Míniúchán – cad is Tik Tok ann?

musical.ly

Míniúchán – cad is Tik Tok ann?

barra sleamhnáin

Ardán meán sóisialta is ea Tik Tik chun físeáin ghairide cheoil a chruthú, a roinnt agus a aimsiú, cosúil le cáirióice don ré dhigiteach! Baineann daoine úsáid as musical.ly mar bhealach chun iad féin a chur in iúl trí amhránaíocht, damhsa, greann agus beolbheachtú. Leis an aip is féidir le húsáideoirí físeáin a chruthú a thaifeadtar i 15 shoicind nó níos lú agus iad a roinnt le pobal musical.ly.

An bhfuil aon srianta aoise ann?

Is cosúil go bhfuil mearbhall éigin ann faoi aois íosta na n-úsáideoirí. Sna téarmaí ar shuíomh musical.ly faoi láthair sonraítear:

Cáilitheacht. NÍL CEAD AG DAOINE FAOI BHUN 13 BLIANA D’AOIS NÁ ÚSÁIDEOIRÍ A CHUIR MUSICAL.LY AR FIONRAÍ ÓN TSEIRBHÍS NÓ A BHAIN SIAD DEN TSEIRBHÍS ROIMHE SEO AN TSEIRBHÍS A ÚSÁID. MÁ TÁ TÚ FAOI BHUN 13 BLIANA D’AOIS, NÍL CEAD AGAT AN TSEIRBHÍS A ÚSÁID NÁ A ROCHTAIN TRÁTH AR BITH NÁ AR BHEALACH AR BITH. Lena chois sin, tríd an tSeirbhís a úsáid, tá sé á dhearbhú agat go bhfuil tú 18 mbliana d’aois ar a laghad.

(TABHAIR FAOI DEARA: Rinneamar teagmháil leis an aip chun dearbhú a fháil faoin aois íosta.)

Conas cuntas a chruthú?

Is féidir le húsáideoirí, nó ‘musers’ mar a thugtar orthu corruair, clárú ag baint úsáid as a gcuntais Facebook, Twitter nó ríomhphoist.

Cén fáth a dtaitníonn sé le déagóirí?

Aip shultmhar is ea musical.ly lenar féidir le déagóirí físeáin a chruthú agus a roinnt lena gcairde.

Ó thús ré na meán sóisialta i leith (go háirithe ar YouTube) tá físeáin bheolbheachtaithe ina bhfoirm d’ábhar arna ghiniúint ag úsáideoirí a bhfuil an-tóir air i measc déagóirí. Chuidigh tóir na seónna teilifíse ar nós Lip Sync Battle le suim sa chineál seo ardáin a chur ar aghaidh chomh maith.

Baineann déagóirí sult chomh maith as bheith ag iomaíocht sna dúshláin éagsúla ar féidir dul isteach iontu trí na haischlibeanna a bhíonn ag treochtáil ar an aip. Tá pobal óg úsáideoirí an-tiomanta ag an aip. Do chuid mhaith de na húsáideoirí sin, is tosaíochtaí tábhachtacha iad ‘is maith liom’ agus leantóirí a fháil agus a bhfíseáin a bheith ar taispeántas ar an aip.  Cuid mhór den dóigh a gcaitheann déagóirí a n-am ar líne anois is ea a n-ábhar féin a chruthú agus a roinnt. In áit a bheith ina mbreathnóirí ar líne tá déagóirí anois ina gcruthaitheoirí ábhair ar líne. Is féidir leis an aip seo a bheith ina bealach an-chruthaitheach, an-spraíúil do dhéagóirí chun iad féin a chur in iúl agus a n-ábhar sóisialta féin a chruthú.

