Comhairle maidir le táibléad a úsáid den chéad uair

Comhairle maidir le táibléad a úsáid den chéad uair

I gcás a lán leanaí inniu, is trí ghléas táibléid nó fóin chliste a théann siad ar an idirlíon den chéad uair. Má tá tú ag smaoineamh ar tháibléad a cheannach do do leanbh tá cúpla rud ann ar fiú smaoineamh orthu.

Sula dtabharfaidh tú gléas nua do do leanbh, déan cibé rud a bheidh cead acu a úsáid air a chinneadh agus a aontú. Mar shampla, an bhfuil cead acu cluichí a imirt? Ábhar a chuardach ar líne? Labhairt le daoine eile ar líne? Aipeanna a íoslódáil?

Déan an gléas sábháilte

Déan cinnte go bhfuil an táibléad oiriúnach do leanaí sula dtosaíonn do leanbh á úsáid. Ba cheart rialúcháin tuismitheoirí a ghníomhachtú do leanaí óga. Is féidir eolas faoi seo a fháil ag: webwise.ie/parental-controls

Ba cheart do thuismitheoirí a bheith eolach faoin dóigh a n-oibríonn an gléas, uirlisí tuairiscithe ar shuíomhanna agus móid sábháilteachta chomh maith.

Bain úsáid as suíomhanna gréasáin agus innill chuardaigh atá oiriúnach do leanaí, mar shampla Swipe TV, YouTube Kids nó CBEEBIES.

Bíodh comhrá agaibh

D’úsáideoirí óga an táibléid, caithfidh an comhrá a bheith simplí. Tar ar aontú faoi úsáid an táibléid. Smaoineamh maith atá ann plé a dhéanamh faoi theorainneacha a chur ar cá háit agus cá fad ar cheart na gléasanna a úsáid. Mar shampla, roghnaíonn a lán tuismitheoirí nach bhfuil cead an gléas a úsáid le linn am béilí agus an gléas a choinneáil i láithreacha teaghlaigh ina mbeidh na tuismitheoirí ábalta a leanaí a fheiceáil.

Coinnigh idirphlé oscailte thart ar úsáid an idirlín le do leanbh. Déan cinnte go bhfuil a fhios ag do leanbh gur féidir leo teacht chugatsa má bhíonn siad trína chéile faoi rud éigin a fheiceann siad ar líne. Beidh plé rialta agat le do leanbh faoina bhfuil á dhéanamh acu ina chuidiú le taithí dhearfach ar líne a chruthú ó aois óg.

Cluichíocht

Úsáideann a lán leanaí táibléid le haghaidh cluichíochta. Labhair le do leanbh faoi na cluichí a imreoidh siad. Tabhair orthu an dóigh a n-oibríonn siad a thaispeáint duit agus déan cinnte go bhfuil rátáil aoise chuí acu. Má tá feidhm chomhrá d’imreoirí sa chluiche, molaimid é sin a dhíchumasú a luaithe is féidir d’úsáideoirí óga.

Ceannach san aip:

Tairgeann a lán aipeanna agus cluichí ceannacháin san aip a thugann feidhmiúlacht bhreise cluichí, pointí/bónais bhreise d’úsáideoirí is féidir le leanaí a cheannach go héasca i ngan fhios dóibh féin. Blocáil na ceannacháin san aip ag baint úsáid as socruithe d’fhóin/ghléis. Lena chois sin, d’fhéadfadh airgead a bheith le híoc as cuid de na haipeanna. Rialaigh na haipeanna is féidir le do leanbh a fháil trí cheannach san aip a bhlocáil. Smaoineamh maith chomh maith is ea pasfhocal a chur le cuntas an tsiopa aipeanna atá ar an ngléas atá á úsáid ag do leanbh. Cuideoidh sé sin leis na haipeanna a bhfuil fáil ag do leanbh orthu a bhainistiú. Má tá iPad nó iPhone á úsáid ag do leanbh, seo an dóigh le ceannach a shrianadh: support.apple.com/en-ie/

Dul i ngleic le rioscaí féideartha

Má tá do leanbh sean go leor le níos mó saoirse a bheith acu lena ngléas, tá sé tábhachtach chomh maith labhairt leo faoi cheisteanna cosúil le príobháideachas, ábhar míchuí, faisnéis phearsanta a roinnt agus cibearbhulaíocht.

Chun tuilleadh comhairle a fháil téigh chuig: webwise.ie/parents/advice/