Cén fáth a mbíonn déagóirí i mbun gnéastéacsála?

gnéastéacsála

Cén fáth a mbíonn déagóirí i mbun gnéastéacsála?

gnéastéacsáil déagóirí

Gnéastéacsáil déagóirí: Cén fáth a mbíonn déagóirí i mbun gnéastéacsála?

Tá go leor cúiseanna a malartaíonn leanaí téacsanna gáirsiúla. Go minic malartaítear teachtaireachtaí mar chuid de chaidreamh rómánsúil, mar mheán le caidreamh a chur ar aghaidh nó mar chuid de chéim cliúsaíochta tosaigh. Déanann roinnt leanaí cur síos ar gnéastéacsáil mar chineál gnéis shábháilte mar “ní féidir leat éirí torrach ná galar gnéas-tarchurtha a fháil uaidh”. Tá cúiseanna eile a mbíonn leanaí i mbun gnéastéacsála. Cloíonn go leor de na cuspóirí seo leo siúd a bhíonn taobh thiar d’iompair eile déagóirí.

1. Léiriú gnéasach

Cuireann leanaí i gcaidrimh rómánsúla téacsanna d’ábhar gnéasach chun a gcaidreamh féin a chur ar aghaidh agus mar bhealach chun a muinín ina chéile a léiriú2. Úsáideann siad gnéastéacsáil chomh maith chun cliúsaíocht a dhéanamh agus mar dhreasacht chun caidreamh a thosú. Is féidir gnéastéacsáil a úsáid chun gnéasacht duine a chur in iúl (úsáideann roinnt daoine faisean chun a mbanúlacht nó a bhfireannacht a chur in iúl, ach d’fhéadfadh daoine eile íomhánna gnéastéacsála a phostáil ar líne).

2. Cumarsáid

Bíonn leanaí i mbun gnéastéacsála chun cumarsáid a dhéanamh lena chéile. Seolann déagóirí níos óige teachtaireachtaí gáirsiúla gnéis chuig cairde platónacha mar chineál grinn. Do leanaí i gcaidrimh rómánsúla bhunaithe, d’fhéadfadh cómhalartacht bheith ina cúis le gnéastéacsáil mar gach uair a sheolann tú ábhar gnéastéacsála, gheobhaidh tú an rud céanna ar ais. Gné den ghnéastéacsáil a thaitníonn le daoine óga is ea gur foirm phríobháideach cumarsáide atá ann go hiondúil, nach féidir le daoine fásta a fheiceáil.

3. Aird/dearbhú:

Tá go leor samplaí feicthe sa chultúr pobail de dhaoine atá cáiliúil agus saibhir mar gheall ar fhíseán gnéis a sceitheadh. Mar gheall air seo, creideann roinnt daoine óga go bhfuil seans ann go bhfeicfí iad agus go beadh gairm acu mar mhainicín nó mar phearsa teilifíse má chuireann siad pictiúir gháirsiúla ar líne. Úsáideann daoine óga eile gnéastéacsáil chun aird, dearbhú agus meas a fháil ó dhaoine a bhfuil spéis rómánsúil acu iontu.

4. Brú sóisialta agus piarghrúpa:

Bíonn brúnna sochaí níos leithne ina gcúis le roinnt daoine óga a bheith ag gnéastéacsáil. Is é is ciall le ‘gnéasú cultúir’ go mothaíonn go leor daoine óga go bhfuil aon ionchas go mbreathnóidís ar bhealach áirithe agus go mbeidís gníomhach go gnéasach. Síníonn an brú seo chuig gnéastéacsáil. Féadfaidh brú piarghrúpa cur leis an mbrú sin ar dhaoine óga chun ábhar gnéastéacsála a sheoladh.

5. Bainistiú imprisin:

Glacann go leor daoine óga féinphiceanna nó grianghraif a thairgeann siad féin mar trína dhéanamh sin tá siad in ann smacht bheith acu ar an gcaoi a bhfeiceann an domhan i gcoitinne iad. Is beag nach bhféadfá a rá gur féinphortráidí iad féinphiceanna agus gnéastéacsáil den ré nua-aimseartha. Tugann sainghné roghnaitheach agus féintáirgthe na gnéastéacsála saghas cosanta do dhaoine óga nuair atá siad páirteach i gcumarsáid dhlúthphearsanta.

6. Trí thimpiste/go meargánta:

Chuir roinnt leanaí ábhar gnéastéacsála ar fáil trí thimpiste. Tharla sé seo nuair nach raibh a fhios ag leanaí go raibh ceamaraí gréasáin ar ríomhairí nó ar ghairis láimhe ar siúl agus gur athraigh siad éadaí os comhair an cheamara. I ndomhan ina mbíonn guthán le ceamara réidh ag duine éigin i gcónaí, tá sé éasca ábhar gnéastéacsála a chruthú agus a dháileadh go meargánta agus gan cuimhneamh ar na hiarmhairtí.

7. Comhéigean/dúmhál agus díoltas:

Ar an drochuair, bhí eachtraí ann nuair a rinneadh comhéigean ar dhaoine óga chun ábhar gnéastéacsála a chruthú agus a sheoladh. Nuair a chuirtear íomhá dlúthphearsanta amháin chuig duine, féadfaidh an duine sin an íomhá sin a úsáid chun dúmhál a dhéanamh ar an íospartach ionas go seolfaidh siad tuilleadh íomhánna. Tá cásanna ann inar chreach coirpigh ar dhaoine óga agus d’úsáid siad ábhar gnéastéacsála chun suimeanna móra airgid a fháil ó na daoine óga. I gcásanna eile, dháil iarleannán ábhar gnéastéacsála, chun díoltas a fháil ar iarpháirtí.

8. Turgnamhach:

De réir mar a fhásann leanaí, tá sé réasúnach go mbeidís ag iarraidh tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil a gcolainn ag athrú. Glacann roinnt leanaí pictiúir dá gcolainn nochta le cuidiú leo amharc níos fearr a fháil ar a gcolainn féin. B’fhéidir nach mbeadh sé i gceist acu riamh na híomhánna sin a sheachadadh ach, trí shainmhíniú dlíthiúil, d’fheadfaí féachaint ar na híomhánna mar phornagrafaíocht leanaí agus d’fhéadfaidís a bheith ina n-ábhar gnéastéacsála chomh maith, dá roinnfí na híomhánna.

Faigh tuilleadh eolais agus comhairle ar ghnéastéacsáil déagóirí anseo: webwise.ie/lockers/