Do phríobháideachas a chosaint ar 9 líonra shóisialta móréilimh

Do phríobháideachas a chosaint ar 9 líonra shóisialta móréilimh

príobháideachas

Socruithe príobháideachais ar sheirbhísí líonraithe sóisialta

Spás pearsanta agus poiblí araon iad na meáin shóisialta, rud a chuireann roinnt dúshlán roimh mhúinteoirí ó thaobh gairme agus clú de. Tá comhad fíricí i dtaobh príobháideachais curtha i dtoll a chéile againn maidir le naoi gcinn de na líonraí sóisialta is coitianta chun cabhrú leat bainistíocht a dhéanamh ar an dóigh a bhfeictear ar líne thú.

Cuirimid síos ar na socruithe príobháideachais a réamhshocraíonn gach seirbhís agus cuirimid in iúl duit cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an t-eolas a roinneann tú ann poiblí nó inchuardaithe ar innill chuardaigh. Leagaimid béim freisin ar na gnéithe den líonra sóisialta a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar imní ar leith do mhúinteoirí agus tugaimid leideanna praiticiúla fúthu.

Seirbhísí líonraithe sóisialta oscailte agus dúnta

Le scéal gairid a dhéanamh de, measaimid go bhfuil dhá chineál líonra sóisialta ann – líonraí oscailte agus líonraí dúnta:

  • Tá líonraí oscailte ar nós Twitter, Instagram agus Pinterest déanta sa dóigh gur féidir leat cumarsáid a dhéanamh leis an domhan mór. Níl sé éasca srian a chur ar na daoine ar féidir leo breathnú ar do chuid postálacha, cé go bhfuil smacht éigin agat air. Go ginearálta mar sin, ba chóir duit talamh slán a dhéanamh de gur féidir leis an domhan mór breathnú ar gach rud a phostálann tú ann, ar gach rud a deir tú gur maith leat nó gur fearr leat, agus ar gach duine lena bhfuil tú ceangailte tríd.
  • Is líonraí dúnta iad WhatsApp agus Snapchat, agus Facebook freisin go pointe, a mbaineann grúpaí cairde nó teagmhálaithe úsáid astu chun tuairimí, grianghraif agus an t-eolas is úire fúthu féin a roinnt lena chéile. Níl teacht ag an domhan mór ar an gcuid is mó den ábhar a phostálann tú ar na líonraí sóisialta sin, ach tá ar chuid de. Má roinneann tú faisnéis phearsanta i spásanna poiblí de thaisme, d’fhéadfadh torthaí tromchúiseacha a bheith air. Is gá duit airdeall ar leith a choinneáil ar an dóigh a n-úsáideann tú na líonraí sin.

Tá sé tábhachtach cuimhneamh, a luaithe is a phostálann tú rud éigin, go gcailleann tú smacht ar na daoine a fheicfidh é agus a thiocfaidh ar an bhfaisnéis ann, cuma cé chomh hoscailte nó dúnta a cheapann tú an tseirbhís líonraithe sóisialta sin a bheith. Tá sé fíoréasca rud ar bith a chóipeáil agus a roinnt arís i bhfoirm dhigiteach.

príobháideachasComhad fíricí maidir le príobháideachas ar Facebook

Cineál líonra sóisialta: Dúnta

Socruithe príobháideachais réamhshocraithe: Nuair a chuireann úsáideoir nua postáil suas ar Facebook, déantar í a roinnt le cairde an úsáideora agus leo sin amháin de réir réamhshocraithe. Ach tá cuid mhaith gníomhaíochta eile ar Facebook (faisnéis phearsanta, liosta cairde agus nithe is maith leis an úsáideoir) le feiceáil go poiblí de réir réamhshocraithe.

Faisnéis a bheidh poiblí i gcónaí: Beidh do phictiúr próifíle agus d’ainm le feiceáil go poiblí i gcónaí, cuma cé na socruithe príobháideachais atá agat. Más ball d’aon líonra nó d’aon ghrúpa poiblí thú, beidh sé sin poiblí freisin.

Cér féidir leis thú a aimsiú? Bíonn tú inchuardaithe i gcónaí taobh istigh de Facebook Má tá d’ainm ar eolas ag duine, beidh sé/sí in ann thú a aimsiú. Tá sé de rogha agat gan do phróifíl a bheith liostaithe i dtorthaí inneall cuardaigh. Is é an réamhshocrú áfach go bhfuil do phróifíl san áireamh i dtorthaí cuardaigh.

