Scileanna Litearthachta Digití: Faisnéis a Aimsiú

Faisnéis a Aimsiú

Scileanna Litearthachta Digití: Faisnéis a Aimsiú

Faisnéis a Aimsiú

 

Tugann an t-idirlíon lear mór faisnéise dúinn agus gan le déanamh ach cúpla cnaipe a bhrú. Is é an fhadhb leis sin ná go mbíonn an iomarca faisnéise againn le roghnú as. Bíonn sé deacair uaireanta an fhaisnéis atá fíor, mífhaisnéis, tuairimí, agus claonadh a scaradh óna chéile. Bíonn go leor againn ag brath ar innill chuardaigh chun an tsórtáil a dhéanamh dúinn ach ní leor é sin ach an oiread. Caithfidh scoláirí fios a bheith acu conas cuardach cruinn a dhéanamh agus ansin meastóireacht a dhéanamh ar an bhfaisnéis a aimsíonn siad. Cuideoidh ár treoir maidir le smaointeoireacht chriticiúil leat na scileanna sin a fhorbairt.

Nuair a dhéanann siad taighde neamhspleách ar líne bíonn go leor scoláirí ag brath ar chuardach tapa ar Google nó ar an Vicipéid, agus an t-eolas a chóipeáil agus a ghreamú ansin! Tagann ceist chun cinn ansin le bradaíl ach, go príomha, tá easpa eolais ann maidir le taighde ceart a dhéanamh ar líne. Tá sé tábhachtach do scoláirí foghlaim le faisnéis a chuardach i gceart mar gur uirlis luachmhar a bheidh ansin dóibh nuair a rachaidh siad ar aghaidh chuig breisoideachas nó go deimhin i bpoist amach anseo. Ciallaíonn sé nuair a fhorbraítear an réimse seo den litearthacht dhigiteach go dtaispeántar na huirlisí do scoláirí is féidir leo a úsáid chun cabhrú leo taighde níos fearr a dhéanamh. Feabhsóidh na scileanna sin scileanna staidéir ar an iomlán freisin. Seo iad ár ndeich leid i gcomhair taighde níos fearr ar líne.




Deich gCéim i dtreo Taighde Gréasáin Níos Fearr

 

Céim 1: Smaoinigh Roimh Chuardach!


Faisnéis a Aimsiú

“Mura bhfuil a fhios agat cén ceann scríbe atá agat, gach seans go ngabhfaidh tú amú.”

Athscríobh gach ceist measúnaithe agus cuir do leagan féin orthu sula dtosaíonn tú do chuid taighde. Cuirfidh sé sin iallach ort í a thuiscint, agus beidh níos mó seans ann go mbeidh tú in ann a aithint cad a chabhraíonn leat nuair a fheiceann tú é. Má theastaíonn cúnamh uait, cuir ceist ar do mhúinteoir, ar an leabharlannaí, ar thuismitheoir nó ar chomhscoláire eile sa rang.

Ansin, déan tobsmaointeoireacht agus déan liosta de phríomhthéarmaí cuardaigh, ag úsáid ainmfhocal den chuid is mó, seachas briathra. Cruthaigh sraith téarmaí is féidir leat a chuardach i sraith dhá théarma, trí théarma nó níos mó.

Nuair a fhaigheann tú toradh cuardaigh maith, féach ar na focail is tábhachtaí ann, agus cuir le do liosta d’eochairfhocail iad sin. Bain triail as sraith teaglamaí eochairfhocal.

Chomh maith leis sin, coinnigh súil ar na foinsí a athbhreithníonn tú.

Céim 2: Cá dTosóidh Mé?


Ná bí ag brath ar innill chuardaigh mar Google chun an taighde go léir a dhéanamh duit.

Ní hé an t-idirlíon an áit is fearr le tosú i gcónaí; d’fhéadfadh bunachair shonraí cabhrú leat faisnéis inchreidte a theastaíonn uait a aimsiú níos tapúla ná mar a dhéanfadh aon inneall cuardaigh.

Ní mór duit na foinsí a úsáidfidh tú a roghnú sula dtosaíonn tú ag scríobh agus a bheith in ann iad a chosaint i gcónaí. 

Céim 3: Bain triail as cúpla Inneall Cuardaigh


Faisnéis a Aimsiú

Geallaimid go bhfuil níos mó ná ceann amháin ann. Má tá fonn ort fanacht le Google, d’fhéadfá triail a bhaint as Google Scholar chun acmhainní acadúla a aimsiú.

Céim 4: Nuair a bhíonn tú ag féachaint ar Thorthaí Cuardaigh, Déan Mionchuardach Ná Stop ag an gCéad Leathanach!


Bíonn go leor suíomhanna gréasáin ard in innill chuardaigh ar chúiseanna nach mbaineann in aon chor leis an gcaighdeán ábhar atá iontu.

Ní dhéanann gairmithe agus acadóirí optamú ar a gcuid inneachair i gcomhair inneall cuardaigh, mar sin ní bhíonn sé thuas ar barr de ghnáth.

Céim 5: Úsáid Feidhmeanna Speisialta Cuardaigh ionas go nOibreoidh na hInnill Chuardaigh Duitse




 

    • Úsáid teaglamaí de chúpla eochairfhocal.

 

    • Foghlaim faoin bhfeidhm AROUND.

