Conas Rialúcháin Tuismitheoirí a shocrú

Conas Rialúcháin Tuismitheoirí a shocrú

Tá rialúcháin tuismitheoirí ar fáil ar fhormhór na ngléasanna le hinrochtaineacht Idirlín lena n-áirítear ríomhairí, fóin chliste, táibléid agus córais chluichíochta. Le rialúcháin tuismitheoirí is féidir an baol go dtiocfadh do leanbh ar ábhar míchuí nuair atá siad ar líne a laghdú. Nuair a bheidh rialúcháin tuismitheoirí á gcumasú agat, bain úsáid as socruithe atá oiriúnach d’aois do linbh, chun a gcuid gníomhaíochtaí a scagadh, a bhlocáil agus chun monatóireacht a dhéanamh orthu. Molaimid duit rialúcháin tuismitheoirí a úsáid go háirithe do leanaí níos óige ar gach gléas, ríomhaire agus táibléid atá ar fáil sa bhaile.

Ba chóir go dtuigfeadh tuismitheoirí chomh maith cé go bhfuil rialúcháin tuismitheoirí ina gcuidiú maith, níl siad go hiomlán éifeachtach. Mar sin tá sé an-tábhachtach labhairt le do leanbh faoi shábháilteacht ar an idirlíon.

Cad is féidir le Rialúcháin Tuismitheoirí a dhéanamh?

Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoin réimse rialúcháin tuismitheoirí atá ar fáil. Tairgeann soláthróirí seirbhíse idirlín, córais oibriúcháin ríomhaire, líonraí sóisialta, innill chuardaigh, consóil chluichí agus eile rialúcháin tuismitheoirí de ghnáth. Tairgeann siad feidhmeanna éagsúla chomh maith ag brath ar an soláthróir. Áirítear leo sin:

  • Teorainneacha sonracha ama a shocrú ar úsáid do linbh
  • Na cluichí a mbeidh fáil ag do leanbh orthu a Rialú/a Bhlocáil
  • Cosc a chur ar leanaí cláir faoi leith a úsáid
  • An t-ábhar is féidir le leanaí a chuardach ar líne a bhainistiú

Rialúcháin Tuismitheoirí ó do Sholáthróir Seirbhíse Idirlín

D’fhéadfadh sé gurb é an dóigh is éasca leis an ábhar is féidir le do leanbh a úsáid ar gach gléas agus ríomhaire sa bhaile ná Rialúcháin Tuismitheoirí a shocrú trí do sholáthróir seirbhíse idirlín. Is féidir le formhór na soláthróirí seirbhíse idirlín é sin a dhéanamh go héasca agus saor in aisce de ghnáth. Molaimid teagmháil a dhéanamh le do sholáthróir nó a shuíomh Idirlín a sheiceáil chun tuilleadh eolais a fháil. Tabhair do d’aire má tá fón cliste ag do leanbh a úsáideann siad taobh amuigh den bhaile, ba cheart duit smaoineamh ar rialúcháin tuismitheoirí a chur i bhfeidhm ar an ngléas sin chomh maith.

Rialúcháin Tuismitheoirí ar do Chóras Oibriúcháin Ríomhaireachta

Tairgtear céimeanna atá éasca le leanúint ar fhormhór na gcóras ríomhaireachta chun rialúcháin tuismitheoirí atá saor in aisce lena n-úsáid a shocrú. Seo naisc le cuid de na príomhsholáthróirí:

Windows
Le Rialúcháin Tuismitheoirí Windows is féidir le húsáideoirí teorainneacha a shocrú ar an méid ama a chaitear ar ríomhairí, ar na cluichí a úsáideann úsáideoirí agus ar na cláir a mbeidh fáil acu orthu. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi rialúcháin tuismitheoirí a shocrú téigh chuig: windows.microsoft.com/set-parental-control

Apple
Is féidir scagaire Rialúcháin Tuismitheoirí Apple a oibriú i dtrí mhód (neamhtheoranta, uathoibríoch agus liosta bán). Déan cinnte go roghnaíonn tú an scagaire is oiriúnaí do do leanbh. Chun treoir céim ar chéim a fháil ar an dóigh le rialúcháin tuismitheoirí a shocrú: support.apple.com/

Chrome OS
D’úsáideoirí Chrome Book, molaimid Supervised Users a shocrú. Le Supervised Users is féidir leat na suíomhanna/leathanaigh ar bhreathnaigh an t-úsáideoir maoirsithe orthu a fheiceáil agus is féidir leat chomh maith na suíomhanna nach mbeifeá ag iarraidh go mbeadh fáil ag Úsáideoirí Maoirsithe orthu a bhlocáil. Faigh amach an dóigh le Supervised Users a shocrú anseo: google.ie/safetycenter/families/

Rialúcháin Tuismitheoirí ar Fhóin Chliste agus ar Tháibléid

Cibé acu an bhfuil fáil ag do leanbh ar fhón chliste nó ar tháibléid Android/Apple, tá rialúcháin tuismitheoirí ar fáil ar na gléasanna sin ar fad. Is féidir leat feidhmeanna a chasadh as amhail ceannach san aip, líonraí sóisialta, teacht ar an siopa aipeanna, rochtain ar an gceamara, Bluetooth agus feidhmeanna eile.

