Conas Gabháil Scáileáin a Ghlacadh ar do Ríomhaire, ar do Ghuthán nó ar do Tháibléad

Screenshot

Conas Gabháil Scáileáin a Ghlacadh ar do Ríomhaire, ar do Ghuthán nó ar do Tháibléad

conas gabháil scáileáin a ghlacadhTá sé tábhachtach go mbeadh an t-aos óg in ann gabháil scáileáin a ghlacadh. Ní amháin go bhfuil gabhálacha scáileáin úsáideach chun ríomhchláir a thaispeáint agus chun teacht ar acmhainní ar líne nuair nach bhfuil nasc Idirlín agat, ach tá siad den riachtanas freisin chun fianaise ar chibearbhulaíocht a thaifeadadh.

Ní mór a thuiscint gur féidir gabhálacha scáileáin a úsáid chun bulaíocht a chur ar cois toisc go ligeann siad don duine a ghlacann an ghabháil scáileáin grianghraif agus teachtaireachtaí inchoiritheacha a chóipeáil. Mar sin féin, d’fhonn go mbeadh duine óg in ann cásanna cibearbhulaíochta a láimhseáil, is ríthábhachtach go mbeadh a fhios aige/aici conas fianaise ar chibearbhulaíocht a thaifeadadh trí ghabhálacha scáileáin a ghlacadh.

Cad is gabháil scáileáin ann?

I dtús báire, áfach, cad is gabháil scáileáin ann? Is é is gabháil scáileáin ann pictiúr a ghlacann úsáideoir ríomhaire, guthán póca nó táibléid chun na nithe atá ar an scáileán a thaifeadadh trí úsáid a bhaint as an ngléas sin. Stóráiltear an íomhá mar chomhad grafach. Féadtar gabhálacha scáileáin a ghlacadh trí úsáid a bhaint as ríomhchláir éagsúla nó trí úsáid a bhaint as aicearraí áirithe méarchláir/cnaipe.

Conas gabháil scáileáin a ghlacadh ar ríomhaire

  • Windows

    • Buail an cnaipe ‘PrtScn’ chun gabháil scáileáin a ghlacadh den scáileán ar fad: Nuair a bhaintear úsáid as Windows, glactar gabháil scáileáin den scáileán ar fad nuair a bhuailtear an cnaipe ‘Priontáil Scáileán’ (atá le fáil in uachtar an mhéarchláir ar dheis). Go bunúsach, cóipeáiltear íomhá den scáileán chuig an ngearrthaisce nuair a bhuailtear an cnaipe sin. Ina dhiaidh sin, beidh ort an íomhá a ghreamú isteach in Word, in Paint nó i ríomhchlár eagarthóireachta íomhánna eile leis an íomhá a fheiceáil, a chur in eagar nó a shábháil. Mura mian leat ach an fhuinneog ghníomhach a ghabháil, brúigh na cnaipí ‘Alt’ agus ‘PrtScn’ le chéile.
      PrtScn
    • Bain úsáid as an ríomhchlár ‘Snipping Tool’ chun gabhálacha scáileáin a ghlacadh agus a chur in eagar: Murar féidir leat an eochair ‘Priontáil Scáileán’ a aimsiú nó a úsáid, b’fhéidir gurbh fhearr leat úsáid a bhaint as ‘Snipping Tool’. Ríomhchlár saor in aisce é ‘Snipping Tool’ ar Windows 7, conas gabháil scáileáin a ghlacadhWindows Vista agus ar roinnt táirgí eile de chuid Windows. Ligeann sé duit gabhálacha scáileáin a ghlacadh go héasca trí ‘Nua’ a chliceáil agus an t-achar ar mhaith leat gabháil scáileáin a ghlacadh de a roghnú ansin. Is féidir leat eagarthóireacht a dhéanamh ar an ngabháil scáileáin ansin trí úsáid a bhaint as uirlisí aibhsithe agus pinn. Sampla amháin é ‘Snipping Tool’ de na huirlisí éagsúla atá ar fáil chun cabhrú leat gabhálacha scáileáin a ghlacadh.
    • Uaireanta ní bhíonn eochair ‘PrtScn’ ar ríomhairí glúine áirithe. Ba cheart go mbeadh treoracha i lámhleabhar an úsáideora a tháinig le do ríomhaire faoi theaglamaí éagsúla eochracha a d’fhéadfaí a úsáid chun gabhálacha scáileáin a ghlacadh.
  • Mac

    • Buail na heochracha ‘Command’, ‘Shift’ agus 3 le chéile chun gabháil scáileáin a ghlacadh den scáileán ar fad: Nuair a bhaintear úsáid as ríomhaire Mac, glactar gabháil scáileáin den scáileán ar fad nuair a bhuailtear na cnaipí ‘Command’, ‘Shift’ agus 3 le chéile. Sábhálfar an ghabháil scáileáin sin ar an deasc uaithi féin. Brúigh na heochracha ‘Command’, ‘Shift’ agus 4 le chéile chun gabháil scáileáin a ghlacadh d’achar roghnaithe
      conas gabháil scáileáin a ghlacadh
    • Bain úsáid as an uirlis ‘Grab’ chun gabháil scáileáin a ghlacadh: D’fhéadfaí leas a bhaint as an uirlis ‘Grab’ in áit na n-aicearraí méarchláir ar an Mac. Ríomhchlár saor in aisce é ‘Grab’ ar ríomhairí Mac. Ligeann sé duit gabhálacha scáileáin a ghlacadh go héasca trí ‘Capture’ a chliceáil agus an cineál gabháil scáileáin ar mhaith leat a ghlacadh a roghnú ansin. Sampla amháin é ‘Grab’ de na huirlisí éagsúla atá ar fáil chun cabhrú leat gabhálacha scáileáin a ghlacadh.conas gabháil scáileáin a ghlacadh

Conas gabháil scáileáin a ghlacadh ar fhón cliste/tháibléad

Braitheann an chaoi a nglactar gabháil scáileáin ar fhón cliste nó ar tháibléad ar an gcóras oibriúcháin agus ar an ngléas. Is é an bealach is éasca chun a fháil amach conas gabháil scáileáin a ghlacadh ar do ghléas ar leith ná cuardach a dhéanamh ar líne. Taispeántar sna físeáin seo a leanas, atá ar fáil ar YouTube, conas gabhálacha scáileáin a ghlacadh ar chuid de na fóin agus de na táibléid is coitianta dá bhfuil ann.

Android

iOS (Apple)

Blackberry

Windows

https://www.youtube.com/watch?v=Pxi5uYX-5-E