Mínithe: Cad is My AI de chuid Snapchat ann?

Mínithe: Cad is My AI de chuid Snapchat ann?

Déanann Snapchat cur síos ar My AI dá chuid mar bhota comhrá trialach cairdiúil atá ar fáil don dream a úsáideann Snapchat. Ní raibh rochtain ach ag an dream a raibh síntiús Snapchat+ acu air, ach anois tá rochtain ag gach duine a úsáideann an aip air. 

 

Tagann My AI aníos ar liosta teagmhálaithe an úsáideora, agus bíonn sé pionnáilte ar bharr tháb comhrá na haipe inar féidir leis na húsáideoirí teachtaireachtaí a sheoladh agus a fháil óna gcuid cairde. Is leagan saincheaptha de ChatGPT de chuid OpenAI  é My AI agus is féidir leis comhráite a bheith aige le húsáideoirí, comhairle a chur ar fáil agus ceisteanna a fhreagairt.

 

Cén chaoi a n‑oibríonn My AI de chuid Snapchat?

De réir Snapchat, Nuair a bhíonn comhrá ar siúl, is féidir le My AI freagra a thabhairt ar cheist fhánach mhór sa lá inniu, comhairle a chur ar fáil faoin mbronntanas ceart do lá breithe do dhlúthcharad, cuidiú le turas siúlóireachta a phleanáil le haghaidh an deiridh seachtaine fada, nó céard is ceart a bhruith don dinnéar.

Bíonn My AI le feiceáil san aip díreach ar an gcaoi chéanna agus a bhíonn cairde an úsáideora le feiceáil, agus oibríonn sé cosúil le teachtaireacht a sheoladh chuig duine eile ar Snapchat – mar a dhéanfá le do chuid cairde. Is féidir leis na húsáideoirí dul chun cainte le My AI, ceisteanna a chur air, pictiúir a roinnt leis, agus é a chur san áireamh le comhráite le cairde. Tá My AI le fáil i liosta cairde an úsáideora, agus tá sé pionnáilte ar bharr fhotha comhrá an úsáideora.

 

Tá an chuma ar My AI gur fíorchara é ar Snapchat, agus cuireann sé ar chumas na n‑úsáideoirí an t‑ainm a athrú, abhatár Bitmoji a dhearadh lena aghaidh, agus tá leathanach próifíle aige atá cosúil le leathanach próifíle carad. 

Céard is botaí comhrá ann?

Is ríomhchláir iad na Botaí comhrá atá deartha ionas go bhfuil siad in ann comhrá a bheith acu le daoine, cosúil leis an gcaoi a labhródh duine. Faigheann siad a bhfaisnéis ó bhunachar sonraí ina bhfuil faisnéis ann cheana agus baineann siad úsáid as intleacht shaorga chun tuiscint a fháil ar an méid atá daoine a fhiafraí agus cumann siad freagra ar an gceist. Is iondúil go n‑úsáidtear botaí comhrá ar réimse cúiseanna lena n‑áirítear feidhmeanna seirbhíse do chustaiméirí amhail ceisteanna a fhreagairt ó chustaiméirí; tascanna maidir le cúnamh pearsanta amhail coinní a sceidealú; is féidir iad a úsáid chun taighde a dhéanamh in oideachas; agus chun moltaí pearsanta a chur ar fáil chun críocha margaíochta.

 

Cad iad na buntáistí a bhaineann le botaí comhrá?

D’fhéadfadh na botaí comhrá a bheith úsáideach chun am agus acmhainní a shábháil trí thascanna laethúla a dhéanamh go huathoibríoch, taighde a dhéanamh ar eolas, agus ceisteanna a fhreagairt.

 

Céard iad na hábhair imní a bhaineann le My AI de chuid Snapchat?

Ó seoladh My AI, bhí rudaí faoi a bhí ag déanamh imní do dhéagóirí agus do thuismitheoirí a bhaineann le nádúr trialach na teicneolaíochta, an phríobháideachais, na rochtana ar shonraí, na rochtana ar ábhar neamhiontaofa nó dochrach agus an t‑éagumas chun My AI a scriosadh ar an aip murar sínitheoirí íoctha iad na húsáideoirí do Snapchat+.

