Louise O’Neill – Mo Chuid Féinphiceanna

Louise O’Neill – Mo Chuid Féinphiceanna

louise

Lúnasa 2011 a bhí ann. Bhí an oifig fágtha agam agus mé ag déanamh mo bhealach tríd an aer ramhar agus trí thurasóirí a bhí ag cur allais agus ag plódú Times Square chun an Q Train a fháil ar ais go Brooklyn. Agus mé sínte in aghaidh bhalla bríce ardán na traenach faoi thalamh, thosaigh eachtraí an lae ag dul trí m’intinn. (Ar sheol mé na samplaí siúd ar ais go Gucci? An ndearna mé botún seafóideach eile? Cad atá ar siúl agam le mo shaol?) Agus ansin chonaic mé í. Cailíní amach sna déaga, í ina suí léi féin, gruaig fhada dhubh uirthi agus éadan beag tanaí mar a bheadh bábóg ann. Bhí an iPhone ansiúd aici, agus í ag iarraidh, agus gan ag éirí go rómhaith léi, pictiúr a ghlacadh di féin, í ag seiceáil an cheamara, ag osnaíl, agus ansin ag iarraidh pictiúr eile a ghlacadh. Chaith mé súil thar timpeall, ionas go mbreathnódh duine éigin orm le go ndeimhneoinn i ndáiríre go raibh an cailíní seo ag glacadh pictiúr di féin lena fón ar ardán na traenach faoi thalamh. Cad a bhí ar siúl aici?

“Ar ndóigh, feicim é sin ag tarlú go minic nuair a thugaim cuairt ar mo mhuintir sa Chóiré Theas,” a dúirt mo chomhghleacaí liom ag ELLE lá arna mhárach. “Fan go bhfeicfidh tú. Beidh an nós seo ag gach duine go luath.”

Bhí an ceart aici. In 2013, d’ainmnigh Oxford Dictionaries ‘selfie’ mar fhocal Béarla na bliana, agus anois agus an Pápa, Barack Obama, agus David Cameron ina measc siúd a bhí ag glacadh pictiúr díobh féin, níl aon chuma air go dtiocfaidh deireadh leis an nós go luath. Tá ‘méaróg an fhéinphic’ againn anois, nó ‘slaitín Narcissus’, mar a thug duine amháin ar Twitter air, méaróg mhiotail le clampa ar thaobh amháin chun do iPhone a choinneáil ionas gur féidir leat an ceamara a shocrú thar ghnáthraon do láimh. Glacaim leis go bhfuil caoga díobh cheana féin ag an gcailín siúd a chonaic mé ar an ardán traenach na blianta ó shin.

Ach an oiread le haon rud a tharlaíonn a mbíonn daoine ar bís faoi, tá cuid mhaith scríofa ag eagarthóirí nuachtáin agus irisí agus i mblaganna ar líne faoin tóir (agus an tóir arís is arís) atá ar an bhFéinphic, agus go minic cáintear fir agus mná na linne seo sna píosaí sin toisc go bhfeiceann siad gur cheart dóibh gach pioc dá dtarlaíonn ina saol a thaispeáint don saol mór. Mar a deir siad ar Tumblr, ‘Pics or it didn’t happen.’ Tá cuid mhaith den chaint go dtí seo dírithe ar mhná óga agus ar a gcuid iompair ar líne, iompar dar le cuid mhaith nach bhfuil folláin in aon chor.

Tá an phostáil sheasta d’fhéinphiceanna a dhéanann cailíní óga sna déaga, i mbeagán éadaí agus cuma an-ghnéasach go deo orthu, ag cur imní mhór ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí.

Mar gheall ar an méid atá scríofa agam féin faoin mbrú atá ar mhná na linne seo, ní raibh aon iontas orm nuair a d’iarr lucht eagraithe Lá na Sábháilteachta Idirlín orm iarracht a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar an imní sin.

Toisc gur chaith mé blianta ag iarraidh fáil réidh leis an drochíomhá a bhí agam de mo cholainn féin, rud a ghabhann le neamhord itheacháin, ní rud é an ceamara a thaitin riamh liom. Níor mhaith liom féachaint ar phictiúir díom féin toisc nár léirigh siad an íomhá seo a bhí agam díom féin, nó ar a laghad ar bith an íomhá a bhí mé a iarraidh díom féin. Bhínn ag stánadh ar an bpictiúr ar feadh uaireanta an chloig, agus mé ar buile. Ar buile liom féin. Ar buile faoi bheith chomh gránna sin. Ar buile mar gur theip orm sa rud a bhí tábhachtach i ndáiríre sa saol – a bheith dathúil go fisiceach. B’fhéidir go bhfuilim níos leochailí fós mar gheall air sin, ach caithfidh mé a admháil nach raibh mé compordach riamh leis an tóir atá ag daoine ar fhéinphiceanna, de réir mar a thagann tuilleadh agus tuilleadh aghaidheanna scagtha isteach ar mo fhotha Instagram, aon lochtanna a bhí orthu scriosta amach ag an teicneolaíocht. Scríobh mé ar mo bhlag go raibh faitíos orm gur léiriú eile de Mhiotas na hÁilleachta a bhí sna féinphiceanna, bealach eile chun a chur ina luí ar mhná óga a chreidiúint go bhfuil nasc díreach idir a bhfiúntas féin mar dhaoine agus a gcumas caighdeán áilleachta a bhaint amach nach féidir a bhaint amach go minic.