Leideanna do mhúinteoirí ar Facebook: Féach ar do phróifíl faoi mar a fheiceann an pobal mór í le seiceáil nach bhfuil an iomarca faisnéise á roinnt agat. Ós rud é go mbíonn do phictiúir phróifíle agus chlúdaigh le feiceáil go poiblí i gcónaí, tá sé tábhachtach go n-oireann siad don lucht féachana sin.  Má tá imní ort go roinnfidh tú an iomarca faisnéise, athraigh socruithe príobháideachais agus lucht féachana do chuid postálacha. Ba chóir duit na socruithe príobháideachais le haghaidh na rudaí a deir tú gur maith leat a sheiceáil freisin. Ní bheifeá ag iarraidh go bhfeicfeadh do mhic léinn gur spéis leat snorcláil phortaigh Árann a dhéanamh i do chraiceann dearg, cuir i gcás.

Níl aon riail dhocht ann maidir le daltaí a bheith ina gcairde leat ar Facebook. Ba chóir do mhúinteoirí seiceáil le lucht bainistíochta na scoile mura bhfuil siad cinnte faoin bpolasaí scoile. Ní thugann an Chomhairle Múinteoireachta sainchomhairle ina thaobh seo, ach iarrann siad ar mhúinteoirí a “chinntiú go mbíonn cumarsáid ar bith le daltaí nó mic léinn, comhghleacaithe, múinteoirí, lucht bainistíochta na scoile agus daoine eile iomchuí, lena n-áirítear cumarsáid trí na meáin leictreonacha, ar nós ríomhphoist, téacsála agus suíomhanna líonraithe shóisialta”.

Ná bí ag postáil faoi chúrsaí scoile ar Facebook. Go ginearálta, ní ceart a bheith ag caint faoi dhaltaí, faoi thuismitheoirí ná faoi chomhghleacaithe i bhfóram poiblí. D’fhéadfadh sé sin droch-chlú a tharraingt ar an scoil agus trioblóid cheart a tharraingt ort féin.

príobháideachasComhad fíricí maidir le príobháideachas ar Twitter

Cineál líonra sóisialta: Oscailte

Socruithe príobháideachais réamhshocraithe: Tá gach rud poiblí! Tá d’ainm, d’ainm úsáideora, postálacha agus pictiúr do phróifíle, an t-am a sheolann tú tvuíteanna agus na nithe a deir tú gur fearr leat uile le feiceáil go poiblí. Tarlaíonn sé sin go huathoibríoch. Níl d’eisceacht air sin ach do sheoladh ríomhphoist agus aon teachtaireachtaí a sheolann tú go díreach chuig úsáideoir eile, a choinnítear príobháideach.

Faisnéis a bheidh poiblí i gcónaí: Is rudaí poiblí i gcónaí iad d’ainm, d’ainm úsáideora, do phictiúir phróifíle agus chlúdaigh, do bheathaisnéisín agus an áit a bhfuil tú, mar aon leis an líon leantóirí, tvuíteanna, agus nithe is fearr leat atá agat.

Cér féidir leis thú a aimsiú? Bíonn tú inchuardaithe i gcónaí taobh istigh de Twitter, fiú má tá cuntas faoi chosaint agat. Anuas air sin, níl bealach ar bith ann le cosc a chur ar innill chuardaigh nascadh le do chuntas, cé nach mbeidh teacht ag an bpobal ar na tvuíteanna leat atá faoi chosaint. Ó mhí Feabhra 2015 ar aghaidh, beidh tvuíteanna níos feiceálaí i gcuardaigh Google.

Leideanna do mhúinteoirí ar Twitter: Chun srian a chur ar na daoine a bheidh ábalta do chuid tvuíteanna a fheiceáil, féadfaidh tú na socruithe a athrú sa dóigh is go mbeidh do chuntas Twitter faoi chosaint agus deis agatsa cead a thabhairt do dhaoine áirithe thú a leanúint. Mar sin féin, is féidir le duine ar bith thú a lua i tvuít, fiú má tá do chuntas faoi chosaint. Má chuir tú tvuíteanna amach sular chosain tú do chuntas, is féidir iad sin a aimsiú go fóill ar Google.

