Faigh Acmhainní

Tá roinnt acmhainní múinteoireachta maidir le sábháilteacht Idirlín curtha le chéile ag foireann Webwise. Tá na hacmhainní ar fáil duitse, do do scoil nó do d’eagraíocht saor in aisce. Is féidir iad a úsáid chun cabhrú le daoine óga foghlaim faoin méid a theastaíonn chun na meáin nua a úsáid go sábháilte, go slán agus ar bhealach dearfach. Tá acmhainní breise maidir le sábháilteacht Idirlín ar fáil lena n-íoslódáil ó na leathanaigh Treoirleabhair do Thuismitheoirí agus Beartas Scoile.

 

All Aboard for DigiTown

Conair foghlama do pháistí idir 9-12 bhliain d’aois maidir le conas a bheith i do shaoránach digiteach cliste. Cuidigh le daltaí agus iad ag fiosrú choincheap na saoránachta digití thar 10 dtéama éagsúla sa leabhar gníomhaíochtaí le haghaidh DigiTown. I measc na n-ábhar atá ann tá feasacht tomhaltachais, cearta, folláine, litearthacht na meán agus na faisnéise, cúrsaí eitice agus comhbhá, príobháideachas agus i bhfad níos mó!

 

Connected: Ceapadh Ceangailte go sonrach do mhúinteoirí

Ghearrchúrsa na Sraithe Sóisearaí ‘Litearthacht ar na Meáin Dhigiteacha’ ar mian leo iniúchadh a dhéanamhorthu seo a leanas; Folláine ar Líne; Nuacht, faisnéis agus na fadhbanna a bhaineann le faisnéis bhréagach; Olltiomsú sonraí agus an geilleagar sonraí; Cearta daoine óga ar líne.

Is féidir é a íoslódáil anseo

 

Bí in Ctrl: Faisnéis agus acmhainní do scoileanna le dul i ngleic le comhéighean agus sracadh gnéasach ar líne.

Is féidir é a íoslódáil anseo

 

 

acmhainní sábháilteacht Idirlín cibearbhulaíocht #up2us osps

Paca Uirlisí Frithbhulaíochta #Up2Us: Glac na chéad bhearta chun an lámh in uachtar a fháil ar an mbulaíocht i do phobal trí Phaca Uirlisí Frithbhulaíochta #Up2Us saor in aisce a ordú inniu. Istigh sa phaca uirlisí gheobhaidh tú gníomhaíochtaí chun dul i ngleic leis an mbulaíocht, greamáin dhathannacha  agus soláthairtí chun feachtais  phóstaeir idirghníomhaigh  a chruthú. San áireamh freisin tá an  Lámhleabhar do Mhúinteoirí  ar Fhrithbhulaíocht de chuid #Up2Us ina bhfuil smaointe faoi cheachtanna do OSPS na Sraithe Sóisearaí

Is féidir é a íoslódáil anseo

 

MySelfie agus an Domhan Mór : Cabhróidh an acmhainn le daltaí forbairt a dhéanamh ar na scileanna agus ar an tuiscint a theastaíonn chun an tIdirlíon a úsáid go freagrach, go héifeachtach agus go hairdeallach ar chúrsaí sóisialta, agus iad ag baint triail as líonraí sóisialta den chéad uair. Gné lárnach den acmhainn seo is ea sraith beochaintí gearra. Faigheann na beochaintí sin tacaíocht ón acmhainn teagaisc cúig cheacht seo ar chibearbhulaíocht, atá dírithe ar dhaltaí OSPS i rang 5 agus i rang 6.

Is féidir é a íosloódáil anseo 

 

Lockers: Is acmhainn OSPS é Taisceadáin do mhac léinn an dara agus triú bliain leis an topaic, íomhá a roinnt gan cead gan cead a phlé. Mar chuid den acmhainn tá dhá beochaintí gearr, sé cheacht agus eolais do cheannairí scoile.

Is féidir é a íoslódáil anseo

 

 

Dearadh Laochra HTML go sainiúil do mhúinteoirí bunscoile ar mhaith leo an tsábháilteacht idirlín a thabhairt isteach i dteagasc churaclam an OSPS — Forbraíodh an Clár Oideachais seo chun cabhair a thabhairt d’oideachasóirí, agus chun tacú leo, agus daltaí á múineadh acu faoin gcaoi a n-úsáidtear an tIdirlíon ar shlí shábháilte agus fhreagrach.

Is féidir é a íosloódáil anseo 

 

acmhainní garda scoileanna bunscoil cumarsáid ar líneCumarsáid ar Líne le MeasMar chuid de Chlár Scoileanna na nGardaí a chuireann Gardaí pobail na cainteanna seo i láthair. Tá na cainteanna i leith “Cumarsáid ar Líne le Meas” dírithe ar dhaltaí i rang a cúig. Clúdaíonn siad raon topaicí lena n-áirítear cibearbhulaíocht agus ceisteanna ginearálta slándála agus sábháilteachta ar líne.

Más mian leat teacht ar cheann de na cainteanna sin, déan teagmháil leis an stáisiún Gardaí is gaire duit, nó le Clár Scoileanna na nGardaí ar 01 6663891.

 

acmhainní teagasc sábháilteacht Idirlín déagóirí

Web We Want: Lámhleabhar oideachasúil atá ceaptha dóibh siúd idir 13-16 bliana d’aois atá i gceist le Web We Want a forbraíodh i gcomhar le daoine óga. Ach úsáid a bhaint as Web We Want, tig leat níos mó a fhoghlaim faoi do chuid ceart ar líne agus leideanna a chruthú agus a roinnt le daoine óga ar fud an domhain.

 

 

 

acmhainní garda scoileanna cibearbhulaíocht nasc le meas

 

Nasc le Meas: Arna fhorbairt le Clár Scoileanna na nGardaí, cuidíonn an paca “Nasc le Meas” le daltaí in iar-bhunscoileanna tuiscint a fháil ar an tionchar is féidir le cibearbhulaíocht a imirt ar dhaoine éagsúla, agus a aithint nach féidir glacadh le cibearbhulaíocht.

 

Más mian leat teacht ar cheann de na cainteanna sin, déan teagmháil leis an stáisiún Gardaí is gaire duit, nó le Clár Scoileanna na nGardaí ar 01 6663891.

 

**Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé a bheith deacair acmhainní a sholáthar i scoileanna tráth laethanta saoire. Más mian leat d’acmhainní saor in aisce a fháil roimh Mheán Fómhair, tabhair seoladh baile agus uimhir ghutháin phearsanta.**