An chéad rud eile fuair mé iPhone nua le haghaidh na Nollag.

Múnla níos deise le ceamara níos fearr, ba mhór an feall gan rud chomh cliste leis a chur ag obair. Cén dochar a bheadh ann triail a bhaint as? Uair an chloig (agus thart ar 363 grianghraf scriosta ina dhiaidh sin), táim ag scagadh féinphic agus cosúlacht mhór agam anois le duine de mhainicíní Victoria Secret, cé nach bhfuilim baileach chomh dathúil léi. Nach iontach an saol é, a dhuine cóir. Agus tuigim sa deireadh thiar cén fáth ar maith le daoine féinphiceanna – tá smacht éigin i gceist leis, bealach inar féidir leat ionramháil a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann tú thú féin i láthair an tsaoil thar timpeall ort. Seasta síoraí táimid ag féachaint ar íomhánna de mhná mar a fheiceann fir iad. Nach bhfuil rud éigin cumhachtach faoi bheith in ann ár n-aghaidh agus ár gcolainn féin a chur i láthair ar an mbealach ar mian linne go bhfeicfí iad, seachas an bealach a ndeirtear linn go mba ‘cheart’ dóibh a bheith?

 

alt-1

Mar mhná, múineadh dúinn nuair a bhíomar an-óg a bheith go lách, gan a bheith ag tarraingt achrainn, a bheith umhal ionainn féin. Arís agus arís eile, cloisim mná ag tosú abairt le “Tá brón orm ach…” nó “Ní raibh mé ach ag iarraidh ceist a chur…” agus “B’fhéidir gur ceist sheafóideach í seo ach…”;   cruit orthu ar fhaitíos go gcuirfidís isteach ar an té ar a bhfuil siad ag díriú na ceiste. Cén fáth a mbímid ag gabháil leithscéil? As a bheith chomh dána is go bhfuilimid in ann ceist a chur? É bheith de dhánacht ionainn am fiúntach duine eile a chur amú? Tá sé mar a bheimis dár n-umhlú féin toisc go dtógaimid suas spás i saol ina bhfeictear go bhfuil luach mór millteach ag baint leis na riachtanais agus leis na mianta atá ag an bhfear geal nach bhfuil aerach, agus go gcuirtear duine ar bith nach bhfuil sna catagóirí sin ina dtost, amhail is dá ngearrfaí an teanga glan amach astu. Agus nuair a mhothaíonn mná óga nach bhfuil siad ‘chomh luachmhar céanna’, nach fiú éisteacht lena gcuid tuairimí i gcomparáid le tuairimí fear óg, is breá an rud é ar bhealach éigin glúin cailíní a fheiceáil atá in ann seasamh suas dóibh féin. Postálann siad a gcuid pictiúr ar Instagram, taispeánann siad a n-aghaidh don cheamara agus deir siad go misniúil, “Mise atá ann. Creidim go bhfuilim go hálainn inniu.”  Deirtear go dtosaímid ag tabhairt droim go nádúrtha dár dtuismitheoirí agus go dtosaímid ar ár dturas féin sa saol inár ndéagóirí, más fíor sin b’fhéidir gur cuid riachtanach den phróiseas sin iad na féinphiceanna, iad mar scáthán lenar féidir le cailín óg a féiniúlacht féin mar dhuine fásta a chruthú, uirlis a chabhróidh léi í féin a chosaint i dtimpeallacht dhigiteach

Ach ar ndóigh, níl rudaí chomh simplí sin anois, an bhfuil?

Chomh luath is a phostálaimid an pictiúr sin, is cuma cé chomh breá is a airímid fúinn féin, tosaímid ag feithimh agus nílimid in ann stopadh.

Cé mhéad ‘is maith liom é’ a gheobhaidh mé? An dtabharfaidh aon duine a dtuairim faoin bpictiúr? Abair liom go bhfuilim dathúil, a Shaol Mór. Abair liom go bhfuilim tábhachtach. Abair liom go bhfuilim anseo. Is rud bunúsach an mianach atá sa duine gur maith linn go dtaitneoimis leo siúd atá inár measc. Nílimid a iarraidh ach go nglacfar linn.

Bíonn tuismitheoirí, múinteoirí agus daoine eile a bhfuil údarás acu ag gearán faoi chomh gnéasach is atá na féinphiceanna a phostálann cailíní, agus cé go bhféadfadh duine a rá gurb annamh a bhíonn an clampar seo ar fad faoi ghnéasacht bhláfar na mban óg dírithe in aon chor ar fhir óga atá ar comhaois leo, tuigim an imní atá orthu. Mar sin féin, ní leigheas ar bith ar an scéal é cailíní a náiriú as iarracht a dhéanamh a gcuid gnéasachta a léiriú, ná ní leigheas é smacht a fháil ar an úsáid a bhaineann siad as na meáin shóisialta agus as an idirlíon. Ní mór dúinn féachaint ar an gcultúr atá cruthaithe againn féin, na daoine fásta, a mhúineann do chailíní go gcaithfidh siad iad féin a ghléasadh agus a iompar ar bhealach gnéasach, ach má aithnítear iad mar dhuine gnéasach gur rud contúirteach dóibh é sin ar bhealach éigin.

