Cad a dhéanfaidh mé má chomhroinntear íomhánna/físeán de mo leanbh ar líne?

Cad a dhéanfaidh mé má chomhroinntear íomhánna/físeán de mo leanbh ar líne?

íomhánna a chomhroinnt gan chead

 

Má comhroinneadh íomhánna de do leanbh ar líne gan a gcead tá roinnt rudaí is fiú a dhéanamh:

  • Ar an gcéad dul síos, tabhair misneach agus tacaíocht do do leanbh, d’fhéadfadh do leanbh a bheith an-trína chéile ag an scéal ar fad. Tá sé tábhachtach freisin iarracht a dhéanamh na fíricí go léir a fháil sula ndéanann tú aon rud.
  • An bhfuil a fhios agat féin nó ag do leanbh cé a chomhroinn an íomhá? Má tá téigh i dteagmháil leo agus iarr orthu an íomhá (na híomhánna) a bhaint anuas. Ba cheart duit a sheiceáil freisin cibé ar chomhroinn siad an íomhá (na híomhánna) le haon duine eile nó ar aon suíomh/seirbhísí eile.
  • D’fhéadfaí féachaint ar fhíseáin nó ar íomhánna gnéastéacsála féintáirgthe a mhalartaíonn ógánaigh, faoi bhun 17 mbliana d’aois, mar phornagrafaíocht leanaí agus tá sé mídhleathach dá réir sin. Má tá do leanbh faoi bhun 17 mbliana d’aois agus má comhroinneadh íomhá de ina raibh sé nocht, tá sé mídhleathach agus ba cheart duit tuairisc a thabhairt faoi do na Gardaí.
  • Más féidir, coinnigh aon fhianaise ar an áit inar comhroinneadh an íomhá agus cé a chomhroinn í.
  • Má tá do leanbh faoi bhun 17 mbliana d’aois agus má tá an íomhá dhlúthphearsanta á roinnt ar líonra sóisialta nó ar fheidhmchlár teachtaireachtaí, tá na híomhánna mídhleathach agus ní mór do gach soláthróir seirbhíse an t-ábhar a bhaint de chomh luath agus is féidir. Tá beartas ag formhór na líonraí sóisialta freisin in aghaidh pornagrafaíocht díoltais agus bainfear íomhánna príobháideacha, má chomhroinntear iad gan chead. Go hiondúil is féidir tuairisc a thabhairt laistigh de shocruithe na líonraí/bhfeidhmchlár, cé go mbíonn difríochtaí le sonrú sna líonraí sóisialta agus feidhmchláir. Seo bealach chun tuairisc a thabhairt faoi inneachar ar roinnt de na láithreáin is mó tóir.
    FACEBOOKfacebook.com/help
    YOUTUBEsupport.google.com/youtube/
    INSTAGRAMhelp.instagram.com/
    SNAPCHATsupport.snapchat.com/co/other-abuse
  • B’fhéidir go smaoineofá freisin ar dhul i dteagmháil le gairmí dlí má tá deacracht agat íomhánna a bhaint nó dul i dteagmháil le hóstach an tsuímh idirlín.
  • Níl tú cinnte cá bhfuil an íomhá? Cuir ainm do linbh isteach in inneall cuardaigh, b’fhéidir go bhfaighfeá amach leis sin cár comhroinneadh an íomhá.
  • Nuair a chomhroinntear íomhánna ar líne gan toiliú is rud é a tharraingíonn brú agus anacair ar dhuine. B’fhéidir go gcabhródh sé dá labhródh do leanbh le comhairleoir gairmiúil nó le treoirchomhairleoir scoile faoin méid a tharla.

Naisc Úsáideacha

Hotline.ie
Soláthraíonn hotline.ie áis gan ainm don phobal chun ábhar mídhleathach a fheictear ar an idirlíon a thuairisciú.
Labhair linn: hotline.ie // 1890 610710

Líne Chabhrach na Leanaí
Cuireann Líne Chabhrach na Leanaí seirbhís fóin, seirbhís tacaíochta téacs (téacsáil ‘Talk’ chuig 50101) agus seirbhís comhrá ar líne ar fáil le tacú le daoine óga. Tá seirbhís téacs speisialta ar fáil chomh maith do dhaoine óga a bhfuil bulaíocht á déanamh orthu (téacsáil ‘Bully’ chuig 50101).
Labhair linn: childline.ie // 1800 666666

An Garda Síochána // www.garda.ie

Cé leis le labhairt
Chun liosta iomlán de na seirbhísí agus na líonraí tacaíochta a fháil, téigh chuig: webwise.ie/where-to-find-help/