Mínithe: aip lena roinntear íomhánna Instagram

instagram

Mínithe: aip lena roinntear íomhánna Instagram

Ceann-Airteagal Instagram

Tá Instagram ar cheann de na haipeanna fóin chliste a bhfuil leas á bhaint acu as saol cruthaitheach daoine óga atá bunaithe ar íomhánna.

Is cosúil gur chuala tú é ar dhóigh éigin, cibé acu ó do dhaltaí, ó do leanbh nó sna meáin.

Mar sin, tá sé in am duit teacht isteach ar an aip agus ar cad atá i gceist léi.

Cad is Instagram ann?

[youtube id=”N92MQ9o4Fe0″]

Go bunúsach, is aip líonraithe shóisialta é Instagram trínar féidir lena úsáideoirí grianghraif agus físeáin a roinnt lena gcairde.
Is féidir an aip a íoslódáil saor in aisce ó na gnáthstórais aipeanna agus tá an-bhród ag a lán daoine óga (agus ag a lán daoine scothaosta!) as é a bheith ar a bhfón cliste.
Dara hAirteagal Instagram
Is iad Kevin Systrom agus Mike Krieger, beirt chéimithe de chuid Stanford University, a bhunaigh an chuideachta in 2010 agus baineann thart ar 200 milliún duine leas aisti anois. Cheannaigh Facebook, an mórchomhlacht líonraithe shóisialta, an chuideachta in 2012.

Cé gur aip lena roinntear grianghraif í go bunúsach, tagann tóir an láithreáin óna bhfeidhmiúlacht eagarthóireachta grianghraf.
A luaithe is a ghlacann úsáideoir grianghraf, trí scagairí Instagram – a bhfuil na dosaenacha díobh ann – is féidir íomhánna a aistriú ar mhodh a chuirfeadh prionta seanaimseartha Polaroid (ar dheas) i gcuimhne duit.

Cé gur féidir próifílí pearsanta a chruthú tríd an aip, is féidir í a cheangal fosta leis na próifílí líonraithe shóisialta atá ann cheana ar nós Facebook agus Twitter, a fhágann gur féidir le húsáideoirí a ngrianghraif a roinnt ar fud ardáin éagsúla.

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

Ar dtús, nuair a chláraíonn úsáideoir, déanfar próifíl phoiblí dá phróifíl/dá próifíl go huathoibríoch – a fhágann gur féidir le gach duine na grianghraif nó na físeáin a cruthaíodh a fheiceáil agus an aip á húsáid.

Ní gá dúinn na saincheisteanna follasacha príobháideachais a thagann as sin a léiriú duit.

Mar sin féin, i roinnt céimeanna simplí, is féidir an fheidhmiúlacht seo a lascadh as:

InstagramCéimArChéim

  • San aip, cliceáil deilbhín na próifíle ag coirnéal na láimhe deise ar bhun an scáileáin
  • Cliceáil ar “cuir do phróifíl in eagar” anois
  • Ar an gcéad scáileán eile, feicfidh tú “posts are private” ag an mbun. Tapáil an cnaipe chun do phoist a dhéanamh príobháideach

Cé gurb é an príobháideachas an príomhábhar is cúram agus an aip á húsáid agat, bhí Instagram bainteach le conspóidí eile chomh maith.

In 2013,  rinne BBC imscrúdú  ar úsáid na haipe ag mangairí drugaí a raibh Instagram á úsáid acu chun drugaí a dhíol.

Déanann Instagram monatóireacht anois, áfach, ar an bhfeidhm haischlibe – a n-úsáideann a lán daoine í ar an aip – chun iarracht a dhéanamh stop a chur le húsáid neamhcheadaithe a sheirbhíse.

Cosúil le go leor láithreáin líonraithe shóisialta eile, baineann teorainneacha aoise le Instagram, cé gur cinn iad atá deacair a fhorfheidhmiú.

De réir a théarmaí seirbhíse: “Ní dhéanann Instagram faisnéis ar bith a bhailiú ná a iarraidh d’aon turas ó dhuine ar bith atá faoi bhun 13 bliana d’aois agus ní thugann sé cead d’aon turas do na daoine sin clárú i gcomhair na Seirbhíse. Níl an tSeirbhís agus a hábhair dírithe ar leanaí faoi bhun 13 bliana d’aois.”

Cad iad na buntáistí?

Lógó Instagram ar fhón cliste

Baineann rioscaí leis, cosúil leis an gcuid is mó de na láithreáin ghréasáin líonraithe shóisialta, ach baineann buntáistí leis chomh maith.

Cosúil le Vine, an aip lena roinntear físeáin, is é aidhm Instagram ná bunúlacht chruthaitheach a spreagadh.

Go deimhin, is cosúil go bhfuil Instagram ar cheann de na cúiseanna taobh thiar d’athbheochan na tóra ar an ngrianghrafadóireacht.

Cuireann an aip ar chumas a húsáideoirí óga a saol a roinnt ar dhóigheanna dá gcuid féin agus ar dhóigheanna cumhathéamaithe agus is cinnte go bhfuil úsáid mhaith á baint aisti ag formhór a húsáideoirí.

Ár moladh:

Nuair a chuirtear an fheidhm phríobháideach i bhfeidhm ar an aip, agus a ngrianghraf á roinnt ag úsáideoirí lena gcairde, sílimid gur aip iontach é Instagram agus ba cheart daoine óga a spreagadh chun í a úsáid.