Is iad na mná is mó a fheicimid i mbéal an phobail ná aisteoirí agus réaltaí popcheoil agus réaltaí teilifís réaltachta, agus iad go léir le feiceáil ar chlúdaí irisí agus pus mór orthu mar a bheidís á bpógadh agus éadaí sách gríosaitheach á gcaitheamh acu. Níl aon duine ag rá gur chóir do mhná náire a bheith orthu as a gcolainn féin agus gur cheart dóibh níos mó éadaí a chaitheamh ach má athraíonn tú rudaí thart agus Jay-Z a shamhlú ina chuid fobhrístí ar chlúdach Time Magazine díreach mar a bhí Beyoncé, ansin is léir nach réitíonn an dá scéal le chéile in aon chor. Mar sin tá an teachtaireacht sin á tabhairt do chailíní más mian leo a bheith rathúil sa saol, má tá siad ag iarraidh airgead a bheith acu agus cáil agus ómós an phobail a bhaint amach go gcaithfidh siad a bheith gnéasach, ach ag an am céanna tá caighdeáin mhóra mhoráltachta á smachtú, rud nach bhfuil ag tarlú do bhuachaillí. Dá réir sin tarraingítear míchlú agus bítear ag magadh go poiblí faoin gcailín a bhí ag an gceolchoirm i mBaile Shláine nó faoin gcailín a bhí ar saoire in Magaluf, ach ní chuirtear suim ar bith sna fir a bhí i gceist – “ar ndóigh nach buachaillí iad” a deirtear.

 

Is iomaí rud a ghoilleann ar chailín ó bheirtear í go dtí go dtosaíonn sí ag postáil Féinphiceanna di féin agus a bicíní uirthi, ag fanacht go ndéarfaidh duine éigin léi go bhfuil sí go hálainn.

Fágann a hathair cóip de The Sun caite thart agus pictiúr de mhainicín gan cíochbheart ar Leathanach 3… Bíonn a máthair ina suí ag comhrá lena cara, ag magadh faoi mheáchan atá curtha suas ag bean cháiliúil éigin, ach gan dochar di ar ndóigh. Níl a seanmháthair ag ithe brioscaí mar tá sí ag ‘iarraidh bheith go maith.’ Fágann a deirfiúr mhór ráiteas gránna ar an Daily Mail ar líne faoi éadaí a chaith bean éigin nár thaitin léi, bíonn an té atá ag tabhairt aire di ag breathnú de shíor ar America’s Next Top Model, éisteann a deartháir le rapcheol a bhfuil liricí uafásacha iontu ina léirítear fuath do mhná, imríonn a col ceathrar Grand Theft Auto gan staonadh, ag caint faoi ‘striapach amaideach’ atá maraithe aige. Ceannaíonn cara léi cás pinn luaidhe Playboy di nuair a bhíonn sí deich mbliana d’aois. Feiceann sí cíochbhirt chun a cíocha a bhrú suas go dtí a smig á ndíol i rannán na bpáistí sa siopa áitiúil. Rudaí beaga, nach bhfuil ceangal ar bith acu le chéile shílfeá – ach rudaí ar fad a chuireann le cultúr ina mothóidh an cailín sin tionchar an ghnéis an t-am ar fad, a luach dúchasach mar dhuine laghdaithe mar gheall ar a dreach fisiceach.

 

Bíonn imní ar thuismitheoirí faoin drochthionchar atá ag na meáin shóisialta ar fhéinmhuinín a n-iníne. Tá faitíos orthu go bhfuil an t-idirlíon ag cur a bpáiste i mbaol, ag cur brú uirthi nach féidir léi a sheasamh.

Ach ní hé Instagram atá ag múineadh do chailíní óga scór pictiúr gnéasach a phostáil díobh féin taobh istigh de chúpla nóiméad. Déantar an damáiste i bhfad sula mbíonn siad sách sean le tuiscint fiú cad atá i gceist le líonrú sóisialta.

B’fhéidir gur chóir dúinne Lá na Sábháilteachta Idirlín a úsáid chun ár n-iompar féin a mheas agus fiafraí dínn féin – an bhfuil tú ag cabhrú chun an cultúr sin a athrú? Nó an bhfuil tú á scaoileadh tharat, tú sásta nach mbeidh i d’iníon, i do mháthair, i do dheirfiúr, i do chailín nó i do bhean chéile ach rud gnéasach i ndeireadh an tsaoil?

Le Louise O’Neill. Is údar Éireannach í Louise a bhfuil gradaim buaite aici. I measc a cuid leabhar tá: ‘Only Ever Yours’ agus ‘Asking For It’.