Snapchat: An scriosann snapanna iad féin i ndáiríre?

Snapchat: An scriosann snapanna iad féin i ndáiríre?

SnapchatImage

Is é bunphrionsabal Snapchat é gur féidir téacs nó fotheidil a chur le híomhánna nó le físeáin a chruthaítear ar fhón póca nó ar tháibléad.

Is féidir na snapanna sin a sheoladh chuig cara nach mbeidh ach tréimhse ghearr ama aige nó aici breathnú ar an snap. Scriosann an snap é féin ina dhiaidh sin agus ní féidir é a fháil ar ais.

Níl ach deich soicind ar a mhéad agat breathnú ar an snap, ach is féidir (cé gur deacair é) seat den scáileán a ghlacadh ach an fón a ionramháil le trí mhéar amhail is gur braiteoga ochtapais iad.

Nuair a ghlactar seat den scáileán, cuirtear sin in iúl don duine a sheol an snap le fógra ar an bpríomhscáileán Snapchat (mar a fheictear sa bhosca dearg san íomhá ar dheis).

Ach an n-imíonn snapanna as radharc i ndáiríre?

Tá aipeanna saor in aisce ann a ligeann duit teacht ar shnapanna agus iad a oscailt agus a stóráil i rolla an cheamara nó sa ghailearaí ar d’fhón póca i ngan fhios don seoltóir.

Is féidir íomhánna stóráilte a íoslódáil agus a choinneáil sábháilte gan téarma nó a roinnt ar mheáin shóisialta ar nós aon phictiúir eile.

Tá na haipeanna sin le fáil saor in aisce i siopaí aipeanna agus tuigtear as an gcur síos ar cheann díobh in iTunes go bhfuil an-tóir orthu: “I measc an 100 aip ghrianghraf is mó éileamh i mbreis agus 40 tír! Cuireann sé ar do chumas do chuid grianghraf agus físeán Snapchat ar fad a shábháil agus a choinneáil go brách.”

Céard iad na himpleachtaí sábháilteachta atá aige sin do dhaoine óga a bhíonn ag snapadh?

B’fhéidir go gceapfá nach rud mór é bheith in ann grianghraif agus físeáin a choinneáil go brách, ach d’fhéadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ag gabháil leis nuair is dóigh leis an seoltóir go scriosfaidh an íomhá í féin.

Is féidir go dtiocfaidh sé aniar aduaidh ar dhaoine nuair a thuigeann siad gur féidir go bhfuil na grianghraif phríobháideacha a sheol siad á roinnt anois leis an saol mór.

D’fhéadfadh sé a bheith an-deacair ábhar a bhaint den Idirlíon tar éis a roinnte ann.

Os a choinne sin, más rud é go bhfuil daoine óga i ngreim ag an mbulaíocht ar Snapchat tá rogha anois acu cóip de na teachtaireachtaí ionsaitheacha sin a choimeád.

Sin an chéad rud atá le déanamh i gcásanna cibearbhulaíochta – cóip de na teachtaireachtaí a choimeád. Cuimhnigh ar an gcomhairle seo thíos chun déileáil leis an mbulaíocht.

  • Ná freagair
  • Coimeád an teachtaireacht
  • Cuir bac ar an seoltóir
  • Abair é le duine a bhfuil muinín agat as