Úsáid Idirlín sa Seomra Ranga a Mhaoirsiú

Úsáid Idirlín sa Seomra Ranga a Mhaoirsiú

Réamhrá

An mbeidh an t-idirlíon á úsáid agat sa seomra ranga i mbliana? Tá roinnt rudaí le cur san áireamh sula n-úsáidtear an t-idirlín sa seomra ranga. Cuideoidh an treoir seo leat céimeanna praiticiúla a thógáil chun timpeallacht foghlama shábháilte a chothú agus an t-idirlíon agus na meáin shóisialta á n-úsáid agat i do sheomra ranga.

Chun tuilleadh físeán do mhúinteoirí a fheiceáil téigh chuig: youtube.com/webwise/teachers

Leagan amach an tSeomra

Is féidir le leagan amach fisiciúil an tseomra a bheith tábhachtach anseo. Bíonn sé níos éasca súil a choinneáil ar gach rud atá ag tarlú ar scáileáin i leagan amach cosúil le crú capaill.

Táibléid a Mhaoirsiú

Tá dúshlán níos mó ag baint le daltaí a mhaoirsiú fad is atá táibléid á n-úsáid acu. Smaoineamh maith a bheadh ann aipeanna a sheiceáil agus iad in úsáid. Féadfaidh tú é sin a dhéanamh trí chliceáil faoi dhó ar chnaipe baile an iPad.

Coinnigh Taifid

Smaoineamh maith atá ann chomh maith taifead a choinneáil ar cé acu duine a úsáideann cén gaireas, ar fhaitíos go dtagann eachtra chun cinn.
Bíonn sé níos simplí má thugann tú gaireas ar leith do dhalta ar leith ar feadh tréimhse áirithe.

Seiceáil Stair an Bhrabhsálaí

Molaimid stair an bhrabhsálaí a sheiceáil go rialta lena fheiceáil cé na suíomhanna gréasáin atá á n-úsáid. Tabhair faoi deara go bhfuil difríocht sa chaoi a n-amharctar ar an stair i mbrabhsálaithe idirlín éagsúla. Má tá deacrachtaí agat, oscail an t-inneall cuardaigh is rogha leat agus aimsigh físeán a thaispeánann duit cén chaoi lena dhéanamh.

Logálaithe Gréasáin

Taifeadtar gach gníomhaíocht idirlín i gcomhaid logála gréasáin. Ba cheart don riarthóir gréasáin na comhaid seo a mhonatóiriú chun gníomhaíochtaí neamhghnácha nó imníocha a aimsiú. B’fhéidir go mbeadh ort rochtain a fháil orthu má tharlaíonn eachtra thromchúiseach. Tasc casta a bhíonn i seiceáil na gcomhad logála agus d’fhéadfadh go dteastódh roinnt eolais ar ghnéithe teicniúla do ghréasáin.

Ábhar ar Líne a Úsáid

Is é an t-ullmhúchán an ní is tábhachtaí agus ábhar ar líne, cosúil le físeáin nó ailt, á n-úsáid i do cheachtanna. Aon uair is féidir, seiceáil an t-ábhar a bhfuil sé i gceist agat a úsáid sa seomra ranga roimh ré. Amharc an bhfuil an suíomh inrochtana trí chóras scagtha ábhair na scoile, agus seiceáil an bhfuil an t-ábhar agus an t-ábhar mórthimpeall air oiriúnach. De ghnáth bíonn naisc agus fógraí mórthimpeall ar phíosaí físe ar líne; d’fhéadfadh roinnt díobh seo a bheith dírithe ar lucht féachana fásta.

D’fhéadfá na nithe seo a chur san áireamh chomh maith

  • Cuimhnigh go dtaispeánfaidh go leor seirbhísí fógraí agus go molfaidh siad ábhar eile bunaithe ar fhaisnéis a bhailigh siad faoi ghnáthaimh bhrabhsála ar an inneall atá á úsáid agat. D’fhéadfadh sé seo fadhb a chruthú nó a bheith náireach ach is féidir é a sheachaint tríd an ábhar a sheiceáil roimh ré ar an inneall a bhfuil sé i gceist agat a úsáid sa rang. Ní mór duit a bheith an-airdeallach má tá gaireas pearsanta á úsáid agat nár chuir do scoil ar fáil.
  • I gcás píosaí físeáin, d’fhéadfá smaoineamh ar na píosaí a leabú i leathanach gréasáin.
  • Más féidir, d’fhéadfá an t-ábhar a íoslódáil roimh ré agus é a úsáid as líne. Ar an gcaoi seo, d’fhéadfá fadhbanna teicniúla a sheachaint chomh maith.

Cuardach Bí Sábháilte

Ar an gcaoi chéanna, má tá tú chun inneall cuardaigh a úsáid os comhair daltaí, déan cleachtadh roimh ré agus seiceáil go bhfuil na torthaí cuí. Ar Líonra Leathanbhanda na Scoileanna tá cuardach níos sábháilte ar siúl ar gach brabhsálaí chun torthaí cuardaigh míchuí a chosc ach ní bhíonn saoi gan locht.

Aimsigh níos mó leideanna agus comhairle anseo: webwise.ie/category/teachers/

Talk to someone

Worried about something you have seen online or concerned about your child? Childline and the National Parents Council Primary offer free advice and support service.

Childline is a support service for young people up to the age of 18.There is a 24hr telephone, online and mobile phone texting service.

1800666666
50101
Get started


The National Parents Council Primary enables and empowers parents to be effective partners in their children’s education.

01 887 4477
helpline@npc.ie

Report Illegal Content

Sometimes you might unwittingly stumble across illegal online content like child abuse imagery. Always remember: you can report it and get it removed using Hotline.ie.

More on illegal content

Make a report


Hotline.ie exists to combat the distribution and proliferation of illegal content, like child sexual
abuse content, in conjunction with police and Internet Industry