Bí Sábháilte – Treoir Thosaigh do Thuismitheoirí maidir le Cluichíocht ar Líne

Bí Sábháilte – Treoir Thosaigh do Thuismitheoirí maidir le Cluichíocht ar Líne

Cluichíocht ar Líne

Cad is Cluichíocht ar Líne ann?

Tá níos mó éilimh ar chluichíocht ar líne le himeacht aimsire i measc páistí agus déagóirí; d’imir 36% de pháistí na hÉireann cluichí ar líne le daoine eile in 2014, i gcomparáid le 30% in 2011 (Foinse: Net Children Go Mobile – Eanáir 2015).

D’fhéadfadh cluichí éagsúla a bheith i gceist, mar shampla gníomhaíochtaí ina mbíonn tascanna/misin le comhlíonadh, cluichí spóirt agus mórán eile nach iad. Is féidir le cluichí ar líne a bheith ina mbealach iontach chun nascadh le daoine, scileanna obair bhuíne a fhorbairt agus ar ndóigh is foinse siamsaíochta agus chaitheamh aimsire iad do dhaoine óga.

Beidh go leor agaibh eolach ar na formáidí cluichíochta níos traidisiúnta, nuair a cheannaíonn tú cluichí fisiciúla do  chonsóil choitianta, ar nós Xbox, Playstation nó Nintendo. Imrítear cluichí ar líne ar an Idirlíon trí chonsól ríomhaire, gléas soghluaiste nó feidhmchlár. Ní hionann iad agus cluichí níos traidisiúnta mar go bhfuiltear ábalta imirt agus cumarsáid a dhéanamh le cluichirí eile ar líne.

Cad iad na Cineálacha Cluichí ar Líne atá ann?

Is iomaí cineál cluichí ar líne ann. Ina measc sin tá cluichí saor in aisce nó aipeanna is féidir a íoslódáil ar ghutháin phóca agus  cluichí is féidir a imirt ar chonsóil  ag a bhfuil cumas Idirlín, mar shampla Playstation nó Xbox.

Cluichí Gréasáin agus Aipeanna: Cluichí is féidir a imirt ar an Idirlíon trí  shuíomhanna Idirlín ar leith, nó trí aipeanna is féidir a íoslódáil ar ghutháin phóca. I measc na gcluichí sin tá  cluichí a imrítear trí sheirbhísí na meán sóisialta, mar shampla trí Facebook, a ligeann d’imreoirí nascadh le cairde.

Cluichí Consóil: Cluichí a imrítear trí chonsóil siamsaíochta fearacht Xbox, Playstation nó Nintendo. Ceanglaítear consóil  le teilifísí agus is féidir cluichí a cheannach i siopaí nó a íoslódáil ar líne.

Cluichí Guthán Póca: Cluichí is féidir a íoslódáil ar do ghuthán póca. Tá go leor acu saor in aisce le himirt ar dtús, ach is minic a  bhíonn muirir i gceist sna cluichí féin. Mar shampla, is féidir le húsáideoirí muirear a íoc corruair chun feidhmiúlacht bhreise a fháil mar  chabhair le cluiche a chríochnú. Is iondúil gur féidir na ceannacháin sin sna cluichí a dhíghníomhachtú i socruithe gutháin an úsáideora.

Cluichí Boise – Óstálann gléasanna macasamhail iPad nó Nintendo DSi cluichíocht ar líne fosta.

Cluichíocht ar Líne

Cad iad na Rioscaí a Bhaineann le Cluichíocht ar Líne?

Ábhar Míchuí
D’fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt cluichí ar líne oiriúnach d’aois do pháiste agus d’fhéadfadh íomhánna foréigneacha nó íomhánna gnéasacha a bheith iontu. Gabhann moladh aoise le gach cluiche ar líne. D’fhonn cosc ​​ a chur ar do pháiste ó theacht ar chluichí míchuí, déan cinnte go bhfuil socruithe na dtuismitheoirí gníomhach ar do ríomhairí/chonsóil agus seiceáil an rátáil aoise anseo atá ar na cluichí a bhfuil teacht ag do pháiste orthu.


Féadtar faisnéis faoi rialúcháin tuismitheoirí na gconsól is coitianta a fháil anseo:
Xbox – xbox.com/en-IE/parental-controls
Playstation – support.us.playstation.com/app
Nintendo – nintendo.co.uk/Support/Parents/

 

Cluichíocht Ilimreoirí
Tá móid ilimreora ar mhórán chluichí ar líne agus d’fhéadfaidís an t-aos óg a chur i mbaol i gcorrchás. Sa mhód ilimreora, féadann úsáideoirí aghaidh a thabhairt ar chluichirí eile as ceithre hairde an domhain. Ligeann ábhar de na cluichí sin d’úsáideoirí teachtaireachtaí a sheoladh chuig a chéile trí mhóid téacs nó fuaime. I gcásanna áirithe d’fhéadfadh cluichirí eile imreoirí óga a mhaslú/a chiapadh ar líne, go háirithe nuair a bhítear corraithe tar éis cluiche comórtais.