Is smaoineamh maith é seiceáil a dhéanamh go rialta cé atá do do leanúint. Ná lean daoine eile díreach ar an ábhar gur lean siadsan thusa. Is iomaí duine comórtha/mainicín leathanach a trí a sheolfaidh turscar chugat ach a bhfaighidh siad an deis! Cuimhnigh gur féidir leat daoine a bhlocáil má tá tú míshuaimhneach leo a bheith do do leanúint ar Twitter.

príobháideachasComhad fíricí maidir le príobháideachas ar Instagram

Cineál líonra sóisialta: Oscailte

Socruithe príobháideachais réamhshocraithe: Cuntas poiblí de réir réamhshocraithe. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh duine ar bith breathnú ar d’ainm úsáideora agus ar do chuid grianghraf mar réamhshocrú.

Faisnéis a bheidh poiblí i gcónaí: Beidh do phictiúr próifíle agus d’ainm úsáideora le feiceáil go poiblí i gcónaí. Má roghnaíonn tú ainm agus beathaisnéisín a chur ar fáil freisin, beidh siad sin poiblí freisin.

Cér féidir leis thú a aimsiú? Is féidir go mbeidh do chuid íomhánna le feiceáil i dtorthaí cuardaigh má tá tú tar éis logáil isteach i do chuntas trí amharcóir gréasáin (m.sh. cuid de na haipeanna colláise nó scagaire atá cruthaithe ag tríú páirtithe). Ina mhalairt de chás, cuirfear do phróifíl in innéacs ach níl cead ag innill chuardaigh nascadh le do chuid grianghraf ná iad sin a chur in innéacs.

Leideanna do mhúinteoirí ar Instagram: Mar an gcéanna le Twitter, tá sé de rogha agat do chuntas Instagram a dhéanamh príobháideach. Ach tá sé thar a bheith éasca íomhánna a roinnt trí Instagram le seirbhísí líonraithe sóisialta eile. Nuair a roinneann tú íomhánna ar na seirbhísí sin, tig le duine ar bith a bhfuil teacht aige ar an nasc iad a fheiceáil, fiú má tá do chuntas Instagram príobháideach. Bí cinnte go mbeifeá sásta go bhfeicfeadh duine ar bith na híomhánna sula gcuirfidh tú suas ar Instagram iad. I bhfianaise a éasca atá sé cóip a dhéanamh de ghrianghraif dhigiteacha, ní bhíonn a fhios agat choíche cé a fheicfidh gach a phostálann tú ar Instagram.

Bí an-chúramach agus tú ag postáil pictiúir de dhaoine eile. Bí cinnte go bhfuil comhghleacaithe sásta go mbeadh pictiúr díobh á roinnt ar líne sula bpostálfaidh tú é. Ní mór réamhchúraimí breise a ghlacadh nuair a phostálann tú pictiúir de dhaltaí. Más mionúir iad na daltaí, caithfidh tú cead a dtuismitheoirí a fháil. Níor cheart go mbainfí úsáid as ainmneacha, go háirithe ainmneacha iomlána, i bhfoscríbhinní. Má bhaintear úsáid astu, is gá iad a choinneáil scartha ó na híomhánna.

príobháideachasComhad fíricí maidir le príobháideachas ar Tumblr

Cineál líonra sóisialta: Oscailte

Socruithe príobháideachais réamhshocraithe: Tá postálacha, blaganna, leathanaigh agus d’ainm úsáideora uile le feiceáil go poiblí de réir réamhshocraithe. Is é an réamhshocrú gur gníomhartha poiblí freisin iad an athbhlagáil, freagraí a thabhairt agus nithe is maith leat a bheith á gcur in iúl.

Faisnéis a bheidh poiblí i gcónaí: Beidh do phictiúr próifíle agus URL agus teideal do bhlag le feiceáil go poiblí i gcónaí. Is blag poiblí é an príomhbhlag, mar sin ní féidir leat aon duine a chosc ó bheith ag breathnú air, á leanúint, ag féachaint ar leathanaigh air, nó ag teacht ar a fhotha RSS.

