Scileanna Litearthachta Digití: Tuiscint Chultúrtha agus Shóisialta

Cultúr Digiteach

Scileanna Litearthachta Digití: Tuiscint Chultúrtha agus Shóisialta

Is rí-shoiléir go bhfuil an saol ag dul thar maoil le teicneolaíocht, is féidir leat siopadóireacht, baincéireacht, cumarsáid, sóisialú, brabhsáil agus comhoibriú a dhéanamh anois le daoine ar d’fhón cliste nó ar d’fhearas teicneolaíochta.  Cé go bhfuil fáil ag formhór de mhuintir na hÉireann ar an idirlíon, is iad na daoine óga agus na déagóirí is mó a bhaineann úsáid as, agus 96% den aoisghrúpa idir 16–29 bliain d’aois ag úsáid a bhfón cliste chun an t-idirlíon a úsáid ar bhonn laethúil (An Phríomh-Oifig Staidrimh, 2017). Tá leanaí ag foghlaim leis an teicneolaíocht a úsáid i bhfad níos óige anois agus iad ag fás aníos leis an teicneolaíocht sa bhaile agus ina saol laethúil. San fhíseán seo a leanas, labhraíonn Abha Dawesar faoin gcaoi a bhfuilimid ag dul i dtuilleamaí na teicneolaíochta agus an tábhacht atá le sreabhadh ama. Luann sí cé go mairimid i ndomhan digiteach, nach mór dúinn i gcónaí maireachtáil sa nóiméad seo.

 

 


 

Tá Glúin Z freagrach as an rud ar a dtugtar an cultúr digiteach anois a chruthú agus baineann sí an-úsáid as na meáin dhigiteacha. Fearacht gach duine eile, úsáideann déagóirí an t-idirlíon ar mhórán cúiseanna; cluichíocht ar líne, pobail shóisialta, nuacht, agus siamsaíocht. Mar sin féin, bíonn an aoisghrúpa seo tumtha sa teicneolaíocht agus úsáidtear í chun pobail ar líne a chruthú agus chun féiniúlacht a chruthú dóibh féin. Tá sé ríthábhachtach go bhfoghlaimeoidís scileanna chun dul i ngleic leis na réimsí seo go sábháilte agus go hinniúil. 

Cultúir Dhigiteacha


Cultúr Digiteach

Is ionann an cultúr digiteach agus an tIdirlíon, trasdaonnachas, intleacht shaorga, cibear-eiticí, slándáil, príobháideachas, agus beartas. Is ionann é agus haiceáil, innealtóireacht shóisialta, agus síceolaíocht nua-aimseartha. (Digital Culturist, 2015)


Anois níos mó ná riamh, tá daoine óga ag úsáid na teicneolaíochta go príomha chun a bheith rannpháirteach i gcultúr digiteach domhanda. Cuireann an t-idirlíon ar chumas daoine nascadh le haon chuid den domhan agus eispéiris chomhroinnte, ábhar ar líne agus muintearas a chruthú. Bíonn daoine óga in ann cairde a dhéanamh le grúpa daoine níos mó a bhaineann le cultúir éagsúla. Tá siad ag úsáid aipeanna chun amhráin a chasadh, léirithe a dhéanamh, aithne a chur ar chairde nua, spéiseanna a roinnt lena chéile agus sóisialú le daoine as gach cearn den domhan. Bíonn na scéalta is déanaí acu óna chéile, roinneann siad teanga nó béarlagair atá coitianta ina measc féin, bíonn siad rannpháirteach i bpobal domhanda méimeanna agus tráchtaireachta sóisialta. 

I gcás leanaí níos óige, b’fhéidir go mbeidís in ann a bheith mar chuid de chlub leanaí nó féachaint ar chláir ar theilifís na leanaí atá ar fáil ar fud an domhain. Is cuid lárnach dá saol é agus, níos mó agus níos mó, is é an bealach is coitianta a bhíonn acu chun labhairt lena chéile. D’fhéadfadh níos mó a bheith i bpáirt ag leanaí agus ag déagóirí le daoine as tíortha eile i ngeall ar dhlúthbhaint an idirlín a thugann deis dóibh eispéiris den chineál céanna a roinnt le chéile.

