Polasaithe Úsáide Inghlactha Samplacha

Polasaithe Úsáide Inghlactha Samplacha

An bhfuil tú Éiginnte faoin Dóigh le Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) do Scoile a Réiteach? Ná bí buartha. Tá roinnt samplaí cruthanta de dhoiciméid AUP, duillíní ceada gaolmhara agus seicliostaí AUP á liostáil againn anseo.

Féadfaidh tú na leaganacha seo a íoslódáil, ach cuimhnigh go mbeidh ort na AUPanna a leasú beagán agus a athrú lena gcur in oiriúint do riachtanais do scoile.

Doiciméid fhíorthábhachtacha iad AUPanna a chinntíonn úsáid shábháilte an Idirlín ar scoil.

B’fhiú a lua freisin nach comhairle dlí é ceann ar bith de na doiciméid a fhoilsítear anseo. Déan teagmháil le d’ionadaithe dlí má tá cúnamh dlí uait.

Tá ár dtreoir maidir le AUPanna, Treoirlínte Webwise maidir le AUPanna le fáil thíos. Tugtar treoir duit faoin dóigh le AUP maith a réiteach. Tá AUP samplach inti freisin, mar aon le duillín ceada, seicliosta agus comhfhreagras samplach eile.

[pdf:http://test.scoilnet.ie/webwise3/AUPfeb2013_GA.pdf]

Is iomaí scoil, idir bhunscoil agus mheánscoil, a bhfuil AUPanna rathúla curtha i bhfeidhm acu.

Meánscoileanna iad Coláiste na Carraige Duibhe agus Coláiste Pobail Cholm Cille i gCnoc Lín a bhfuil a gcuid AUPanna postáilte acu go poiblí.

Bunscoileanna iad Scoil Naomh Sheosaimh i nGaillimh agus Bunscoil Mháthair Ghrásta Dé i mBaile Gall i mBaile Átha Cliath, a bhfuil samplaí úsáideacha de AUPanna acu.

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait, feic ár mír a bhaineann le CCanna faoi AUPanna nó feic ár leideanna chun AUP a fhorbairt.

Má theastaíonn a dhath eile uait, cuir ríomhphost chugainn ag internetsafety@ncte.ie.