Mínitheoir: Céard é Tagged.com?

Mínitheoir: Céard é Tagged.com?

alt1

B’fhéidir gur chuala tú trácht ar an líonra sóisialta atá i mbéal an phobail le déanaí. Seirbhís geandála atá saor in aisce is ea Tagged.com ar ar féidir le húsáideoirí bualadh le daoine nua agus labhairt leo ar líne.

 

Cuireadh an tseirbhís ar bun i dtosach d’úsáideoirí faoi bhun 18 mbliana d’aois, agus bhí tóir ar an suíomh i measc déagóirí chun casadh le daoine nua. Mar sin féin, cáineadh an suíomh agus tuairiscíodh go raibh ábhar mí-oiriúnach ann, agus sonraítear anois i dtéarmaí na seirbhíse gur gá d’úsáideoirí bheith os cionn 18 mbliana d’aois chun clárú leis an suíomh, le héifeacht ó Fheabhra 2014.

Coinníodh úsáideoirí na seirbhíse a bhí níos óige ná 18 mbliana scartha amach ó úsáideoirí níos sine, faoi mar a dhéantar i gcás Tinder for Teens. Anuas air sin, níorbh fhéidir le húsáideoirí os cionn 16 mbliana d’aois féachaint ar úsáideoirí 13-14 bliana d’aois. Mar sin féin, ní mór do gach úsáideoir bheith os cionn 18 mbliana d’aois anois.

Conas próifíl a chruthú?

Is féidir le húsáideoirí clárú lena gcuntas Facebook nó Google nó ar ríomhphost. Má úsáideann tú Facebook le clárú, úsáidfidh an tseirbhís  an dáta breithe ó do chuntas Facebook chun d’aois a fhíorú. Mar sin féin, má chláraíonn tú ar ríomhphost, ní gá duit ach do dháta breithe a chur isteach, rud a fhágann go mbíonn sé éasca do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois cuntas a oscailt.

 

Cén fáth a bhfuil tóir air?

Taitníonn Tagged.com  le húsáideoirí mar is líonra sóisialta saor in aisce é atá furasta le húsáid agus a chuireann ar chumas úsáideoirí bualadh le daoine nua agus labhairt leo ar líne. Bíonn tóir freisin ar na cluichí, lena n-áirítear ‘Peataí’ i  measc na gcluichí. De réir Tagged.com: “Gné uathúil is ea an cluiche ‘Peataí’ a chuireann ar do chumas baill eile a ‘choimeád’, a ‘cheannach’ agus a ‘dhíol’ mar a bheadh foireann fantaisíochta ann. Is féidir leat dul in iomaíocht le do chairde ar fad féachaint cé atá in ann an luach is airde a bhaint amach, nó díreach peataí a cheannach is a dhíol de réir mar a chasann tú le daoine cúláilte eile sa chluiche!” Tabhair faoi deara gur féidir gnéithe eile a cheannach laistigh den aip féin freisin, is féidir le húsáideoirí  airgeadra aipe a cheannach le haghaidh cluichí, agus feidhmiúlacht bhreise a ghnóthú laistigh den aip – mar shampla, féachaint ar cé a d’amharc ar do phróifíl.

 

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Cruthaíonn úsáideoirí próifílí faoi mar a dhéanann siad ar sheirbhísí meán sóisialta eile,  lena seoladh ríomhphoist, a gcuntas Facebook nó a gcuntas Google. Nuair a bheidh próifíl cruthaithe agat, is féidir grianghraif a chur leis, físeáin a chomhroinnt, cairde a dhéanamh, agus dul isteach i ngrúpaí.

 

Cairde nua a dhéanamh

Bíonn sé an-éasca cairde nua a dhéanamh ar an suíomh féin. Tá feidhm bhrabhsála ann freisin a chuireann ar do chumas comhrá a dhéanamh le húsáideoirí eile, fiú murar cairde sibh. Ní gá d’úsáideoirí ach cliceáil ar an gcnaipe ‘seol teachtaireacht’ chun teagmháil a dhéanamh le húsáideoirí eile.  Amhail aipeanna/seirbhísí geandála eile, cuireann Tagged.com ar do chumas bualadh le daoine nua de réir aoise, suímh, spéise agus tuilleadh.

