Na Meáin Shóisialta a Thabhairt Isteach sa Seomra Ranga – 4 Chéim le tosú amach

Na Meáin Shóisialta a Thabhairt Isteach sa Seomra Ranga – 4 Chéim le tosú amach

Tá na meáin shóisialta anois ina gcuid lárnach den chaoi a ndéanann daoine óga cumarsáid agus idirghníomhú leis an domhan. Mar thoradh air seo, tá na meáin shóisialta á dtabhairt isteach sa seomra ranga ag go leor scoileanna agus múinteoirí. Más múinteoir thú a bhfuil suim agat tús a chur leis, tá go leor buntáistí ag baint leis na meáin shóisialta a úsáid sa seomra ranga, áirítear orthu sin:

  • Scileanna litearthachta digití a fhorbairt agus a fheabhsú
  • Scileanna cumarsáide an dalta a fhorbairt
  • Féadfaidh daltaí ceangal agus cumarsáid a dhéanamh le ranganna agus le scoileanna eile ar fud an domhain.
  • Tuilleadh rannpháirtíochta sa rang a spreagadh
  • Is féidir leis na meáin shóisialta bheith ina uirlis iontach do chomhoibriú ranga agus grúpa
  • Bealach iontach do dhaltaí agus do mhúinteoirí chun faisnéis a roinnt is ea na meáin shóisialta

Tá roinnt rioscaí ag baint leis na meáin shóisialta a úsáid sa rang, ach leis an eolas agus ullmhúchán ceart, is féidir na rioscaí seo a bhainistiú. Roinnt rioscaí nach mór dúinn a bheith feasach orthu:

Ábhar míchuí: Is é an rud deiridh a theastaíonn ó mhúinteoir ná ábhar pornagrafach nó ábhar eile míchuí a thaispeáint gan chuimhneamh dá ndaltaí.  Ba cheart go mbeifeá ar an eolas go bhfuil pornagrafaíocht ar fáil go héasca ar roinnt seirbhísí meán sóisialta, lena n-áirítear Twitter agus Tumblr, go háirithe. Déanann ardáin eile, YouTube san áireamh, fógraíocht ar sheirbhísí nach mbeadh feiliúnach don seomra ranga. Cé go bhfuil scagairí ar Líonra Leathanbhanda na Scoileanna chun é seo a chosc; Má tá tú chun na meáin shóisialta a úsáid sa seomra ranga, is fearr tástáil a dhéanamh roimh ré sa suíomh seo.

Bulaíocht: Tríd na meáin shóisialta a úsáid, d’fhéadfá cumarsáid mhí-úsáideach agus mhíchuí a fháil.  Má tá íomhánna de dhaltaí ná a gcuid oibre á gcur ar an Idirlíon agat, d’fhéadfaidís teachtaireachtaí gránna a fháil chomh maith. Chun an riosca seo a sheachaint, cinntigh go mbíonn gach postáil measraithe. Ar fhormhór suíomhanna meán sóisialta tá roghanna chun daoine eile a dhíchumasú ó theachtaireachtaí a fhágáil ar do phostálacha go hiomlán nó tugann roinnt cainéil shóisialta rogha d’úinéir an chainéil teachtaireachtaí a fhaomhadh sula dtéann siad beo.

Pasfhocail: Caithfimid a bheith cúramach nach gcaillimid smacht ar chuntas meán sóisialta an ranga. Má thugtar rochtain don rang ar fad ar na sonraí logáil isteach don chuntas meán sóisialta d’fhéadfaí mí-úsáid a bhaint as an gcuntas nó d’fhéadfaí tú a ghlasáil amach as an gcuntas. LEID – ná roinn do phasfhocail agus ná fág do chuntas logáilte isteach ar innill gur féidir le daoine eile iad a úsáid. Athraigh do phasfhocal go rialta.

Clú a chailleadh: Ní mór dúinn a bheith cúramach nach ndéanann aon rud a phostáiltear ar na meáin shóisialta dochar do chlú na scoile nó do chlú aon bhall de phobal na scoile. Tá sé tábhachtach go bhfuil tú féin agus do dhaltaí ar an eolas faoi bheartais na scoile i ndáil le húsáid meán sóisialta.

Príobháideachas: Nuair atáimid ag postáil faoi leanaí ní mór dúinn bheith an-chúramach nach dtugtar aon fhaisnéis phearsanta faoi na leanaí sa phostáil. Bíonn faisnéis faoi ghnóthachtáil oideachais, riachtanais speisialta oideachais, agus buarthaí sláinte nó teaghlaigh daltaí an-íogair. Caithfidh tú a chinntiú nach roinneann tú an fhaisnéis seo, trí thimpiste fiú, i do phostálacha.

alt

Sula dtugann tú na meáin shóisialta isteach sa lá scoile, tá ceithre chéim is gá duit a thógáil chun aon deacrachtaí a sheachaint nuair a bhíonn an cainéal meán sóisialta ag feidhmiú:

  1. Faigh cead ón mbainistíocht
  2. Cuir tuismitheoirí ar an eolas agus faigh toiliú uathu
  3. Bunaigh treoirlínte chun na meáin shóisialta a úsáid
  4. Roghnaigh an tseirbhís mheáin shóisialta is éifeachtaí

Chun rang teagaisc a fheiceáil lena n-áirítear treoracha físe, cláraigh dár gcúrsa ar líne anseo: teachercpd.ie/