Cad is Polasaí Úsáide Inghlactha ann?

Cad is Polasaí Úsáide Inghlactha ann?

Doiciméad tábhachtach é Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) a rialaíonn an úsáid a bhaineann daltaí as an Idirlíon ar scoil agus a chlúdaíonn réimse leathan saincheisteanna a bhaineann le cearta, freagrachtaí agus pribhléidí – chomh maith le smachtbhannaí – a bhaineann le húsáid ríomhairí.

De réir mar a éiríonn teicneolaíochtaí nua tábhachtach i saol na scoileanna, forbraíodh AUPanna go príomha chun úsáid shábháilte agus fhreagrach an Idirlín a chur chun cinn le haghaidh gach páirtí leasmhar scoile.

Bíonn doiciméad uathúil beartais ag gach scoil go ginearálta, a chuireann múinteoirí le chéile i gcomhar leis an lucht bainistíochta agus ina bhfuil comhairliúchán le páirtithe leasmhara eile ar nós daltaí agus tuismitheoirí.

Cuireann sé le beartas foriomlán ICT scoile, agus rialaíonn sé é, agus ba chóir go mbeadh sé nasctha le beartais na scoile maidir le bulaíocht agus cosaint leanaí.

Féadtar go bpléitear le cuid mhór ábhar in AUP ar nós treoirlínte a leagan amach maidir le húsáid cheart cuardaigh ar an Idirlíon, íoslódáil agus brabhsáil.

Is é an phríomhaidhm atá ag AUP ná úsáid éifeachtach an Idirlín a spreagadh i do scoil.

I measc na réimsí eile a bhíonn san áireamh tá rialacha maidir le húsáid ríomhphoist, fóin phóca, cluichí ar líne agus suíomh gréasáin na scoile a fhoilsiú.

Cuid an-tábhachtach den doiciméad beartais is ea na cineálacha smachtbhannaí atá le cur i bhfeidhm má sháraítear an AUP agus beidh treoracha soiléire ann do do scoil má tharlaíonn a leithéid.

Is é an phríomhaidhm atá ag AUP ar bith ná tuismitheoirí, daltaí agus múinteoirí a chur ar an eolas faoi chumas an Idirlín mar áis foghlama, ach is príomhghnéithe maidir le bunú beartais iad iompar ceart ar líne a shainmhíniú chomh maith leis na hiarmhairtí a bhaineann lena shárú, chomh maith le cosaint dhlíthiúil a chur ar fáil do scoileanna.

Cé go bhfuil rialúchán tábhachtach, ba chóir go mbeadh cothromaíocht idir é agus oideachas a chur ar dhaltaí a bheith freagrach as.

Gné iontach thábhachtach de sholáthar sábháilteachta ar líne ar scoil is ea oideachas a chur ar dhaltaí. Bíonn cuidiú agus tacaíocht de dhíth ar pháistí agus ar dhaoine óga chun na rioscaí ríomhshábháilteachta a sheachaint agus a aithint.

Ba chóir clár réamhbheartaithe i leith sábháilteachta ar an Idirlíon a chuir ar fáil mar chuid de SPHE nó réimse eile sa churaclam agus ba chóir athbhreithniú a dhéanamh air i dtólamh agus béim á cur ar na príomhtheachtaireachtaí sábháilteachta mar chuid de chlár réamhbheartaithe.

Tags: