MySelfie agus an Domhan Mór seolta

MySelfie agus an Domhan Mór seolta

Sheol an tAire Scileanna, Taighde agus Nuálaíochta, Damien English TD, Lámhleabhar nua do Mhúinteoirí in aghaidh na Cibearbhulaíochta sna Bunscoileanna i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015.
Forbraíodh
MySelfie agus an Domhan Mór toisc go mbíonn páistí ag dul ar líne ag aois níos óige agus níos óige anois. Acmhainn OSPS í seo atá ceaptha aird daltaí bunscoile i rang a cúig agus a sé a dhíriú ar topaic na cibearbhulaíochta, a chabhróidh leo forbairt a dhéanamh ar na scileanna agus ar an tuiscint a theastaíonn chun an tIdirlíon a úsáid go freagrach, go héifeachtach agus go hairdeallach ar chúrsaí sóisialta, agus iad ag baint triail as líonraí sóisialta den chéad uair.

MySelfie agus an Domhan Mór á sheoladh ag an Aire English

MySelfie agus an Domhan Mór seoltaGné lárnach den acmhainn MySelfie is ea sraith beochaintí gearra. Pointe tosaigh iad na beochaintí sin do dhíospóireacht ranga ar na mothúcháin atá taobh thiar de bhulaíocht, ar an tionchar mothúchánach is féidir leis an mbulaíocht a imirt ar íospartaigh, agus ar an dóigh ar féidir le leanaí athrú dearfach a bhaint amach i ndáil le bulaíocht, cibearbhulaíocht go háirithe. Tugann cúig cinn de phleananna ceachta tacaíocht do na beochaintí sin.

Ag labhairt faoi MySelfie agus an Domhan Mór le linn ócáid a sheolta ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015, dúirt an tAire Scileanna, Taighde agus Nuálaíochta, Damien English TD:

“Bíonn páistí ag dul ar líne ag aois i bhfad níos óige ná mar a bhídís roimhe seo agus bíonn an chuid is mó den ghníomhaíocht sin ar siúl ar ghléasanna pearsanta gan mhaoirseacht. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach go gcuirimid straitéisí oideachais i bhfeidhm i mbunscoileanna a chuirfidh an cumasú, an smaointeoireacht chriticiúil agus an meas ar dhaoine eile chun cinn. Tabharfaidh an acmhainn churaclaim seo tacaíocht dúinn agus muid ag múineadh do pháistí cén chaoi caidrimh a bhainistiú, teacht aniar a chothú iontu féin agus bá a bheith acu le daoine eile.”

Tabharfaidh an acmhainn churaclaim seo tacaíocht dúinn agus muid ag múineadh do pháistí cén chaoi caidrimh a bhainistiú, teacht aniar a chothú iontu féin agus bá a bheith acu le daoine eile.

“Is é an bealach is fearr chun dul i ngleic le cibearbhulaíocht ná í a chosc ar an gcéad dul síos. Is é is aidhm don acmhainn seo bulaíocht a chosc agus feasacht a ardú. Dírítear inti ar iompar cuí ar líne a chur chun cinn, ar bhealaí le bheith sábháilte ar líne a leagan amach agus ar fhorbairt a dhéanamh ar chultúr ina dtuairiscítear aon ábhair imní faoi cibearbhulaíocht.”

Lá na Sábháilteachta Idirlín

Dúirt Simon Grehan, Webwise, an té a chomhordaíonn Lá na Sábháilteachta Idirlín in Éirinn: “Tá mórathrú feicthe againn le dhá bhliain anuas sa dóigh a n-úsáideann páistí an tIdirlíon, toisc fóin chliste agus táibléid a bheith ar fáil níos fairsinge dóibh. Tá fianaise ann go mbíonn páistí ag dul ar líne níos óige ná riamh agus gur gléasanna móibíleacha gan mhaoirseacht is mó atá siad a úsáid le teacht air, mar sin tá gá le freagraí nua amhail an acmhainn MySelfie.”

“Má théitear i ngleic leis an gcibearbhulaíocht sna seomraí ranga go réamhghníomhach coisctheach, beidh deis ag páistí bá níos mó a fhorbairt, a bheith níos teanntásaí, teacht aniar níos fearr a chothú iontu féin agus cúnamh a thabhairt do dhaoine eile.”

MySelfie agus an Domhan Mór a úsáid sa seomra ranga

Tá úsáid á baint cheana as an acmhainn MySelfie i 948 scoil ar fud na hÉireann. Caith súil ar an bhfíseán thuas agus ar an mblagphostáil seo féachaint cén chaoi a bhfuil dhá scoil éagsúla ag úsáid an acmhainn MySelfie. Is féidir é a ordú saor in aisce nó a íoslódáil anseo.