Anuas ar na feidhmeanna comhrá sin, tá rannóg ‘Buail liom’ ar an suíomh freisin, agus tá sé an-chosúil leis an aip geandála ar líne, Tinder. Is féidir le húsáideoirí fliceáil trí mheaitseanna féideartha, amharc ar phróifílí, agus ‘is maith liom’ a bhreacadh le próifílí. Má chuireann úsáideoir ‘is maith liom’ le do phróifíl freisin, cuirtear in iúl duit go bhfuil meaits ann.

 

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

Amhail gach láithreán líonraithe shóisialta eile, tá rioscaí ann ar ceart d’úsáideoirí bheith ar an eolas fúthu.

 

Socruithe Príobháideachais

Nuair a osclaíonn úsáideoir cuntas ar Tagged.com, bíonn na socruithe príobháideachais poiblí de réir réamhshocraithe. Ciallaíonn sé sin gur féidir le haon úsáideoir eile féachaint ar an bhfaisnéis ar fad a chuirtear ar fáil i do phróifíl phoiblí. Anuas air sin, is féidir le haon úsáideoir eile teachtaireacht a chur chugat nó dul i dteagmháil leat. Is ceart d’úsáideoirí féachaint ar na socruithe príobháideachais i gcónaí agus cuntas nua á oscailt ar líonra sóisialta.

B’fhéidir gur mhaith le húsáideoirí smaoineamh ar na socruithe a athrú chuig rogha cairde amháin chun cabhrú le srian a chur le teagmháil nach bhfuil uathu.Fiú má chláraíonn tú ó do chuntas Facebook agus go bhfuil rogha cairde amháin socraithe agat ar an gcuntas sin, is ceart d’úsáideoirí bheith ar an eolas freisin nach gciallaíonn sé sin go mbeidh do chuntas ar Tagged.com príobháideach. Nuashonraigh do shocruithe príobháideachais i socruithe cuntais Tagged.com. Féach an suíomh seo chun tuilleadh faisnéise a fháil ar chúrsaí príobháideachais: tagged.com/terms_of_service.

socruithe príobháideachais

Foghlaithe ar líne

Tá príomhghnéithe Tagged.com dírithe ar bhualadh le daoine eile agus comhrá a dhéanamh leo. Is ceart d’úsáideoirí bheith cúramach faoi na daoine eile lena labhraíonn siad. I gcás seomra comhrá nó líonra sóisialta ar bith, is ceart d’úsáideoirí bheith ar an eolas nach mar a shíltear a bhítear i gcónaí – bíonn a n-aitheantas á cheilt ag úsáideoirí áirithe. Tá an suíomh luaite i roinnt cásanna lena mbaineann foghlaithe ar líne agus daoine faoi aois, sna Stáit Aontaithe agus, le déanaí, in Éirinn.

 

Ábhar Míchuí

Bíonn ábhar míchuí le feiceáil ó am go chéile ar an suíomh líonraithe shóisialta. Arís eile, is ceart d’úsáideoirí bheith cúramach faoi na daoine lena labhraíonn siad,  agus is ceart dóibh a chinntiú go bhfuil siad ar a gcompord leis na socruithe príobháideachais agus leis na téarmaí úsáide roimh an tseirbhís a úsáid.

 

Céard ba cheart dom a dhéanamh má tá duine de mo dhéagóirí ar Tagged.com?

Is le haghaidh daoine atá níos sine ná 18 mbliana d’aois Tagged.com. Ní mholaimid an suíomh seo do dhéagóirí ná d’aon duine faoi 18 mbliana d’aois. Má tá imní ort, fiafraigh de do leanbh an bhfuil sé/sí  cláraithe  leis an suíomh.

 

Conas cuntas Tagged.com a scriosadh

CÉIM 1: Téigh chuig na Socruithe faoi Chuntas

alt3

 

CÉIM 2: Cliceáil ar ‘cealaigh do chuntas Tagged’ faoi na socruithe ginearálta.

alt2

 

CÉIM 3: Cliceáil ar ‘is mian liom mo chuntas Tagged a chealú’.

alt4

 

Chun faisnéis bhreise a fháil ar conas cuntas tagged.com a scriosadh nó a dhíghníomhachtú, féach: tagged.com/How-to-Delete-My-Account