 

    • Cuardaigh “Kennedy” AROUND(10) “moon” agus beidh na cuardaigh is fearr ar na cinn ina bhfuil Kennedy i bhfoisceacht deich bhfocal de moon.

 

    • TABHAIR AR AIRD: ní mór go mbeadh an dá théarma cuardaigh i mbloclitreacha, agus ní mór an uimhir a chur idir lúibíní.

 


Féadfaidh tú cineál áirithe comhaid a aimsiú ach an cineál comhaid sin a chur isteach san inneall cuardaigh, mar shampla, má tá tú ag iarraidh láithreoireacht PowerPoint a aimsiú féadfaidh tú ‘PPT’ a chur leis an inneall cuardaigh, nó dá mba mhaith leat bileoga oibre/aistí/ailt a aimsiú cuir isteach ‘PDF’ tar éis an fhocail cuardaigh i d’inneall cuardaigh.

Céim 6: Ná Creid Gach a Léann Tú!


Faisnéis a Aimsiú

Is gearr le hobair bleachtaireachta é a bheith ag cuardach faisnéise ar an Idirlíon.

 

    • Caithfidh tú a bheith beagáinín amhrasach, ach gan a bheith ró-amhrasach.

 

    • Is é foinse na faisnéise an tslat tomhais is fearr ar chaighdeán na faisnéise

 


Ní inseoidh aon rud amháin faoi leith duit más féidir leat muinín a bheith agat i suíomh gréasáin. Ní mór gach gné de shuíomh a scrúdú le feiceáil an bhfuil an fhaisnéis inchreidte, údarásach, oibiachtúil, cruinn agus chun dáta.

Deimhnigh faisnéis chriticiúil i gcónaí le roinnt foinsí. Má aimsíonn tú cúpla suíomh gréasáin nach bhfuil ceangailte le chéile, ach atá inchreidte agus atá ar aon intinn leat ar cheist, b’fhéidir gur leor é sin mar thaighde. Ní mar sin a bhíonn an scéal mura léann tú rud ach uair amháin. Féach ar an bhfíseán seo a leanas:




Rinne an BBC an físeán seo mar bhob ar Lá na nAmadán. Toisc gur suíomh gréasáin é a mbíonn faisnéis chruinn air de ghnáth, tógann sé cúpla nóiméad orainn a thuiscint gur Bréagnuacht atá ann. Tá sé tábhachtach go ndeimhneodh roinnt foinsí faisnéis sula gcreidtear í. Léigh tuilleadh faoi Bhréagnuacht!

Céim 7: Bunfhoinsí a Aimsiú


Smaoinigh ar bhunfhoinsí mar phíosaí as nuachtáin agus irisí, litreacha, dialanna, scannáin, grianghraif agus doiciméid eile a scríobhadh nó a taifeadadh nuair a tharla an eachtra mar “chuntais finnéithe súl” ar féidir brath níos mó orthu de ghnáth ná faisnéis ar athrá.

Céim 8: Cé a Chruthaigh an Suíomh Gréasáin agus Cé a Scríobhann na hAilt Air?


Faisnéis a Aimsiú

Nuair a aimsíonn tú alt ar shuíomh gréasáin, téigh chuig an leathanach baile agus chuig an leathanach ‘Maidir Linn’ le fáil amach cad atá ar an suíomh i ndáiríre. Mura dtugtar liosta d’ainm an fhoilsitheora agus den fhoireann bhainistíochta ar an suíomh – agus tarlaíonn sé sin go minic – fág é agus téigh chuig suíomh eile.

Chomh maith leis sin, aimsigh faisnéis faoin bhfoilsitheoir nó faoin údar ach a gcuid ainmneacha a chuardach in inneall cuardaigh. Ba cheart go mbeadh aon fhoilsitheoir nó údar iontaofa á lua ar shuíomhanna gréasáin eile a bhfuil dea-cháil orthu.

Nuair a aimsíonn tú ábhar ar an Vicipéid, an bhfuil a fhios agat cé a scríobh é? Níl a fhios. Ní bhíonn ainm le scríbhneoirí na Vicipéide; níl a fhios agat aon rud fúthu ná faoina gcuid dintiúir. B’fhéidir go bhfiú duit do “réamh-thaighde” a dhéanamh ann chun eochairfhocail a aimsiú le cuardach.

Céim 9: Cén Fáth ar Scríobhadh an tAlt?


Faisnéis a Aimsiú

Cuir na ceisteanna seo a leanas i gcónaí:

 

    • Cén fáth ar scríobh an scríbhneoir é seo?

 

    • An bhfuiltear ag iarraidh rud éigin a dhíol leat ar an suíomh?

 

    • An bhfuil an suíomh gréasáin saor ó fhógraíocht?

 

    • An bhfuil aon chlaonadh sóisialta nó polaitiúil ag an suíomh?

 

 

Céim 10: Cén Uair a Scríobhadh an Fhaisnéis nó a Rinneadh Athbhreithniú Air Go Deireadh?


Faisnéis a Aimsiú

Seiceáil cén uair a scríobhadh alt nó a nuashonraíodh é go deireadh. Mura féidir leat a rá cén uair a scríobhadh foinse, ansin lean ort ag cuardach go bhfaighidh tú foinse mhaith maidir leis an topaic a ngabhann dáta le déanaí leis, ionas go bhfeicfidh tú má athraíodh aon rud.