Cér féidir leis thú a aimsiú? Tá fáil ag gach aon duine, agus ag innill chuardaigh, ar an méid a fhoilsíonn agus a roinneann tú go poiblí, agus d’fhéadfá aon chearta príobháideachais a bheadh agat i leith an inneachair sin a chailliúint. Beidh daoine in ann do bhlaganna a aimsiú má tá do sheoladh ríomhphoist ar eolas acu.

Leideanna do mhúinteoirí ar Tumblr: Is féidir blaganna tánaisteacha a chur faoi chosaint pasfhocail. Ciallaíonn sin gur féidir leat srian a chur ar lucht féachana na mblaganna áirithe sin.

príobháideachasComhad fíricí maidir le príobháideachas ar WhatsApp

Cineál líonra sóisialta: Dúnta

Socruithe príobháideachais réamhshocraithe: Déanann WhatsApp do chuid Socruithe Príobháideachais a chumrú go huathoibríoch sa dóigh is go bhfuil cead ag aon úsáideoir eile ar WhatsApp breathnú ar admhálacha a léigh tú, ar na rudaí ba dhéanaí a chonaic tú, ar do ghrianghraf próifíle agus ar do stádas.

Faisnéis a bheidh poiblí i gcónaí: Beidh do stádas ar líne ar fáil i gcónaí. Is féidir cúpla bealach a fháil timpeall air seo ach, go hoifigiúil, beidh do stádas ar líne ar fáil i gcónaí.

Cér féidir leis thú a aimsiú? Níor mhór d’uimhir ghutháin a bheith ag úsáideoirí sula bhféadfaidh siad thú a chuardach ar WhatsApp.

príobháideachasComhad fíricí maidir le príobháideachas ar Viber

Cineál líonra sóisialta: Dúnta

Socruithe príobháideachais réamhshocraithe: Castar air na nithe seo a leanas de réir réamhshocraithe: roinn an stádas ‘ar líne’, seol an stádas ‘feicthe’, agus roinn an stádas ‘aip á húsáid’. Níl sé éigeantach grianghraf díot ná d’ainm a chur ar fáil, ach beidh teacht ag daoine orthu má tá d’uimhir ghutháin acu nó más cuid den ghrúpchomhrá céanna leat iad.

Cér féidir leis thú a aimsiú? Níor mhór d’uimhir ghutháin a bheith ag úsáideoirí sula bhféadfaidh siad thú a chuardach ar WhatsApp.

príobháideachasComhad fíricí maidir le príobháideachas ar Snapchat

Cineál líonra sóisialta: Dúnta

Socruithe príobháideachais réamhshocraithe: Is é an réamhshocrú nach féidir ach le cairde snaipeanna a chur chugat agus do Snapstory a fheiceáil.

Faisnéis a bheidh poiblí i gcónaí: Tá d’ainm úsáideora poiblí i gcónaí. Bíonn úsáideoirí in ann a fheiceáil i gcónaí cé acu ar léigh tú snaipeanna nó nár léigh.

Cér féidir leis thú a aimsiú? Is féidir le duine ar bith a bhfuil d’ainm úsáideora nó d’uimhir teagmhála ar eolas aige/aici thú a chuardach.

Leideanna do mhúinteoirí ar Snapchat: Is féidir le daoine snaipeanna a chur chugat/thú a chur lena liosta teagmhálaithe, ach ní bhfaighidh tú na teachtaireachtaí sin mura mbíonn teachtaireachtaí á bhfáil agat ó Gach Duine. Breathnaigh ar do chuid socruithe chun an rogha sin a athrú.

príobháideachasComhad fíricí maidir le príobháideachas ar Pinterest

Cineál líonra sóisialta: Oscailte

Socruithe príobháideachais réamhshocraithe: Tá cláracha agus próifílí Pinterest le feiceáil go poiblí de réir réamhshocraithe. Ciallaíonn sin gur féidir le duine ar bith súil a chaitheamh ar na híomhánna agus na hailt atá sábháilte agat ar do chláracha. Is féidir cláracha a dhéanamh rúnda sa dóigh is nach bhfeicfidh daoine céard atá ar siúl agat ar Pinterest.

Faisnéis a bheidh poiblí i gcónaí: Beidh do leathanach próifíle, d’ainm agus do ghrianghraf san áireamh, le feiceáil go poiblí i gcónaí. Rudaí poiblí iad freisin do lucht leanúna, na daoine a leanann tú féin agus na nithe is fearr leat.

