Scileanna Litearthachta Digití: Smaointeoireacht Chriticiúil

Smart Social Networking

Scileanna Litearthachta Digití: Smaointeoireacht Chriticiúil

Smaointeoireacht Chriticiúil


Cad is Smaointeoireacht Chriticiúil ann?


Is iomaí sainmhíniú ar smaointeoireacht chriticiúil; sa mhíniú is bunúsaí, baineann sé le bheith in ann smaoineamh duit féin. Má tá siad chun smaoineamh go criticiúil, caithfidh scoláirí a bheith in ann

1. Anailís agus meastóireacht a dhéanamh ar fhaisnéis agus ar argóintí

2. Féachaint ar phatrúin agus ar naisc,

3. Faisnéis bhríoch a shainaithint agus a fhorbairt

Ansin caithfidh siad é a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an tsaoil i ndáiríre agus a bheith in ann a gcruth féin a chur air.

Smaointeoireacht Chriticiúil


Cén fáth a bhfuil tábhacht leis?


Caithfidh leanaí agus déagóirí scileanna smaointeoireachta criticiúla a fhorbairt d’fhonn an leas is fearr a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha. Nuair a mhúintear dóibh le ceisteanna a chur agus a bheith amhrasach fós cuidítear leo an saibhreas faisnéise atá ar fáil dóibh ar líne a úsáid. Trí cheisteanna a chur beidh siad in ann brí a bhaint as na teachtaireachtaí atá siad a fháil. Beidh siad in ann a aithint cad is nuacht bhréagach ann, an bhfuil an fhaisnéis a léann siad bailí nó nach bhfuil, an bhfuil foinsí iontaofa, agus má claonadh ann nó nach bhfuil. Féach freisin https://www.webwise.ie/teachers/what-is-fake-news/.

Ní bhíonn scoláirí a chleachtann scileanna smaointeoireachta criticiúla agus meastóireachta chomh géilliúil ina dtuiscint ar ábhar. Cuideoidh sé leo freisin éirí níos tuisceanaí agus níos báúla nuair a bhíonn siad ag gabháil don saol ar líne. Úsáid ár bhfaisnéis ghrafach éasca le tosú.

Smaointeoireacht ChriticiúilPriontáil anseo: Critical thinking and Evaluation