Snapchat: Treoir igcóir tuismitheoirí

Snapchat: Treoir igcóir tuismitheoirí

Is é is Snapchat ann ná feidhmchlár a úsáidtear chun fótagraif, físeáin, téacs agus líníochtaí a chomhroinnt. Tá sé saor in aisce an aip a íoslódáil agus tá sé saor in aisce teachtaireachtaí a chur tríthi. Tá sé tar éis a bheith an-cháiliúil laistigh de thréimhse an-ghairid ama, go háirithe i measc daoine óga. Tá gné amháin a fhágann go bhfuil Snapchat éagsúil le cineálacha eile téacsála agus comhroinnte fótagraf: téann na teachtaireachtaí as radharc ó fhón an fhaighteora tar éis cúpla soicind.

Cén dóigh agus cén fáth a n-úsáideann leanaí é?

Tá Snapchat á úsáid ag daoine óga ar chúiseanna éagsúla. Is dócha gurb í an chúis is coitianta leis sin ná costas – chomh luath agus atá rochtain agat ar wifi, tá sé saor in aisce teachtaireacht a chur trí Snapchat. Is féidir le teachtaireachtaí traidisiúnta téacs sms nó le fótaitheachtaireachtaí a bheith daor le cur; go háirithe i gcás daoine óga a úsáideann fóin ‘íoc mar a úsáidtear’.

Ceapann daoine áirithe gur róbhuan atá teachtaireachtaí téacs agus postálacha ar Facebook agus ar Twitter. Tugann Snapchat deis dá úsáideoirí a bheith spontáineach gan aon iarmhairtí fadtéarmacha a bheith ann. Tá an ghné sin in easnamh i bhformhór ardán na meán sóisialta, áit ina nascann úsáideoirí le ‘cairde’ i bparáid sáraíochta a bhaineann le cé a d’fhreastail ar an gcóisir is fearr agus le cé ar a bhfuil na héadaí is fearr? Tá an tsaoirse a bhraitear ó rian gníomhaíochta teachtaireachtaí cartlannaithe thar a bheith tarraingteach do dhéagóirí de réir mar a fhéachann siad le dul ‘amach ón ngreille’.

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

Cuirtear formhór na dteachtaireachtaí ar Snapchat ar bhealach aerach éadrom agus baineann an t-ábhar is coitianta i dteachtaireachtaí Snapchat le béilí atá le hithe a dhoiciméadú agus aghaidheanna greannmhara a chur chuig cairde. Is í an ghné den aip seo atá is tarraingtí do dhaoine óga ná an dóigh a scriosann na híomhánna iad féin. Mar gheall air sin, thug grúpaí tuismitheoirí agus pobail ar líne rabhadh gur féidir cibearbhulaíocht nó téacsáil ábhar gnéasach a dhéanamh uirthi.

Molaimid go ginearálta do dhaoine óga gabháil scáileáin a ghlacadh de phostálacha nó de théacsanna a mheasann siad a bheith maslach nó mí-oiriúnach. I gcás Snapchat, is féidir leis a bheith deacair gabhálacha scáileáin a ghlacadh mar go n-éilíonn aip Snapchat ar an úsáideoir méar amháin a choinneáil ar an scáileán (ar ghléasanna áirithe) chun amharc ar an íomhá. Má éiríonn le húsáideoir gabháil scáileáin a ghlacadh, tugtar fógra do sheoltóir na híomhá. D’fhéadfadh an ghné sin déagóirí agus leanaí a stopadh ó iarracht a dhéanamh gabháil scáileáin a ghlacadh de theachtaireacht mhaslach. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis ansin le bulaíocht as líne, rud ar mhian le formhór na dtuismitheoirí a sheachaint.

De bharr nádúr sealadach theachtaireachtaí Snapchat, d’fhéadfadh roinnt déagóirí trioblóid a tharraingt orthu féin mar gheall ar ‘théacsanna gnéasacha’ nó ar íomhánna agus teachtaireachtaí téacs de chineál gnéasach a chur. Léirigh taighde gur féidir le téacsáil ábhar gnéasach a bheith goilliúnach, go háirithe sa chás go dtéann na teachtaireachtaí amú agus nach gcuirtear chuig an duine ceart iad. Cé go dtéann na híomhánna as radharc ó aip Snapchat, ní gá go gciallaíonn sé sin nár glacadh gabhálacha scáileáin a d’fhéadfaí a chomhroinnt ar ardáin eile na meán sóisialta.