Cér féidir leis thú a aimsiú? Tá gach próifíl Pinterest liostaithe ar Google de réir réamhshocraithe. Tá sé de rogha agat do phróifíl a chur i bhfolach ón gcuardach sin. Ach d’fhéadfadh d’ainm teacht aníos mar sin féin agus é nasctha le pionnaí áirithe.

Leideanna do mhúinteoirí ar Pinterest: Is féidir cláracha a dhéanamh rúnda sa dóigh is nach bhfeicfidh daoine céard atá ar siúl agat ar Pinterest.  Má bhain tú úsáid as Facebook chun cairde a aimsiú ar Pinterest, beidh nasc uathoibríoch ar bharr do phróifíle le do phróifíl Facebook. Bí cúramach freisin maidir leis na cláracha a nglacann tú páirt iontu. Beidh siad sin ceangailte le do phróifíl agus le feiceáil ann, mar sin is gá duit a bheith sásta le hoiriúnacht an inneachair a chuirtear leo.

príobháideachasComhad fíricí maidir le príobháideachas ar LinkedIn

Cineál líonra sóisialta: Dúnta

Socruithe príobháideachais réamhshocraithe: Tá an chuid is mó den fhaisnéis poiblí de réir réamhshocraithe (teagmhálaithe, achoimre oibre, oideachas agus poist go dtí seo san áireamh). Réamhshocrú eile is ea go rianaíonn LinkedIn do chuairteanna ar leathanaigh úsáideoirí eile agus go gcuireann siad iad ar an eolas faoi. Déantar do chuid nuashonruithe agus gníomhaíochtaí ar LinkedIn a chraobhscaoileadh go huathoibríoch le do theagmhálaithe freisin agus is féidir go n-aibhseofar iad ar a leathanaigh baile. Tá do ghrianghraf le feiceáil ag duine ar bith i do líonra (teagmhálaithe den chéad agus den dara céim) de réir réamhshocraithe.

Faisnéis a bheidh poiblí i gcónaí: Cé gur féidir leat a roghnú gan próifíl phoiblí LinkedIn a bheith agat, beidh do phróifíl phríobháideach le feiceáil i gcónaí ag úsáideoirí eile LinkedIn. Má bhíonn tú ag athrú grianghraif, ag fáil teagmhálaithe nua, ag leanúint cuideachtaí, ag déanamh gníomhaíocht ghrúpa nó ag cur in iúl gur maith leat rud éigin, ní féidir sin a chur i bhfolach choíche.

Cér féidir leis thú a aimsiú? Déanann innill chuardaigh innéacsú ar do phróifíl poiblí de réir réamhshocraithe. Tá sé de rogha agat do phróifíl a chur i bhfolach ón gcuardach sin, ach beidh úsáideoirí LinkedIn in ann do phróifíl a chuardach i gcónaí.

Leideanna do mhúinteoirí ar LinkedIn: Cé gur féidir leat a roghnú gan próifíl phoiblí LinkedIn a bheith agat, ní hé go gcosnaíonn sé sin do phríobháideachas ann. Is féidir le duine ar bith clárú le haghaidh próifíl LinkedIn agus beidh teacht aige/aici ina dhiaidh sin ar do phróifíl phríobháideach ina hiomláine. An t-aon bhealach amháin le faisnéis a chur i bhfolach ar do phróifíl phríobháideach is ea é a bhaint ar fad.

Tabhair do d’aire freisin go mbeidh do sheoladh ríomhphoist ar eolas ag teagmhálaithe a luaithe is a nascann tú leo. Beidh an chuma ar theachtaireachtaí a fhaightear ó na daoine sin, nó a chuirtear chucu, go bhfuil siad ag teacht nó ag imeacht ó sheoltaí ríomhphoist pearsanta seachas ó LinkedIn. Chun ríomhphoist gan iarraidh a sheachaint, tá sé tábhachtach nach nglacfadh múinteoirí le gach cuireadh chun teagmhála a chuirtear chucu agus beagán taighde a dhéanamh ar an duine sin roimh ré. Mura bhfuil mórán teagmhálaithe ag an duine sin nó mura bhfuil sé/sí nasctha ach le líon beag ball foirne i do scoil, is féidir gur dalta atá ann agus é/í i mbun fioscaireachta.