agus coinníollacha Yik Yak gur chóir go mbeadh úsáideoirí  18 mbliana d’aois ar a laghad chun an tseirbhís a úsáid. Ligtear d’úsáideoirí atá 17 mbliana d’aois an tseirbhís a úsáid ach ní mór dóibh cead a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí a fháil lena aghaidh.

Ós rud é gur ceann de mhórghnéithe díolacháin Yik Yak é gur seirbhís gan ainm é, ní bhailítear ainmneacha úsáideoirí ná seoltaí ríomhphoist ná eolas príobháideach eile. Mar sin féin, coinníonn sé taifead ar gheo-shuíomh agus ar úsáid aipe an úsáideora. Cé go seoltar teachtaireachtaí Yak gan ainm, tá eolas iontu faoin áit a bhfuil an t-úsáideoir. Cuireann Yik Yak ar chumas úsáideoirí teachtaireachtaí Yak a roinnt ar sheirbhísí líonraithe shóisialta eile, ach ní dhéanann sé nasc idir an cuntas Yik Yak agus an cuntas meán sóisialta.