Conas Polasaí Úsáide Inghlactha a Réiteach

Conas Polasaí Úsáide Inghlactha a Réiteach

Tá sé ríthábhachtach go réitítear Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) i gcomhair do scoile. Leagtar amach na heochairphointí ann chun dul i ngleic le saincheisteanna sábháilteachta Idirlín le haghaidh na ndaltaí. Caithimid súil anseo ar chuid de na príomhchéimeanna atá i gceist i réiteach AUP.

  1. Struchtúir a Thionscnamh agus a Bhunú
    I dtús báire, d’fhéadfadh do scoil a chinneadh cé air a mbeidh freagracht as an AUP a fhorfheidhmiú agus breithniú a dhéanamh ar bhunú grúpa stiúrtha nó coiste chun maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt agus ar chur i ngníomh na straitéise.
  2. Athbhreithniú agus Taighde
    A luaithe a cheapfar é, d’fhéadfadh an coiste scrúdú a dhéanamh ar na heochairphointí lena gcur san áireamh i ndréacht-tograí. Pointe tagartha don uile scoil iad Treoirlínte Webwise maidir le AUPanna, atá ar fáil anseo [nasc le cur anseo ar ball], nó ar education.ie. Cuirtear faisnéis, comhairle agus tacaíocht ar fáil do scoileanna sa dá cheann acu chun a bheith réamhghníomhach i réimse na sábháilteachta Idirlín.
  3. Dréacht-Pholasaí a Réiteach
    Tá teimpléid mholta AUP, duillíní ábhartha ceada, litreacha chuig tuismitheoirí agus seicliosta AUP ar fáil ar Webwise.ie. Tá smaointe agus leideanna i ngach ceann acu chun AUP a réiteach. Ní hionann gach scoil, áfach, agus ba chóir AUPanna a leasú ag brath ar chur chuige agus ar chomhthéacs gach scoile.
  4. Dáileadh agus Comhairliúchán
    Ba chóir an dréacht-AUP a dháileadh ar an bhfoireann, ar na daltaí, ar na tuismitheoirí agus ar na boird bhainistíochta le haghaidh comhairliúcháin ionas go mbeidh deis ag an uile pháirtí leasmhar a dtuairim a thabhairt sa dréacht dheireanach. Má dhéantar moltaí cuí, ba cheart an AUP a leasú d’fhonn go gcuirfí aon iontrálacha a ligeadh thart san áireamh.
  5. Daingniú agus Cumarsáid
    Tar éis an phróisis chomhairliúcháin, ba chóir an AUP a leagan faoi bhráid an bhoird bhainistíochta lena dhaingniú. Nuair a dhaingneofar é, ní mór na doiciméid bheartais a thabhairt do na tuismitheoirí, do na caomhnóirí agus do na daltaí, in éineacht le beartas ina n-iarrfar orthu comhaontú críochnaitheach a shíniú chun go mbeidh an scoil in ann an AUP a chur i bhfeidhm. Ba cheart go gcuirfí na daoine eile i bpobal na scoile ar an eolas faoi freisin.
  6. Cur i bhFeidhm
    Go hinmheánach, ba cheart go mbeartódh an coiste stiúrtha an AUP a chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe thar thrí seachtaine d’fhonn go dtabharfaí aghaidh ar shaincheisteanna ar bith a thiocfadh aníos.
  7. Monatóireacht
    Ba cheart scrúdú a dhéanamh ar an straitéis go rialta lena chinntiú go bhfuil sí á cur i bhfeidhm ina hiomláine agus le saincheisteanna ar bith a ligeadh thart agus a d’fhéadfadh teacht chun cinn, a shainaithint.
  8. Athbhreithniú, Measúnú agus Leasú
    Is ríthábhachtach go gcloíonn do scoil le dianphlean athbhreithniúcháin chun measúnú a dhéanamh ar thionchar an AUP agus chun a bheith ar an eolas faoi fhorbairtí teicneolaíochta atá i mbun athrú i rith an ama. I ndiaidh na chéad trí seachtaine, ba cheart oibriú an pholasaí nua a mheasúnú an athuair agus ba cheart eatraimh bhuana a leagan amach le haghaidh athbhreithniú agus mheasúnú leantach an AUP.