Google SafeSearch for parents and teachers

Google SafeSearch for parents and teachers

An féidir cuardach Google a dhéanamh níos sábháilte do leanaí?

Ligeann scagairí SafeSearch Google duit do shocrú brabhsálaí a athrú chun inneachar aosach a scagadh amach i dtorthaí cuardaigh Google. Deir Google:

Níl aon scagaire 100 faoin gcéad cruinn, ach ba cheart go gcabhródh SafeSearch leat an chuid is mó den chineál seo ábhair a sheachaint.

Conas a dhéanaim iarratas ar Google SafeSearch?

Caithfear na céimeanna thíos a mhacasamhlú ar gach brabhsálaí ar d’inneall agus ar gach próifíl úsáideora freisin, b’fhéidir (más rud é go bhfuil roinnt daoine ag úsáid an innill chéanna agus go bhfuil a logáil isteach féin acu ar fad)

 


Céim a hAon


Cliceáil ar an lógó ‘socruithe’, ar an taobh clé den bhosca cuardaigh. Google SafeSearch a chasadh air - céim 1

 

 


Céim a Dó


Roghnaigh “Socruithe cuardaigh”. Google SafeSearch a chasadh air - céim 2

 

 


Céim a Trí


Cuir tic leis an mbosca “Scag torthaí gáirsiúla”, ansin cliceáil ar “Glasáil SafeSearch”. Google SafeSearch a chasadh air - céim 1

 

 


Céim a Ceathair


Sínigh isteach leis an ainm úsáideora agus pasfhocal atá agat do Google/Gmail. Google SafeSearch a chasadh air - céim 1

 

 


Céim a Cúig


Cliceáil ar an gcnaipe ‘Glasáil SafeSearch’. Déanfaidh sé seo an SafeSearch a ghlasáil ar an mbrabhsálaí ar leith sin. Dá bhrí sin, srianfar torthaí cuardaigh go fóill fiú mura bhfuil tú ag logáil isteach in Google. Google SafeSearch a chasadh air - céim 1

 

 


Céim a Sé


Nuair a fheiceann tú grafaic na liathróidí daite ar scáileán Google, is eol duit gur casadh SafeSearch air. Google SafeSearch a chasadh air - céim 6

 

Cé nach bhfuil aon réiteach scagtha 100% cruinn, tá Google SafeSearch an-éifeachtach ag scagadh pornagrafaíochta agus ábhar gáirsiúil amach. Mar sin féin, d’fhéadfadh inneachar foréigneach a bheith ar fáil go fóill agus SafeSearch casta air agus glasáilte. D’oibrigh SafeSearch go maith ar an gcúla brabhsálaí a d’úsáideamar sna tástálacha, ach ní mór duit a bheith eolach go bhféadfaí teip air corruair ar innill agus ar bhrabhsálaithe ar leith. Mar sin de, coinnigh súil air ó am go chéile lena chinntiú go bhfuil sé ag obair go fóill mar a bhí tú ag súil leis.