Saincheisteanna Príobháideachais


príobháideachas

Tá athrú thar cuimse ar choincheap an phríobháideachais in intinn daoine óga. Cuireann na meáin shóisialta leis an mbrú a bhíonn ar dhéagóirí de réir mar a bhíonn siad ag iarraidh dul i gcionn ar dhaoine eile agus iad ag comhaireamh na “likes / is maith liom” a fhaigheann siad ar a gcuid postálacha. Tá roinnt déagóirí ag roinnt lear mór dá saol lena lucht leanúna ar líne anois. Mar gheall ar chomh mór is a bhíonn daoine mór le rá i gceist sna meáin, go minic ní bhítear ag iarraidh rudaí a choimeád príobháideach mar a bhíodh. 

Is smaoineamh maith é na saincheisteanna maidir le príobháideachas a phlé le do chuid scoláirí agus plé a dhéanamh ar cibé ar cheart go mbeidís i dteideal saol príobháideach nó nár cheart. D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí seo a leanas a úsáid sa rang chun an topaic a chur i láthair agus chun do chuid scoláirí a chur ag cur is ag cúiteamh. B’fhéidir gur mhaith an smaoineamh é iad a chur ag smaoineamh ar an gcaoi a mbíonn tionchar ag an teicneolaíocht ar ár saol, idir thionchar dearfach agus tionchar diúltach. Ba cheart go gcuideodh an ceacht seo le do scoláirí idirdhealú a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann siad teicneolaíocht, an méid faisnéise a roinneann siad agus an chaoi ar féidir leo a bheith níos airdeallaí faoi mhaireachtáil, ar líne agus sa saol i ndáiríre. 

Tá roinnt cainteanna TED freisin ar an topaic a bhaineann le príobháideachas ar líne a d’fhéadfadh breis plé a spreagadh. Féach ted.com/topics/privacy.

 

Gníomhaíocht Ranga 1 – Do Chearta Ar Líne

Acmhainn a theastaíonn: Bileog Eolais an Choinbhinsiúin um Chearta an Linbh ( Download ThinkB4UClick p53-65), bileoga A4 agus pinn, Cártaí AONTAÍM & NÍ AONTAÍM

Gníomhaíocht 1: Machnamh a Dhéanamh ar Chearta ar Líne

 

    1. Tabhair cóip de leagan simplithe an Choinbhinsiúin um Chearta an Linbh do na scoláirí.

 

    1. Iarr orthu dul i ngrúpaí beirte nó triúir, an Coinbhinsiún a léamh agus na cearta, is dóigh leo, is mó a bhaineann leis an saol ar líne a shainaithint.

 

    1. Ar deireadh, iarr orthu ceann de na cearta sin a roghnú, agus é a scríobh arís ina bhfocal féin mar cheart ar líne ar cheart do gach leanbh a bheith ina theideal.

 

 

*Is ionann leanbh, sa chás seo, agus duine faoi bhun 18 mbliana d’aois


 

Gníomhaíocht Ranga 2 – Díospóireacht ar cois

 

    1. Cuir na comharthaí Aontaím agus Ní Aontaím ar gach aon taobh den seomra. Bailigh na scoláirí uile le chéile i lár an tseomra.

 

    1. Abair leis na scoláirí a chur in iúl cé acu an aontaíonn siad nó nach n-aontaíonn siad leis na ráitis seo a leanas trí sheasamh faoi na comharthaí AONTAÍM nó NÍ AONTAÍM:

 

 

 

    • Ba cheart go mbeadh deis ag cuideachtaí brabús a dhéanamh ó mo chuid sonraí má táim toilteanach é a thabhairt – Ní leatsa do chuid sonraí (faisnéis a thugann tú gan teorainn nuair a úsáideann tú aipeanna, nuair a dhéanann tú cuardach Google agus nuair a cheannaíonn tú rudaí ar líne, etc.) díreach mar gheall gur fútsa iad!

 

 

 

    1. Iarr aiseolas ó scoláirí nuair a léitear gach ráiteas amach. Fiafraigh díobh cén fáth ar ghlac siad leis an seasamh a ghlac siad? Fiafraigh ag an deireadh cibé an bhfuil a seasamh athraithe ag aon scoláire mar gheall ar an méid a dúirt daoine eile.

 

 

 

    • Ráiteas molta eile “Is dea-rud é neamhainmníocht ar líne”

 

 

 

    • Má tá am fágtha féadfaidh tú an ráiteas seo a léamh freisin agus iarraidh ar na scoláirí é a phlé nó iarraidh ar scoláirí smaoineamh ar thopaicí plé a bhaineann lena bpobal scoile féin mar ghníomhaíocht a d’fhéadfaidís a dhéanamh. e.g. díospóireacht idir scoláirí, díospóireacht idir múinteoirí agus scoláirí