 

Príobháideachas agus Slándáil

Molann Snapchat nár cheart faisnéis rúnda nó íogair a chomhroinnt le My AI. Úsáidtear faisnéis a chomhroinneann My AI lena n‑áirítear sonraí suímh chun eolas a dhéanamh do fhreagraí a thugann My AI, lena n‑áirítear moltaí gar duit. Beidh rochtain aige ar fhaisnéis suímh, má thug an t‑úsáideoir cead suímh don aip roimhe seo. Is mar sin a bhíonn sé má tá na húsáideoirí sa ‘Mhód Taibhse’ – ní bheidh cairde leat in ann do shuíomh SnapMap a fheiceáil, ach d’fhéadfadh go mbeadh rochtain ag My AI ar fhaisnéis suímh má tugadh an cead sin don aip. Tuilleadh eolais maidir leis an gcaoi chun an cead seo a athrú ar Android agus ar iOS

Neamhchosúil le teachtaireachtaí le cairde, coinneofar faisnéis a chomhroinntear le My AI mura scriostar é, agus dar le Snapchat gur féidir é sin a úsáid chun feabhas a chur ar a tháirgí agus chun do thaithí a phearsantú, lena n‑áirítear fógraí.

 

Conas mo shonraí My AI a scriosadh?

–   Tapáil ar do Phróifíl úsáideora agus tapáil ar an íocón Socruithe

–   Scrollaigh anuas go dtí ‘Gníomhartha Cuntais’

–   Tapáil ‘Glan Sonraí My AI’ agus tapáil ‘Deimhnigh’

Ábhar Neamhiontaofa agus Míchuí

D’fhéadfadh na daoine a úsáideann My AI teacht ar ábhar míchuí nó dochrach. Dar le Snapchat gur ríomhchláraíodh My AI chun treoirlínte a phobail a chomhlíonadh, chomh maith le comhartha aoise trí úsáid a bhaint as dáta breithe an úsáideora chun a aois a chur san áireamh i bhfreagra an bhota comhrá. Mar sin féin, aithníonn sé go mb’fhéidir nach n‑éireoidh leis i gcónaí chun ábhar dochrach a scagadh:

Cé gur ríomhchláraíodh My AI chun treoirlínte faoi leith a chomhlíonadh sa chaoi is nach gcuirfidh sé ábhar dochrach ar fáil (lena n‑áirítear freagraí atá foréigneach, gránna, gáirsiúil nó atá contúirteach ar bhealach eile a sheachaint; agus chun claontaí dochracha buana), seans nach n‑éireoidh leis i gcónaí.

Cén chaoi My AI a scriosadh?

Ní féidir ach leis na húsáideoirí a bhfuil síntiús acu le Snapchat+ My AI a scriosadh.

Cén chaoi a bhfuil mé in ann freagra comhrá ó My AI a thuairisciú?

  • Roghnaigh agus coinnigh síos an freagra Comhrá agus tapáil ‘Tuairiscigh’
  • Roghnaigh cén fáth a bhfuil siad ag tuairisciú an Chomhrá
  • Tapáil ‘Cuir Isteach’

 

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

Rochtain a bheith ag úsáideoirí óga ar theicneolaíocht thrialach:

Déanann Snapchat cur síos ar My AI mar “bhota comhrá trialach, comhráiteach, atá bunaithe ar IS a fhoghlaimeoidh níos mó le himeacht ama.” Léirítear i dtaighde go bhfuil Snapchat ar cheann de na seirbhísí is mó a bhfuil tóir uirthi i measc daoine atá 9-17 mbliana d’aois in Éirinn (NACOS), rud a chuireann imní ar dhaoine faoin teicneolaíocht thrialach seo atá á forbairt a bheith ar fáil ag úsáideoirí óga, agus faoin seans go mbeadh siad i mbaol rioscaí gan ghá.

Údair Imní faoi Phríobháideachas

Ceapadh My AI ionas go mbeadh “cúntóir pearsanta” ag daoine agus dar le Snapchat go bhfuil My AI ann ionas go mbeidh tú in ann ceangal níos doimhne leis na daoine agus rudaí is tábhachtaí duitse. Cé gur bota comhrá é My AI, dearadh é sa chaoi is go mbeadh sé mar a bheadh cara ann. D’fhéadfadh na húsáideoirí faisnéis phearsanta leis an mbota comhrá gan chuimhneamh. Mura scriosann an t‑úsáideoir an comhrá, coinneoidh Snapchat na teachtaireachtaí le My AI, agus dar le Snapchat go bhféadfaí iad a úsáid chun feabhas a chur ar tháirgí Snap agus chun do thaithí a phearsantú, lena n‑áirítear fógraí.

