Cad is Dúmhál Ceamara Gréasáin ann?

Be in Ctrl

Cad is Dúmhál Ceamara Gréasáin ann?

alt-1

Cad is Físchomhrá/Comhrá le Ceamara Gréasáin ann?

Tá ceamaraí gréasáin ionsuite ar bhunús na bhfón póca, ríomhairí glúine, ríomhairí baile agus táibléad sa lá atá inniu ann. Is éasca iad a úsáid agus baineann an t-aos óg an-úsáid astu d’fhonn cumarsáid a dhéanamh lena chéile. Baineann daoine óga go háirithe anrud úsáide as aipeanna Físchomhrá. I measc na gceann is coitianta tá Viber, Skype agus ooVoo. Is iomaí aip agus suíomh gréasáin eile a chuireann seirbhísí físchomhrá ar fáil. Is léir go mbaintear leas as cuid acu sin ionas go mbeidh strainséirí in ann bualadh lena chéile faoi choinne teagmhálacha gnéis.

Cén Úsáid a Bhaineann Daoine Óga as Aipeanna Ceamara Gréasáin/Físeáin?

Go ginearálta, baintear leas as aipeanna físeáin nó comhráite le ceamara gréasáin chun coinneáil i dteagmháil leis an teaghlach agus le cairde. Rud eile a ligeann aipeanna físeáin agus/nó suíomhanna ceamara gréasáin duit a dhéanamh agus a bhfuil an-éileamh air ná bualadh le cairde nua (strainséirí) as áit ar bith ar domhan agus comhrá a dhéanamh leo. I gcásanna áirithe, thiocfadh le déagóirí atá ag comhrá ar líne íomhánna pearsanta díobh féin a roinnt le daoine nár bhuail siad leo aon áit ach ar líne. Bíonn a leithéid d’iompraíocht an-chontúirteach. Seo a leanas cuid de na haipeanna físchomhrá is coitianta atá ar fáil faoi láthair:  7-video-chat-apps-smartphone

alt-2

Cén Chaoi ar féidir le Comhráite le Ceamara Gréasáin/Físchomhráite Dul ó Rath?

Ní thuigeann cuid mhór déagóirí:

  1. Go bhfuil sé an-éasca do dhuine ar bith próifíl bhréige a shocrú ar líne agus b’fhéidir nach dtuigeann go leor déagóirí a éasca atá sé físeáin bhréige a chraoladh ar líne chun an chuma a chur ar an scéal go bhfuil tú ag comhrá le fear nó bean tharraingteach. B’fhéidir go gceapann daoine a ndéanfar dúmhál orthu go bhfuil siad i mbun comhrá le páirtí féideartha, ach gur drong choiriúil atá taobh thiar den chumarsáid i ndáiríre. I mórán de na cásanna a bhaineann le dúmhál ceamara gréasáin, tá dronga coiriúla ag craoladh físeán bréige réamhthaifeadta. Is féidir é sin a dhéanamh go han-simplí le bogearraí. Shílfeá go bhfuil an físeán fíor toisc go bhfuil sé sa dúchas ag na daoine san fhíseán géilleadh d’orduithe agus gur féidir leo freagairt don duine eile lena bhfuil siad i mbun cumarsáide. Mar shampla, is féidir leo aoibh gháire a dhéanamh, lámha a chroitheadh, etc.
  2. Go mb’fhéidir nach bhfuil tú ag comhrá leis an duine a shíleann tú atá ann. Tá sé an-éasca do dhuine ar bith próifíl bhréige a shocrú ar líne agus b’fhéidir nach dtuigeann go leor déagóirí a éasca atá sé físeáin bhréige a chraoladh ar líne chun an chuma a chur ar an scéal go bhfuil tú ag comhrá le fear nó bean tharraingteach. B’fhéidir go gceapann daoine a ndéanfar dúmhál orthu go bhfuil siad i mbun comhrá le páirtí féideartha, ach gur drong choiriúil atá taobh thiar den chumarsáid i ndáiríre. I mórán de na cásanna a bhaineann le dúmhál ceamara gréasáin, tá dronga coiriúla ag craoladh físeán bréige réamhthaifeadta. Is féidir é sin a dhéanamh go han-simplí le bogearraí. Shílfeá go bhfuil an físeán fíor toisc go bhfuil sé sa dúchas ag na daoine san fhíseán géilleadh d’orduithe agus gur féidir leo freagairt don duine eile lena bhfuil siad i mbun cumarsáide. Mar shampla, is féidir leo aoibh gháire a dhéanamh, lámha a chroitheadh, etc.

