Chur stop le ceannacháin san aip

Chur stop le ceannacháin san aip

App1

An mbaineann do leanaí úsáid as do iPad go héasca? Má bhaineann, is gá duit é seo a léamh. Tá sé ag éirí níos coitianta go gcosnaíonn ceannacháin san aip méid airgid mór ar thuismitheoirí. Ach is furasta iad a stopadh.

Conas is féidir liom ceannacháin san aip a chur as ar an iPad?

Tá sé furasta! Ní gá ach na céimeanna seo a leanas a leanúint:

1. Roghnaigh Socruithe ó do Scáileán Baile.

App2

2. Ansin, tapáil ar Ginearálta.

App3

3. Is gá duit tapáil ar Srianta ansin. Is dócha go mbeidh sé socraithe mar ‘Curtha As’.

App4

4. Tapáil ar Cumasaigh Srianta.

App5

5. Ansin, cuir Paschód ar bun. Déan cinnte de nach bhfaighidh do leanaí an cód seo mar go dtabharfaidh sé sin rochtain dóibh ar na socruithe rialúcháin tuismitheoirí uile.

App6

6. Tá Srianta Gníomhacha ar taispeáint san Ábhar Ceadaithe.

App7

7. Féach sa cholún Ábhar Ceadaithe agus feicfidh tú an rogha Ceannacháin San Aip. Sleamhnaigh an táb chuig ‘Curtha As’. Sa réimse seo, is féidir leat socruithe a athrú do réigiún agus do rátálacha do Cheol, do Phodchraoltaí, do Scannáin agus do Theilifís.

App8

Is uirlisí den scoth don teaghlach ar fad iad iPadanna agus táibléid. Is féidir leo gníomhú mar ionad na meán, mar leabharlann, mar phictiúrlann agus mar sheomra cluichí. Ach ní mór duit a bheith ar an eolas go bhfuil sé níos dóchúla ná a mhalairt go mbeidh an gléas seo nasctha le do chárta creidmheasa trí do stóras aipeanna. Dá bhrí sin, má chuireann tú na céimeanna simplí atá leagtha amach thuas i bhfeidhm, táthar ag súil go mbeidh tú cosanta in aghaidh aon drochscéala nuair a thagann bille do chárta creidmheasa.