Ábhar míchruinn, míthreorach nó dochrach:

Seans nach gcuirfidh My AI faisnéis chruinn agus iontaofa ar fáil i gcónaí, agus d’fhéadfaí freagraí a chur ar fáil do na húsáideoirí ar bhealach a dtaispeánfaí ábhair míchuí nó dochrach dóibh. Tá sé tábhachtach go dtugann na húsáideoirí aghaidh ar chruinneas agus ar iontaofacht na faisnéise a fhaigheann siad, agus go dtuigeann siad nach bhfuil My AI ceaptha comhairle ná conaire lorgtha cabhrach a chur ar fáil.

 

Comhairle do thuismitheoirí:

Pléigh príobháideachas agus sábháilteacht: Labhair le do pháiste faoi na rioscaí a bhaineann le faisnéis phearsanta a chomhroinnt ar líne, lena n‑áirítear le botaí comhrá amhail My AI le Snapchat. Tabhair spreagadh dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar a socruithe príobháideachais, agus chun tuiscint a fháil ar an gcaoi chun a sonraí a bhainistiú, agus chun ábhar míchuí a thuairisciú.

Spreag smaointeoireacht chriticiúil: Tabhair ugach do do pháiste aghaidh a thabhairt ar chruinneas agus iontaofacht na faisnéise a fhaigheann siad ó My AI, chun foinsí neamhspleácha faisnéise a lorg, agus chun teacht chugat, nó chuig duine fásta a bhfuil muinín aige as, má theastaíonn comhairle uaidh nó chun teagmháil a dhéanamh le seirbhís éisteachta Líne Chabhrach na Leanaí ar 1800 66 66 66. 

Bí ar an eolas: Faigh taithí ar My AI agus ar an gcaoi a n‑oibríonn sé, fiosraigh na hacmhainní atá ann lena chinntiú go bhfuil sé feiliúnach d’aois agus do spéiseanna do pháiste. 

Tabhair ugach do do pháiste botaí comhrá a úsáid go freagrach amhail My AI de chuid Snapchat nó ChatGPT:  Léiríodh imní faoi úsáid fhéideartha a d’fhéadfadh na scoláirí a bhaint as botaí comhrá chun tascanna a chur i gcrích nó chun aistí a scríobh mar shampla. Tá sé tábhachtach go labhróidh tú le do pháiste faoin gcaoi chun úsáid a bhaint as na huirlisí seo go sábháilte, freagrach agus go hoideachasúil. Cé go mb’fhéidir nach gcuirfidh siad ábhar cruinn ar fáil i gcónaí, d’fhéadfaí iad a úsáid mar uirlisí cumhachtacha chun faisnéis a aimsiú, chun taighde a dhéanamh ar ábhair, agus chun feabhas a chur ar scileanna teanga. 

Bain cothromaíocht shláintiúil amach: Más rud é go bhfuil do pháiste ag úsáid My AI, tabhair spreagadh dó é a úsáid mar chabhair seachas mar rogha eile d’idirghníomhaíocht dhaonna, agus de theagmháil a dhéanamh lena bhfíorchairde. 

Bíodh comhráite oscailte agat le do pháiste go minic: Tá forbairtí móra tapa tagtha ar IS trí chéile, agus d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach do thuismitheoirí coinneáil suas chun dáta leis na teicneolaíochtaí ar fad atá ag teacht chun cinn. Is é an rud is tábhachtaí is féidir le tuismitheoirí a dhéanamh chun cuidiú lena chinntiú go mbíonn taithí shábháilte agus dhearfach ag a bpáiste ar líne ná chun comhráite oscailte agus ionraice a bheith acu leo agus faoina saol ar líne, agus faoi na buntáistí agus na dúshláin a dtagann siad orthu ar líne. Is bealach iontach do gach teaghlach chun tús a chur leis an gcomhrá trínár ngineadóir ábhair ar líne darb ainm #TalkListenLearn .

 

Tabhair cuairt ar Mhol Webwise do Thuismitheoirí chun comhairle saor in aisce a fháil ó shaineolaithe faoi thuismitheoireacht, síceolaíocht, agus oideachas; chomh maith le Treoracha Míniúcháin ar aipeanna agus ardáin atá mór le rá; Ábhair chainte; Treoirleabhair Conas Rud a Dhéanamh; agus acmhainní saor in aisce lena n‑áirítear ár A Parents Guide to a Better Internet - Updated 2021.