Leagtar béim sa tuairisc seo a rinne an BBC le déanaí ar an méadú atá tagtha ar líon na gcásanna agus ar an gcaoi a n-oibríonn an chamscéim.

Cad a Tharlaíonn le linn Dúmhál Ceamara Gréasáin de Ghnáth?

  • Socraíonn coirpigh agus dronga coiriúla próifílí ar líne agus ligeann siad orthu gur fear nó bean tharraingteach iad.
  • Déanann siad cairdeas leis na híospartaigh ina dhiaidh sin trí shuíomhanna líonraithe shóisialta/geandála ar líne nó suíomhanna comhrá gréasáin agus cuireann siad an cairdeas chun cinn.
  • Ina dhiaidh sin, tugann na coirpigh cuireadh do na híospartaigh chuig físchomhrá níos pearsanta. Síleann na híospartaigh go bhfuil siad ag caint le fear nó bean tharraingteach, ach tá na dronga coiriúla ag craoladh físeán réamhthaifeadta ina bhfuil fear nó bean tharraingteach.
  • Le linn na bhfíschomhráite sin, mealltar na híospartaigh chun píosa scannáin príobháideach/pearsanta díobh féin a roinnt. D’fhéadfadh an méid sin eascairt go simplí as iarratas, ‘Taispeánfaidh mise mo chuidse duitse má thaispeánann tusa do chuidse domsa’. Déanann an duine eile an píosa scannáin sin a thaifeadadh i ngan fhios don íospartach.
  • Ina dhiaidh sin, déantar an píosa scannáin a taifeadadh a uaslódáil ar shuíomh roinnte físeán agus taispeántar don íospartach é. Is minic a bhíonn an píosa scannáin ina ábhar príobháideach nó ina ábhar nach mbeadh an t-íospartach ag iarraidh a roinnt go poiblí. Bagraíonn an drong/na coirpigh ansin an píosa scannáin a roinnt le cairde agus le gaolta an íospartaigh mura dtugann sé/sí lear mór airgid dóibh leis an bhfíseán a bhaint. Bheadh ​​cairdeas déanta ag an íospartach leis an duine eile ar shuíomhanna meán sóisialta faoin am sin, rud a thabharfadh teacht don choirpeach ar a liosta cairde.
  • I gcorrchás, baineann na dronga leas as an bpíosa scannáin chun íomhánna/físeáin níos gáirsiúla fiú a éileamh agus tig leo tuilleadh airgid a bhaint de na híospartaigh ar an mbealach sin.
  • Is féidir leis na coirpigh seo a bheith an-dícheallach – ag dul i dteagmháil leis na híospartaigh agus ag bagairt orthu ar bhonn rialta, rud is cúis le hanrud struis. Ní thig leat a bheith cinnte go n-imeoidh siad go brách tar éis airgead a thabhairt dóibh. B’iomaí cás ann inar lean dronga orthu ag iarraidh airgid.

Camscéim Eile maidir le Ceamara Gréasáin

D’fhéadfadh dronga coiriúla íospartaigh a mhealladh isteach i bhfíschomhráite gnéis agus teagmháil a dhéanamh leo ansin ag ligean orthu gur póilíní iad. Bíonn na dronga seo fíormhaith ag cur dallamullóg ar dhaoine. Brionnaíonn siad cáipéisí póilíní fiú agus cuireann siad an t-ábhar físeáin ar shuíomhanna gréasáin bréige atá cosúil le suíomhanna gréasáin na bpóilíní nó Interpol. Déarfaidh lucht déanta an dúmháil go ndearna na híospartaigh coir agus éileoidh siad íocaíocht fíneála orthu chun deireadh a chur leis an gcrá.

Is féidir leis na coirpigh seo a bheith an-dícheallach – ag dul i dteagmháil leis na híospartaigh agus ag bagairt orthu ar bhonn rialta, rud is cúis le hanrud struis.

Más mian leat níos mó faisnéise a fháil ar conas tú féin a chosaint ar líne nó cad ba cheart duit a dhéanamh má tá dúmhál  ceamara gréasáin á imirt ortsa nó ar dhuine a bhfuil aithne agat air/uirthi, léigh ár dtreoir anseo.