Aipeanna: rialúcháin tuismitheoirí

Aipeanna: rialúcháin tuismitheoirí

Apple iPhone ar a bhfuil Aipeanna Meán Sóisialta

Má dhéanann tú cuardach ar líne le haghaidh Scagaire Teaghlaigh nó Aipeanna, is cinnte go dtiocfaidh cuid mhór faisnéise aníos.

Seo a leanas cuid de na samplaí is fearr:

Rialúcháin Tuismitheoirí Apple iTunes: ligtear do thuismitheoir cuntas a chruthú do pháistí agus teorainneacha sábháilte a chur leis na feidhmchláir is féidir leo a rith, na comhaid is féidir leo a rochtain, agus an chaoi a mbaineann siad úsáid as an Idirlíon. Féadfaidh tuismitheoir an méid seo a leanas a dhéanamh a bhuíochas le rialúcháin tuismitheoirí:

  • Socruithe a chruthú i gcomhair feidhmchláir Idirlín.
  • Liosta de sheoltaí ríomhphoist a chruthú ar féidir leis an bpáiste cumarsáid ríomhphoist a dhéanamh leo.
  • Suíomhanna Idirlín ar leith a roghnú ar féidir leis an bpáiste iad a fheiceáil agus liosta teagmhálaithe a chruthú don pháiste.
  • Srian a chur le líon na bhfeidhmchlár is féidir leis an bpáiste a rochtain.
  • Cosc a chur ar athrú socruithe nó sainroghanna de thimpiste.
  • Cosc a chur ar scriosadh comhad fíorthábhachtach.

Rátáil Inneachair d’Aipeanna Google : córas é seo a ligeann do thuismitheoirí leibhéil oiriúnacha a roghnú maidir le nochtadh ábhair agus roinnt faisnéise trí Aipeanna a íoslódáiltear ó Mhargadh Android. Éilíonn an córas rátála inneachair ar fhorbróirí a gcuid Aipeanna a rátáil i gceann amháin as ceithre chatagóir, mar atá: Cách, Íseal, Measartha, nó Ard

An Scagaire Ardaibíochta:

“D’fhéadfadh cuid mhór cásanna den ábhar a leanas a bheith san áireamh i bhfeidhmchláir sa chatagóir seo nó d’fhéadfadh na feidhmchláir sa chatagóir seo díriú ar an ábhar a leanas: inneachar gnéasach agus inneachar gáirsiúil; foréigean beoga; cúrsaí sóisialta; aithris ar chearrbhachas; agus tréantagairtí don alcól, don tobac agus do dhrugaí. D’fhéadfadh na feidhmchláir sonraí a bhailiú faoi láthair an úsáideora lena roinnt nó lena bhfoilsiú le caoinchead an úsáideora.”

Caithfidh an tuismitheoir an scagaire is oiriúnaí do rátáil inneachair na hAipe a roghnú dá p(h)áiste. Seo a leanas na céimeanna atá le glacadh le scagadh Aipe a shuiteáil:

  • Oscail Margadh Android.
  • Brúigh an Roghchlár (‘Menu’) sa chúinne uachtarach ar dheis.
  • Buail an cnaipe chun Scagaire Inneachair Aipeanna a úsáid (‘App Content Filter’) agus roghnaigh an socrú is rogha leat.
  • Buail deilbhín an ghlais agus iontráil cód PIN leis na socruithe a ghlasáil.

Féadfaidh tuismitheoirí, trí úsáid a bhaint as cód PIN, socrú a ghlasáil chun Aipeanna a scagadh ar a ngléasanna ionas nach féidir ach Aipeanna a oireann do pháiste a fheiceáil agus a íoslódáil. Is féidir ábhar neamhoiriúnach nó ábhar gránna a thuairisciú. Má thagann tuismitheoir nó páiste ar Aipeanna nach ngabhann an rátáil cheart leo, tig leo aird Google a dhíriú ar na hAipeanna sin.

Ionad Sábháilteacht Teaghlaigh Google

Tá sé mar aidhm ag Google uirlisí a thabhairt do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí le cuidiú leo an t-ábhar is féidir lena bpáistí a fheiceáil ar líne a roghnú, agus le leideanna agus comhairle a thabhairt do theaghlaigh faoin dóigh le fanacht slán ar líne.

Molann Google do thuismitheoirí Cuardach Sábháilte a shuiteáil ar fhón cliste nó ar ríomhaire ar bith a mbaineann páiste úsáid astu. Maidir le YouTube, molann siad Mód Sábháilteachta YouTube a ghníomhachtú agus meabhraíonn siad do thuismitheoirí “nach bhfuil YouTube oiriúnach do pháistí atá níos óige ná 13 bliana d’aois”.

Leideanna do Thuismitheoirí faoi Aipeanna

  • Cuir Rialúcháin Tuismitheoirí agus Scagairí Aipeanna i bhfeidhm ar an uile fhón póca agus ar an uile ghléas a bhfuil cumas Idirlín acu a mbaineann páistí óga úsáid astu.
  • Labhair le do pháistí faoi na hAipeanna a íoslódálann siad.
  • Labhair le do pháistí faoi na costais a bhaineann le fón póca agus le pacáiste sonraí.
  • Faigh amach faoi na Rialúcháin Tuismitheoirí agus faoin gComhairle Sábháilteachta a chuireann soláthróir fón póca ar fáil nuair a cheannaíonn tú sás láimhe nó bogearraí do do pháiste.
  • Iarr ar sholáthraithe seirbhíse gléasanna agus seirbhísí a shocrú go “Príobháideach de réir réamhshocrú” ionas go mbeidh “liostáil roghnach” mar réamhshocrú. Nuair a bhíonn socruithe cosanta páiste mar an réamhshocrú, déanfar socruithe príobháideachais agus sábháilteachta a lódáil go huathoibríoch go gléasanna. Dá thoradh sin, ní chaithfidh an tuismitheoir iad a chuardach nó foghlaim faoin gcaoi chun iad a íoslódáil.