Claonmhealltóireacht ar líne – comhairle agus leideanna do thuismitheoirí

Claonmhealltóireacht ar líne – comhairle agus leideanna do thuismitheoirí

alt-2

(íomhá ó MTV)

Céard is claonmhealltóireacht ann?

Téarma neamhfhoirmiúil is ea claonmhealltóireacht (nó ‘catfishing’ sa Bhéarla) a bhaineann le duine a chruthaíonn aitheantas bréige ar líne. Tháinig an téarma ó ‘Catfish’, clár faisnéise a rinneadh sna Stáit Aontaithe in 2010. Leanann an scannán fear óg a d’fhorbair caidreamh ar líne le  bean, ach ansin fuair sé amach gur duine eile ar fad an duine lena mbíodh sé ag caint. Bhí an-rath ar an gclár faisnéise, agus craoltar clár teilifíse den ainm céanna ar MTV anois  agus tá an-tóir air.

Cén fáth a mbíonn claonmhealltóireacht ar siúl ag daoine?

Tagraíonn an téarma claonmhealltóireacht do chairdeas a chruthú nó comhrá a dhéanamh le duine ar líne, agus aitheantas bréige in úsáid. Ní le haghaidh cúiseanna mailíseacha a bhíonn an chlaonmhealltóireacht ar líne ar siúl ag gach duine a bhíonn ina bun. Bíonn claonmhealltóireacht ar siúl ag daoine áirithe mar gheall ar fhadhbanna féinmheasa nó de bharr uaignis, agus le teann leadráin a dhéanann daoine eile é. Mar sin féin, d’fhéadfadh an chlaonmhealltóireacht dochar a dhéanamh do dhaoine, agus d’fhéadfaí go mbeadh cúiseanna níos dorcha leis an bhfeiniméan nua seo, lena n-áirítear:

Cibearbhulaíocht

Faraor, d’fhéadfadh sé tarlú go minic go ndéanann daoine i mbun claonmhealltóireachta aitheantas bréige a chruthú chun críche na cibearbhulaíochta agus na trollála. Má tá cibearbhulaíocht á déanamh ort féin nó má tá imní ort go bhfuil cibearbhulaíocht á déanamh ar do leanbh, coinnigh taifead den chomhfhreagras ar fad, cuir bac ar an duine, agus labhair le duine iontaofa faoin scéal. Tá sé in aghaidh na dtéarmaí seirbhíse ar go leor líonraí sóisialta faisnéis bhréagach a chur ar fáil nó cuntas a chruthú le sonraí agus le híomhánna duine eile.

Foghlaithe ar líne

Bíonn an chlaonmhealltóireacht in úsáid  freisin ag foghlaithe ar líne chun díriú isteach ar leanaí agus ar dhéagóirí agus chun cairdeas a bhunú leo. Leis na rioscaí a laghdú, is ceart do thuismitheoirí leanaí a spreagadh le bheith cliste ar líne agus cabhrú leo a thuiscint cé chomh héasca is atá sé próifíl bhréagach a chruthú ar líne. Cuir i gcuimhne dóibh bheith airdeallach i gcónaí maidir le glacadh le cuirí chun cairdis ó dhaoine nár bhuail siad leo ina saol féin.

alt-1

 

Leideanna chun an chlaonmhealltóireacht ar líne a thabhairt faoi deara

Seo roinnt rudaí le bheith ar an airdeall fúthu má bhíonn imní ort i dtaobh duine éigin ar líne:

  • Grianghraif phróifíle – Bí ag faire amach d’íomhánna a bhfuil go leor mionleasuithe nó athruithe déanta orthu. B’fhéidir nach mbeadh ach aon ghrianghraf próifíle amháin ag cuntais bhréagacha.
  • Bí ciallmhar. Ligfidh go leor de na daoine i mbun claonmhealltóireachta orthu féin gur mainicíní iad. Sna cásanna sin, má tá sé rómhaith le bheith fíor, is dócha nach bhfuil sé fíor.
  • Cuntais nach bhfuil ach líon beag cairde/leantóirí acu.
  • Cuntais nach bhfuil ach líon beag gníomhaíochta nó idirghníomhaíochtaí le feiceáil ar a bpróifíl. Mar shampla, gan a bheith clibeáilte i ngrianghraif, gan aon spéiseanna léirithe ná rudaí a thaitníonn leis an duine etc.