Apple
Is féidir leat úsáid a bhaint as srianta, ar a dtugtar rialúcháin tuismitheoirí chomh maith, chun aipeanna agus gnéithe faoi leith a bhlocáil ar do iPhone, iPad, nó iPod touch, lena n-áirítear rochtain ar ábhar gáirsiúil in iTune Store. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi shrianta a shocrú ar ghléasanna Apple téigh chuig: support.apple.com/

Android
Sa treoir úsáideach seo ó PC Advisor tugtar treoir céim ar chéim ar rialúcháin tuismitheoirí a shocrú ar ghléasanna Android: pcadvisor.co.uk/how-to/

Google Play Store
I gcás fóin Android molaimid freisin rialúcháin a chur i bhfeidhm ar Google Play Store.
Is féidir leat rialúcháin tuismitheoirí a chasadh air chomh maith chun an t-ábhar is féidir le duine éigin a íoslódáil nó a cheannach ó Google Play ar do ghléas a shrianadh. Faigh amach an dóigh le rialúcháin a shocrú ar Google Play anseo: support.google.com/googleplay/

Rialúcháin Tuismitheoirí ar do Bhrabhsálaí Idirlín

Tairgeann formhór na mbrabhsálaithe idirlín rialúcháin/srianta tuismitheoirí saor in aisce chun cuidiú leat na suíomhanna is féidir le do leanbh a fheiceáil agus iad ar líne a bhainistiú. Faigh amach conas rialúcháin tuismitheoirí a chur ar na brabhsálaithe idirlín is mó a bhfuil tóir orthu thíos.

Google Chrome: google.ie/safetycenter/families
Safari: support.apple.com/
Firefox: support.mozilla.org/parental-controls
Internet Explorer: windows.microsoft.com/using-content-advisor

Rialúcháin Tuismitheoirí ar Innill Chuardaigh

Tá baint mhór ag innill chuardaigh leis na rudaí a mbreathnaímid orthu ar líne agus mar sin tá sé tábhachtach cuidiú a thabhairt chun bainistiú a dhéanamh ar na cineálacha ábhair a bhféadfadh do leanbh teacht orthu agus iad ag cuardach rud éigin ar líne. Tá rialúcháin saor in aisce i bhfeidhm ar an gcuid is mó de na hinnill chuardaigh chun cuidiú le tuismitheoirí.

Cuardach Sábháilte Google: https://support.google.com/
Bing: http://www.bing.com/account
Yahoo: help.yahoo.com/kb/SLN2247.html

Rialúcháin Tuismitheoirí ar Shuíomhanna Físeán

Mód Sábháilteachta YouTube: webwise.ie/youtube-safety-mode/
Tá aip YouTube Kids saor in aisce tugtha isteach le déanaí ag YouTube agus d’fhéadfadh sé gur fiú breathnú air do do leanbh chomh maith. Faigh tuilleadh eolais faoin aip nua anseo: webwise.ie/parents/youtube-kids/

Swipe TV
Tá aip atá tiomnaithe don chanáil ag RTÉ ar foinse iontach d’ábhar físeán é do leanaí lena n-áirítear físeáin, cluichí, cláir theilifíse agus go leor eile. Tá an aip oiriúnach do leanaí bunscoile. rte.rte.ie/swipetv/

Netflix

Is féidir leat rochtain ar leibhéil aibíochta áirithe d’ábhar Netlix a rialú ar an leathanach Your Account faoi Manage Profiles.

Tá ceithre leibhéal aibíochta i gceist le rialúcháin tuismitheoirí Netflix:

  • Little Kids – Breathnaigh ar scannáin agus cláir theilifíse atá oiriúnach do gach aois.
  • Older Kids – Breathnaigh ar scannáin agus cláir theilifíse atá oiriúnach do leanaí níos sine.
  • Teens – Breathnaigh ar scannáin agus cláir theilifíse atá oiriúnach do dhéagóirí.
  • Adults – Breathnaigh ar scannáin agus cláir theilifíse ar fad, lena n-áirítear ábhar do dhaoine fásta.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig: help.netflix.com/264

Rialúcháin Tuismitheoirí ar Chonsóil Chluichí

I lear mór teaghlach is féidir a oiread éilimh nó fiú níos mó éilimh a bheith ar chluichíocht is atá ar am a chaitheamh ar líne, mar sin tá sé chomh tábhachtach céanna ár leanaí a chosaint agus cluichí á n-imirt acu. Tairgeann na consóil ar fad is mó a bhfuil éileamh orthu rialúcháin tuismitheoirí saor in aisce agus treoracha céim ar chéim atá éascú le leanúint chun iad a shocrú.
Xbox: xbox.com/en-IE/parental-controls
PS4: playstation.com/parental-controls
PS3: playstation.com/playstation-3/
Nintendo Wii: support.nintendo.com/parent
Ninetendo DS: nintendo.com/parents
PSP: playstation.com/get-help/