Mínitheoir: Cad is Snapchat ann?

Mínitheoir: Cad is Snapchat ann?

Mínitheoir: Cad is Snapchat ann?

Snapchat

“Féinscriosfaidh” an teachtaireacht seo i gceann deich soicind.

Is é is Snapchat ann ná feidhmchlár a úsáidtear chun fótagraif, físeáin, téacs agus líníochtaí a chomhroinnt. Tá sé saor in aisce an aip a íoslódáil agus tá sé saor in aisce teachtaireachtaí a chur tríthi. Tá sé tar éis a bheith an-cháiliúil laistigh de thréimhse an-ghairid ama, go háirithe i measc daoine óga. Tá gné amháin a fhágann go bhfuil Snapchat éagsúil le cineálacha eile téacsála agus comhroinnte fótagraf: téann na teachtaireachtaí as radharc ó fhón an fhaighteora tar éis cúpla soicind.

Tá sé simplí le húsáid; glacann tú pictiúr trí d’fhón ceamara a úsáid, roghnaíonn tú faighteoirí ó do liosta teagmhálaithe, cinneann tú an tréimhse ama ar mian leat an teachtaireacht a bheith infheicthe ar a feadh (suas go dtí 10 soicind), agus cliceálann tú ar ‘seol’. I gcás an fhaighteora, tá an próiseas an-chosúil le teachtaireacht téacs a fháil, ach amháin nach mór dó a mhéar a choinneáil ar an scáileán agus é ag amharc air. Chomh maith leis sin, téann an teachtaireacht as radharc óna bhfón chomh luath agus a théann an teorainn ama in éag, cé go bhfuil sonraí an tseoltóra agus an stampa ama fós le feiceáil.

Gné iontach eile de Snapchat a chuireann leis an tóir atá air is ea uirlis shimplí líníochta. Is féidir le húsáideoirí líníochtaí a tharraingt go héasca, tarraingt ar na fótagraif, agus téacs a chur le fótagraif sula seolann siad iad. Tá an-tóir ag daoine óga ar an ngné seo agus iad ag úsáid líonraí sóisialta ar mhaithe le spraoi agus le hiad féin a léiriú ar bhealach cruthaitheach.