Ná déan dearmad gur gá cead a fháil chun íomhánna de dhuine eile a chomhroinnt. I gcás daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois, ní mór don tuismitheoir cead a thabhairt.Má fheiceann tú cuntas bréagach, déan é a thuairisciú don soláthraí seirbhíse. Is féidir próifílí bréagacha a thuairisciú ar fhormhór na líonraí agus na n-aipeanna sóisialta. Féach thíos chun sonraí a fháil ar conas próifílí a thuairisciú ar chuid de na suíomhanna/líonraí is mó tóir.

Facebook – facebook.com/help/report-fake-account

YouTube – google.com/youtube/report

Instagram – help.instagram.com/report

Twitter – support.twitter.com/forms/impersonation

 

Do ghrianghraif a chosaint ar líne

Ábhar mór imní le déanaí do dhéagóirí in Éirinn is ea cúrsaí príobháideachais agus an baol atá ann go n-úsáidfear a n-íomhánna chun próifílí bréagacha a chruthú ar na meáin shóisialta. Pictiúir a chomhroinnt an rud is tábhachtaí ar na meáin shóisialta, agus is breá le déagóirí rudaí a chomhroinnt! Mar sin féin, b’fhéidir nach dtuigfeadh leanaí áirithe cé chomh héasca is atá sé grianghraif a thógáil ó shuíomhanna agus ó phróifílí meán sóisialta, lena n-áirítear a bpróifíl féin. Seo cúpla leid chun labhairt le do leanbh maidir lena c(h)uid príobháideachais  agus íomhánna a chosaint ar líne.

  • Labhair le do leanbh faoi  shocruithe príobháideachais. B’fhéidir nach dtuigeann go leor leanaí gur go poiblí a bhíonn roinnt líonraí sóisialta de réir réamhshocraithe. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh duine ar bith breathnú ar gach rud a chomhroinneann siad, grianghraif san áireamh.
  • Fiafraigh de do leanbh an dtuigeann sé/sí cé chomh héasca is atá sé íomhánna a thógáil ó na suíomhanna meán sóisialta. Ag brath ar do shocruithe príobháideachais, is féidir le daoine eile roinnt íomhánna a íoslódáil go díreach ó na líonraí sóisialta. Ina theannta sin, tá sé an-éasca ar fad gabháil scáileáin a dhéanamh ar phictiúir ó shuíomhanna amhail Instagram agus Twitter.
  • Má tá imní ort féin nó ar do leanbh go bhfuil a (h)íomhá in úsáid ag duine éigin eile, is féidir cuardach íomhánna a dhéanamh ar Google. Is féidir leat a (h)ainm a chur isteach go díreach ar chuardach íomhánna Google nó a (h)íomhá a uaslódáil go díreach. Déanfaidh Google cuardach ar an íomhá chéanna ar líne agus ar aon íomhánna comhchosúla. Má fhaigheann tú amach go bhfuil d’íomhá nó íomhá do linbh in úsáid ag duine eile gan chead, déan é sin a thuairisciú go díreach don soláthraí seirbhíse agus is ceart don soláthraí an íomhá a bhaint.
  • Spreag do leanbh gach cuntas neamhghníomhach ar na meáin shóisialta a dhúnadh. Athraíonn na meáin shóisialta agus na líonraí sóisialta go tapa, agus bíonn fonn i gcónaí ar dhéagóirí bogadh ar aghaidh chuig an gcéad rud mór eile. Mar sin féin, b’fhéidir go ndéanfaidís dearmad ar na líonraí ar a mbíodh siad roimhe sin  agus go mbeadh seanchuntais neamhghníomhacha acu. Daoine a bhíonn i mbun claonmhealltóireachta, faigheann siad íomhánna go minic ar chuntais neamhghníomhacha ar na meáin shóisialta.