Dúmhál Ceamara Gréasáin – Comhairle do Thuismitheoirí

Dúmhál Ceamara Gréasáin – Comhairle do Thuismitheoirí

_79829195_79829194

(Íomhá ón BBC)

Tá an t-aos óg ag baint úsáide as físchomhrá agus as comhrá le ceamara gréasáin chun an t-am a mheilt le cairde agus chun bualadh le daoine nua. D’fhéadfadh baol a bheith ag gabháil le húsáid mhíchuí na seirbhísí seo, mar shampla dúmhál ceamara gréasáin. Fearacht na saincheisteanna eile uile, is féidir le tuismitheoireacht réamhghníomhach na rioscaí a laghdú. Tá roinnt ábhair phlé curtha le chéile againn chun cabhrú leat labhairt faoin tsaincheist seo le do pháiste.

  • Cuir i gcuimhne do do pháiste nach mar a shíltear a bhítear maidir le daoine anois is arís. B’fhéidir go gceapfá go raibh tú ag comhrá le fíordhuine ach gurb fhístaifeadadh a bhí i gceist i ndáiríre. Féadfaidh cuma an-fhíor a bheith air sin agus tá sé de nós ag páistí/daoine óga a bheith muiníneach as an méid a fheiceann siad. Ba chóir do pháistí a bheith cúramach agus iad ag déanamh cairdis nó ag labhairt ar líne le daoine nach bhfuil aithne acu orthu.
  • Fiafraigh de do pháiste an gceapann sé/sí gur féidir le daoine ligean orthu gur duine éigin eile iad i bhfíschomhrá beo.
  • Fiafraigh de do pháiste cad a thiocfadh leis/léi a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil na daoine lena bhfuil sé/sí i mbun cumarsáide ag insint na fírinne faoi cé hiad féin.
  • Seans maith gur túsphointe maith é an físeán seo faoi shracadh gnéis ón BBC. Taispeántar ann a fhíre a d’fhéadfadh píosa scannán réamhthaifeadta a bheith.

  • Is minic a bhíonn daoine óga nó páistí ar an eolas faoi na contúirtí a bhaineann le híomhánna nó físeáin a roinnt, ach b’fhéidir nach dtuigeann siad a éasca atá sé don duine eile an seisiún físchomhrá a thaifeadadh agus é a roinnt ar líne. Ar an ábhar sin, is minic a mhothaíonn páistí gur féidir leo a bheith níos saoire i bhfíschomhrá toisc gur cosúil nach bhfuil aon taifeadadh ar bun agus go n-imíonn an t-ábhar a chraolann siad isteach sa duibheagán. Is fíoréasca iad a thaifeadadh i ngan fhios dóibh, áfach. Is iondúil go mbíonn ‘Riail na Mamó’ ina cabhair tráth plé a dhéanamh ar fhíseáin/phictiúir phríobháideacha a roinnt ar líne. Fiafraigh de do pháiste, sula ndéanann sé/sí aon rud a roinnt ar líne, conas a mhothódh sé/sí dá bhfeicfeadh mamó pictiúir/píosa scannáin díobh.
  • Comhaontaigh socruithe oiriúnacha príobháideachais le do pháiste faoi choinne líonraí sóisialta. Dea-smaoineamh atá ann na cuntais a choinneáil mar ‘chairde amháin’. Is lámh chúnta é sin chun bac a chur ar strainséirí a teagmháil a dhéanamh.

alt-3

Cad a Tharlaíonn má Dhéantar Dúmhál Ceamara Gréasáin ar mo Pháiste?

  • D’fhéadfadh sé a bheith deacair cabhair a iarraidh den chéad uair. Déan do dhícheall a bheith ar do shuaimhneas agus gan dul thar fóir. Cuir do pháiste ar a c(h)ompord agus cuir i gcuimhne dó/di gur tharla an rud céanna do chuid mhór daoine.
  • Iarr ar do pháiste gan coimhéad ar an bhfíseán ná ar na teachtaireachtaí.
  • Tabhair tacaíocht do do pháiste. Féadfaidh dúmhál ceamara gréasáin a bheith an-ghoilliúnach agus an-náireach do pháiste; caithfidh tú trua a ghlacadh dó/di agus é/í a chur ar a s(h)uaimhneas.
  • Tá sé tábhachtach go dtugann do pháiste an oiread faisnéise duit agus is féidir faoin eachtra. D’fhéadfadh sé sin cabhair a thabhairt chun íomhánna nó físeáin a bhaint ó shuíomhanna gréasáin agus beidh sé tábhachtach má bhíonn imscrúdú coiriúil ann.
  • Ná tabhair airgead ar bith do lucht déanta an dúmháil siocair nach féidir a bheith cinnte go gcuirfidh sé sin stad lena gcuid bagairtí. Is iomaí cás ann de dhúmhál ceamara Gréasáin inar éiligh calaoiseoirí ar íospartaigh níos mó airgid a íoc tar éis do na híospartaigh airgead a thabhairt dóibh roimhe sin.
  • Taifead sonraí ar bith faoi na calaoiseoirí atá agat – a bpróifíl, cuntas comhrá gréasáin, cuntas Skype, uimhir chuntais bainc, etc.
  • Má d’uaslódáil an calaoiseoir físeán de do pháiste ar líne, tuairiscigh an físeán sin láithreach don suíomh gréasáin ar a bhfuil sé óstáilte. Déan cuardach ar líne le haghaidh suíomhanna ar bith eile a d’óstáil an t-ábhar físeáin b’fhéidir. Féadtar gníomhaíocht neamhdhleathach ar líne a thuairisciú do hotline.ie freisin.
  • Déan teagmháil leis an Gardaí agus tuairiscigh an teagmhas. Tá sracadh neamhdhleathach. Ag brath ar nádúr an phíosa scannáin nó na n-íomhánna a taifeadadh, d’fhéadfadh siadsan a bheith neamhdhleathach fosta má mheastar gur pornagrafaíocht leanaí iad.
  • Má rinneadh íocaíocht, déan teagmháil le do bhanc a luaithe agus is féidir chun an íocaíocht a chur ar ceal.
  • Tuairiscigh an calaoiseoir don suíomh nó don tseirbhís ina ndearnadh an chéad teagmháil.
  • Má bhíonn do pháiste an-chiaptha, tá sé tábhachtach go bhfuil duine éigin ann lena bhfuil sé/sí in ann labhairt. D’fhéadfadh comhairleoir gairmiúil a bheith in ann cabhair a thabhairt. Cuireann Líne Chabhrach na Leanaí seirbhís tacaíochta éisteachta ar fáil do pháistí.

Naisc Úsáideacha

Líne Chabhrach na Leanaí: childline.ie/

Hotline.ie: hotline.ie/