Conas: Postálacha a Thuairisciú ar Instagram agus Ceisteanna Coitianta Eile

Conas: Postálacha a Thuairisciú ar Instagram agus Ceisteanna Coitianta Eile

Feidhmchlár é Instagram  a ligeann duit grianghraif agus físeáin a roinnt agus dul i mbun líonrú sóisialta. Is féidir leat an tseirbhís a íoslódáil saor in aisce. Ligeann sí d’úsáideoirí físeáin agus íomhánna a roinnt lena gcairde agus tá sí ar cheann de na líonraí sóisialta is coitianta i measc an aosa óig. An spéis leat níos mó eolais a fháil ina leith? Breathnaímid ar an gcaoi a n-oibríonn an aip inár dtreoir maidir le Instagram anseo.

Instagram – Treoir maidir le Conas Rudaí a Dhéanamh

Má tá do pháiste ag bainte úsáid as Instagram den chéad uair, molaimid an t-am a thógáil  chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn an aip agus chun na socruithe príobháideachais a oibriú amach. An bhfuil cúnamh uait? Freagraímid roinnt ceisteanna coitianta thíos.

Conas Bac a Chur ar Dhuine

Bac

Más maith leat bac a chur ar dhaoine ionas nach bhfeicfidh siad do chuid grianghraf ar Instagram nó nach mbeidh siad ábalta dul i dteagmháil leat ar an aip, tig leat bac a chur orthu ionas nach mbeidh siad in ann do ghrianghraif a fheiceáil ná cuardach le haghaidh do chuntais Instagram. Ní fhógraítear do na húsáideoirí a gcuirtear bac orthu go ndearnadh sin. Mar sin de, ní gá duit a bheith buartha maidir le múisiam a chur ar dhuine.

CÉIM 1: Gabh chuig próifíl an chuntais ar mhaith leat bac a chur uirthi. Tapáil nó na TRÍ PHONC ar an bpróifíl a roghnaíonn tú (ar bharr leathanach na próifíle ar dheis.)

CÉIM 2: Tar éis duit na TRÍ PHONC a thapáil, tiocfaidh dhá rogha aníos. Tapáil ‘BLOCK USER’ chun bac a chur ar chuntas.

Conas Grianghraf nó Físeán a Thuairisciú

tuairisciú-2

Is féidir le húsáideoirí Instagram iompraíocht nó ábhar maslach atá míchuí a thuairisciú. Mar seo a leanas a dhéantar grianghraf nó físeán a thuairisciú:

CÉIM 1: Gabh chuig an íomhá roghnaithe, tapáil na TRÍ PHONC faoi rannán na dteachtaireachtaí.

CÉIM 2: Tar éis duit na TRÍ PHONC a thapáil, tiocfaidh  dhá rogha aníos. Más maith leat ábhar míchuí a thuairisciú agus a mharcáil, tapáil ‘REPORT INAPPROPRIATE’.

CÉIM 3: ROGHNAIGH an rogha ábhartha tuairiscithe.

Conas Teachtaireachtaí a Scriosadh agus a Thuairisciú

SCRIOSADH-TEACHTAIREACHTAÍ

Más maith leat teachtaireachtaí maslacha/míchuí a bhaint ó do chuid postálacha, níl le déanamh ach an méid seo a leanas:

CÉIM 1: Gabh chuig rannán na dteachtaireachtaí ar do ghrianghraf/d’fhíseán agus TAPÁIL CNAIPE NA dTEACHTAIREACHTAÍ.

CÉIM 2: Ag brath ar an ngléas atá agat, ROGHNAIGH AN TEACHTAIREACHT nó TARRAING Ó DHEIS CHUN ROGHANNA SCRIOSTA A FHEICEÁIL.

Conas do Phostálacha a Shocrú chun Príobháideachais

postálacha-príobháideacha

Ar dtús, nuair a chláraíonn úsáideoir, déanfar próifíl phoiblí den phróifíl go huathoibríoch – rud a fhágann gur féidir le gach duine na grianghraif nó na físeáin a cruthaíodh a fheiceáil agus an aip á húsáid. Is féidir leat próifíl phríobháideach a shocrú chun teorainn a chur leis na daoine atá in ann do phróifíl a fheiceáil. Féadtar é sin a dhéanamh i roinnt céimeanna simplí:

CÉIM 1: Gabh chuig do phróifíl agus TAPÁIL ‘EDIT PROFILE’.

CÉIM 2: Scrollaigh síos agus TICEÁIL ‘POSTS ARE PRIVATE’.

Ár Moladh:

Nuair a chuirtear an fheidhm phríobháideach i bhfeidhm ar an aip, agus a ngrianghraf á roinnt ag úsáideoirí lena gcairde, sílimid gur aip iontach é Instagram agus ba cheart daoine óga a spreagadh chun í a úsáid. Faigh níos mó eolais ar chúrsaí príobháideachais ar Instagram anseo.

Spreagaimidne ag Webwise thú a chur ina luí ar an aos óg a thábhachtaí atá sé uirlisí tuairiscithe agus socruithe príobháideachais a thuiscint sula gcruthaítear próifíl ar líonra sóisialta ar bith.