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Cosúil le formhór na n-aipeanna agus líonraí sóisialta eile, is féidir le húsáideoirí úsáideoirí eile a leanúint, ‘is maith liom’ a thabhairt agus tráchtanna a dhéanamh faoi fhíseáin daoine eile. Is féidir le húsáideoirí an t-amhrán is mian leo a úsáid ina bhfíseán a roghnú ar dtús, ansin iad féin a thaifead ag mímeáil an amhráin. Mar mhalairt air sin is féidir le húsáideoirí a bhfíseán a thaifeadadh ar dtús agus amhrán a roghnú ansin. Tá a lán bealaí san aip chun tuilleadh spraoi a chur le físeáin úsáideoirí, mar shampla tá roghanna ann é a thaifead i slómó, in aga-dheighilte, go gasta, etc. Nuair a bheidh úsáideoirí sásta lena bhfíseán, is féidir leo é a phostáil chuig a leantóirí agus é a roinnt ar líonraí sóisialta eile, mar shampla: Messenger, Vine, WhatsApp, etc.

Leis na huirlisí cuardaigh is féidir le húsáideoirí féachaint ar fhíseáin eile. Is féidir le húsáideoirí féachaint ar ábhar faoi na haischlibeanna atá ag treochtáil freisin agus físeáin a chur isteach ag baint úsáid as na haischlibeanna sin (cosúil leis an dóigh a n-oibríonn Instagram). Úsáidtear na haischlibeanna freisin chun físeáin a chur isteach do dhúshláin – mar shampla; #Lipsncychallenge, #Comedychallenge, etc.

An féidir liom cuntas príobháideach a bheith agam ar musical.ly?

Mar réamhshocrú tá gach cuntas musical.ly ina gcuntais phoiblí. Cuimhnigh ar do chuntas a shocrú mar chuntas príobháideach/do chairde amháin. Téigh chuig do phróifíl ag baint úsáid as an íocón cinn sa choirnéal íochtair ar chlé agus tapáil ar an ngiar-íocón sa choirnéal uachtair ar dheis. Roghnaigh “settings” agus scrolláil síos go dtí an fheidhm “private account”. Le cuntas príobháideach ní bheidh ach úsáideoirí ceadaithe amháin ábalta d’fhíseáin a fheiceáil, ach beidh do phróifíl fós poiblí.

musical.ly musical.ly

An féidir liom úsáideoir a bhlocáil?

Chun úsáideoir a bhlocáil, téigh chuig a bpróifíl, brúigh ar an “…” sa choirnéal uachtair ar dheis, agus roghnaigh “block this user.” Is féidir leat úsáideoir a dhíbhlocáil ar an roghchlár céanna.

Is féidir le húsáideoirí ábhar míchuí a mharcáil chomh maith. Chun musical.ly a thuairisciú brúigh ar an gcnaipe ar a bhfuil trí phonc agus cliceáil “report abuse.”

Cad iad na rioscaí féideartha?

D’fhéadfadh go gcloisfeadh úsáideoirí caint mhaslach nó go bhfeicfidís ábhar de chineál gnéasach.

Is féidir le húsáideoirí tráchtanna a dhéanamh ar fhíseáin eile, agus fágann sé sin go bhféadfadh bulaíocht ar líne tarlú nó go dtabharfaí tráchtanna diúltacha. Is cosúil go gcuireann an aip tráchtanna dearfacha chun cinn agus spreagann sí úsáideoirí le ‘rud éigin deas a rá’. Mar sin féin má thagann tú ar thrácht míchuí ar bith tá an rogha ann mí-úsáid a thuairisciú.

Lmusical.lye rud ar bith a roinntear ar líne, molfaimis duit eolas a fháil ar an dóigh a n-oibríonn an aip, do shocruithe príobháideachais a sheiceáil agus ‘Tabhair aird ar Mhamó’ i gcónaí!

Mar réamhshocrú bíonn an ghné “hide location info” múchta, rud a chiallaíonn go roinneann úsáideoirí a suíomh nuair a phostálann siad físeán. Molaimid an rogha sin a dhíchumasú.

Ba cheart go mbeadh a fhios ag úsáideoirí nach bhfuil rogha ar bith ann faoi láthair le do chuntas a scriosadh. Tá musical.ly ag oibriú ar an ngné sin a chur leis.

Cosúil leis na haipeanna agus na líonraí sóisialta ar fad, tá treoirlínte pobail ag musical.ly. Má tá an aip á húsáid ag do leanbh, molaimid duit a dtreoirlínte a léamh anseo: musicallyapp.tumblr.com/community