Cad is féidir leat a dhéanamh?

Is í an chosaint is fearr ná na rioscaí a phlé le do leanbh agus iarracht a dhéanamh aontú le chéile ar bhealach a cheapann sibh a bheith inghlactha chun é a úsáid. Déan cinnte de gur soiléir atá an difríocht idir úsáid inghlactha agus úsáid mhí-oiriúnach. Pléigh smachtbhannaí má bhraitheann tú go gcabhródh sé sin, ach ná déan dearmad gurb é an rud is tábhachtaí atá le déanamh agat mar thuismitheoir ná tacaíocht a thabhairt dóibh má théann rud ar seachrán. Uaireanta, is é an bealach is fearr chun bealaí cumarsáide a choinneáil oscailte ná an pionós a chur as an áireamh.

Ceist amháin ar cheart duit labhairt fúithi, áfach, ná a fháil amach cé chomh buan is atá scriosadh buan. Nuair a dhéantar cuardach i gcomhair ‘bradaíl Snapchat’ ar Youtube, faightear liosta fada iontrálacha, ina dtugtar mionsonraí faoi conas an comhaireamh síos 10 soicind a sheachaint agus faoi conas gabhálacha scáileáin d’íomhánna a fháil gan fógra a thabhairt don seoltóir. Ní mór do dhéagóirí a bheith ar an eolas nach bhfuil rud ar bith go hiomlán príobháideach ar líne. Fiú amháin sa chás go maíonn forbróir aipe go bhfuil teachtaireachtaí nó sonraí síobtha nó scriosta, ní féidir linn a bheith cinnte i ngach cás go bhfuil sé sin amhlaidh.

Níl san fhíseán seo ach sampla amháin d’fhíseán teagaisc ina léirítear bealaí chun teachtaireachtaí Snapchat a choinneáil go deo.

Ina gcuid Téarmaí agus Coinníollacha, luann Snapchat, “Cé go ndéanaimid iarracht sonraí íomhá a scriosadh a luaithe is féidir tar éis don fhaighteoir an teachtaireacht a fháil agus a oscailt …ní féidir linn a ráthú go scriosfar ábhar na teachtaireachta i ngach cás.” Ba cheart don ráiteas sin ina ábhar imní d’úsáideoirí Snapchat agus dá gcuid tuismitheoirí.

Cosúil le formhór na n-aipeanna eile gréasáin, tá rogha ag úsáideoirí iad a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh le cairde atá ann cheana féin nó leis an domhan mór. Ba cheart duit labhairt le do leanbh faoin mbealach is fearr chun déileáil leis sin. Déan plé leo ar na himpleachtaí a bhaineann le hiad féin a chur ar fáil do theachtaireachtaí Snapchat óna leabhar iomlán seoltaí. Is féidir liosta cairde a chur ar bun ionas gur féidir teachtaireachtaí a chur agus a fháil ó chairde ainmnithe amháin. Mar atá amhlaidh i gcás aon idirghníomhaíochtaí ar líne, bíonn sé níos sábháilte de ghnáth Snapchat a úsáid le grúpa roghnaithe daoine a bhfuil muinín agat astu.

Conas is féidir rioscaí a rialú

Níl Snapchat ar an gcéad aip den chineál seo, agus níl sé ar an gceann deireanach. I measc cinn eile, tá Viber (teachtaireachtaí agus glaonna gutha), teachtaireachtaí Facebook agus WhatsApp. Baineann na rialacha céanna le gach idirghníomhaíocht ar líne, is iad sin: ná comhroinn sonraí ach amháin le daoine a bhfuil muinín agat astu san fhíorshaol, smaoinigh sula gcliceálann tú, agus tabhair tuairisc do dhuine fásta a bhfuil muinín agat as faoi aon sonraí nó teachtaireachtaí déistineacha.