Dar le taighde Net Children  Go Mobile in 2014, imríodh bulaíocht ar 6.4% ar pháistí idir 9 agus 10 mbliana d’aois a bhaineann úsáid as an Idirlíon, ar shuíomh Gréasáin cluichíochta. Rinneadh bulaíocht ar 3% de pháistí idir 9 agus 16 bliana d’aois ar shuíomh Gréasáin cluichíochta, rud a chiallaíonn gurb iad suíomhanna Gréasáin cluichíochta an dara háit is coitianta le haghaidh cibearbhulaíochta, tar éis seirbhísí líonraithe shóisialta. D’fhéadfadh imreoirí teacht ar theanga mhíchuí ó chluichirí agus i gcorrchás d’fhéadfadh daoine óga a bheith i mbaol teagmhála gan iarraidh de bharr faisnéis phearsanta a roinnt trína bpróifílí nó trí labhairt le himreoirí eile.

D’fhonn é sin a sheachaint,  bí cinnte go bhfuil próifíl do pháiste príobháideach agus  spreag do pháiste gan úsáid a bhaint as fíorghrianghraif ná as ainmneacha iomlána ina bpróifíl chluichíochta agus gan aon  fhaisnéis phearsanta a roinnt. Smaoineamh maith é freisin a chur ina luí ar do pháiste labhairt leat má bhíonn sé/sí míshuaimhneach nó mura mbíonn sé/sí cinnte faoi rud éigin a chonaic siad le linn cluichíochta. Bí cinnte go bhfuil a fhios ag do pháiste conas bac a chur ar imreoir a sheolann teachtaireachtaí goilliúnacha.

 

Íoc le hImirt
Is iomaí cluiche ar líne atá saor in aisce le híoslódáil. Mar sin féin, féadann na cluichí sin feidhmeanna breise a thairiscint a luaithe a bhíonn an cluiche beo agus tig le húsáideoirí iad a cheannach. Feictear  go minic sna cluichí agus sna haipeanna is féidir a íoslódáil go dtugtar deis d’imreoirí rochtain ar an gcéad leibhéal eile a cheannach nó feidhmeanna a cheannach a chabhróidh leo cluichí a chríochnú. Is furasta d’imreoirí ligean do bhillí méadú gan chuimhneamh de bharr a bheith ag imirt na gcluichí sin. D’fhonn é sin a sheachaint, ba chóir do thuismitheoirí a chinntiú go bhfuil pasfhocal acu ar a nguthán/ngléas le haghaidh ceannachán san aip nó go gcuireann siad an rogha sin as ar an nguthán/ngléas; is gnách go ndéantar é sin i socruithe na haipe/an ghutháin.

Leideanna chun do Pháiste a Choimeád Sábháilte

Seo a leanas traidhfil leideanna cabhracha chun eispéireas sábháilte cluichíochta ar líne a chinntiú le haghaidh do pháiste.

  • Seiceáil rátáil aoise na gcluichí atá á n-imirt ag do pháiste agus déan cinnte go n-oireann na cluichí d’aois do pháiste.
  • Mol do pháiste gan sonraí pearsanta a roinnt ar líne ná ina p(h)róifílí. I gcás déagóirí, d’fhéadfadh sé gurbh fhearr plé a dhéanamh ar a chontúirtí atá sé faisnéis a roinnt ar líne.
  • Spreag do pháiste imirt go cneasta agus meas a bheith aige/aici ar chluichirí eile.
  • Bain úsáid as socruithe um shábháilteacht teaghlaigh le do pháiste a chosaint ar chluichí a d’fhéadfadh a bheith míchuí ó thaobh aoise/ábhair de.
  • Moltar do thuismitheoirí teorainn ama a chur le cluichíocht a bpáistí.
  • D’fhéadfadh ríomhairí/gléasanna a bheith i mbaol víris de thoradh cluichí a imirt ar líne. Cosain do ríomhaire trí na bogearraí frithvíris is déanaí a cheannach.
  • Cinntigh go bhfuil a fhios ag do pháiste conas tuairisc a thabhairt faoi imreoirí eile nó iad a bhacadh má bhíonn siad i mbun ciapadh ar líne nó iompraíocht mhí-oiriúnach eile.

Naisc Úsáideacha do Thuismitheoirí

Rátáil Aoise agus Léirmheasanna Cluichí
An Córas Uile-Eorpach Faisnéise do Chluichí (comhairle faoi rátálacha aoise agus oiriúnacht na gcluichí): pegi.info/en/index/
Tuairisc a Thabhairt faoi Imreoirí nó Iad a Bhacadh
X-Box –support.xbox.com/en-IE/xbox-one/system/how-to-block-player
Playstation – support.us.playstation.com/report-inappropriate-or-abusive-users