Suirbhé Lá na Sábháilteachta Idirlín 2012

Suirbhé Lá na Sábháilteachta Idirlín 2012

Suirbhé Lá na Sábháilteachta Idirlín ar Dhearcthaí Tuismitheoirí

[gview file=”http://webwise.nevada.ie/wp-content/uploads/2014/06/NPCSurveyNarrative.pdf”]

De réir staidéar nua ar dhearcthaí tuismitheoirí i dtaobh na húsáide a bhaineann a bpáistí as an Idirlíon, creideann 86% de thuismitheoirí in Éirinn gur cuid thábhachtach d’oideachas a bpáistí í úsáid an Idirlín.

Ba iad an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse agus an Lárionad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas a rinne an suirbhé agus fógraíodh na torthaí inniu mar cheiliúradh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2012, ar cuid d’fheachtas domhanda é chun Idirlíon níos sábháilte a chur chun cinn don uile úsáideoir, go háirithe an t-aos óg.

Fuarthas na torthaí seo a leanas ón suirbhé:

•    Is é an t-ábhar is mó imní do thuismitheoirí (83%) go bhfeicfidh a bpáistí ábhar neamhoiriúnach ar an Idirlíon
•    Creideann 86% díobh nach bhfuil sé ceart go leor do pháiste atá 11 bhliain d’aois Facebook a úsáid gan cead a dtuismitheoirí
•    Déanann 55% de thuismitheoirí seiceáil rialta ar a ndéanann a bpáistí ar líne trí bheith ag féachaint ar chomhaid staire an bhrabhsálaí, ar ríomhphoist  agus ar thaifid eile. Bíonn sé sin á dhéanamh ag 74% de thuismitheoirí a bhfuil déagóirí acu
•    Creideann 86% de thuismitheoirí in Éirinn gur cuid thábhachtach d’oideachas a bpáistí í úsáid an Idirlín.
•    Braitheann siad freisin gur mó an baol a bhaineann leis an Idirlíon ná an tairbhe (31%:35%). Bhí an tuairim sin níos treise i measc tuismitheoirí a bhfuil páistí óga acu (níos óige ná 9 mbliana d’aois), óir chreid 46% acu siúd gur mó an baol ná an tairbhe agus níor chreid ach 30% a mhalairt.
•    Bhí an líon tuismitheoirí a dúirt go bhféadfaidís brath ar a bpáistí an tIdirlíon a úsáid go sábháilte agus tuismitheoirí a dúirt nach bhféadfadh roinnte 50-50 nach mór. Dúirt 51.9% de thuismitheoirí a bhfuil déagóirí acu go bhfuil siad le trust,  dúirt 46.1% díobh a bhfuil réamhdhéagóirí acu an rud céanna, chomh maith le 28.2% díobh a bhfuil páistí faoi bhun 9 mbliana d’aois acu.
•    Ní aontaíonn 74% díobh leis an ráiteas go bhfuil níos mó eolais ag a bpáistí ar an Idirlíon ná mar atá acusan
•    Creideann 86% díobh nach bhfuil sé ceart go leor do pháiste atá 11 bhliain d’aois Facebook a úsáid gan cead a dtuismitheoirí

Ábhar Imní

•    Is é an t-ábhar is mó imní do thuismitheoirí (83%) go bhfeicfidh a bpáistí ábhar neamhoiriúnach ar an Idirlíon
•    Is ábhar imní do 65% díobh sonraí pearsanta a bheith á roinnt le strainséirí
•    Is ábhar imní do 60% díobh ábhar físchluichí a bheith le feiceáil ag a bpáistí
•    Tá imní ar 59% díobh go ndéanfar bulaíocht ar a bpáistí ar líne

Idirghabháil

•    Tá rialacha nó srianta de chineál áirithe maidir le húsáid an Idirlín curtha i bhfeidhm ag beagnach gach tuismitheoir (97%) ar a ndearnadh suirbhé. Is é an beart is coitianta atá i bhfeidhm nach ligtear do pháistí dul ar an Idirlíon ach amháin i spás poiblí sa teach – e.g. sa seomra suite, ní sa seomra codlata
•    Dúirt breis agus dhá thrian (67%) de na tuismitheoirí a ndearnadh suirbhé orthu go bhfuil siad muiníneach as bheith in ann monatóireacht a dhéanamh ar a ndéanann a bpáistí ar líne
•    Cuireann dhá thrian díobh (67.8%) teorainn freisin leis an méid ama a fhéadfaidh a bpáistí a chaitheamh ar líne
•    Easaontaíonn an chuid is mó díobh (67%) leis an ráiteas gur féidir lena bpáistí an tIdirlíon a úsáid go héasca i ngan fhios dóibh
•    Ba dhóchúla i bhfad go mbeadh tuismitheoirí a bhfuil déagóirí acu ag labhairt leo go rialta faoina mbíonn ar siúl acu ar líne (76.6% de thuismitheoirí déagóirí; 62.6% de na tuismitheoirí uile)

 

Tags: