Mínithe: Aip YouTube Kids

Mínithe: Aip YouTube Kids

alt-2

Seoladh an aip YouTube Kidsníos túisce i mbliana sna Stáit Aontaithe, agus anois tá sí ar fáil in Éirinn freisin. Tá an aip roinnte físeán seo oiriúnach do leanaí. Tá sí saor in aisce le híoslódáil le haghaidh Android agus iOS.

Cén difríocht atá idir YouTube agus an aip YouTube Kids?

Is aip é YouTube Kids a dearadh go sonrach do leanaí agus anois tá sé níos fusa do leanaí agus do thuismitheoirí teacht ar ábhar a bhfuil suim acu ann. Beidh brandaí logánta a bhfuil tóir ag leanaí orthu ar an aip cosúil le Morph, Teletubbies, Wallace & Gromit, agus The Magic Roundabout. Cé nach bhfuil raon aoise sonrach tugtha ag YouTube maidir leis an aip, is cosúil go bhfuil sé oiriúnach tríd is tríd le haghaidh leanaí atá idir 3-8 mbliana d’aois.

Ba cheart go mbeadh a fhios ag tuismitheoirí go mbíonn fógraí ar an aip. Maíonn an aip roinnte físeán go dtéann na fógraí a roghnaítear i gcomhair an tsuímh trí phróiseas athbhreithnithe lena chinntiú go bhfuil siad oiriúnach d’aois na leanaí.

Mar sin féin, má thagann tusa nó do leanbh ar aon ábhar míchuí féadfaidh tú é a thuairisciú díreach mar a dhéanfá i mbunaip YouTube. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi fhíseáin a thuairisciú téigh chuig: google.com/youtubekids

YouTube kids 3

 

Tús Eolais

Caitheann tuismitheoir an aip a shocrú lena chinntiú go bhfaighidh do leanbh an taithí is fearr. Ní gá síniú isteach ar an aip agus ní theastaíonn cuntas Google uait. Nuair a bhíonn an aip íoslódáilte, iarrfaidh YouTube ar thuismitheoir/dhuine fásta cód a chur isteach lena chinntiú gur duine fásta thú, ansin seiceálfaidh sé cé na socruithe is mian leat a úsáid.

YouTube Kids 2

I measc na socruithe sin tá srian a chur ar thaithí do leanaí trí chuardach a mhúchadh. Ciallaíonn sé sin nach féidir le do leanbh ábhar a chuardach, a laghdaíonn an baol go dtiocfaidh siad ar fhíseán nach dteastaíonn uait go bhfeicfidh siad.

YouTube Kids

Rogha eile a thugtar do thuismitheoirí is ea an fheidhm amadóra. Is féidir le tuismitheoirí teorainn a chur le tréimhsí ar líne trí rá le leanaí nuair a chaithfidh siad stopadh ag féachaint. Taispeánfaidh an t-amadóir rabhadh deas agus stopfaidh sé an aip nuair a bheidh an seisiún thart. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bhfeidhm amadóra téigh chuig:  support.google.com/youtubekids/

Is furasta na socruithe sin a nuashonrú go héasca nuair a théann an aip beo. Níl le déanamh ag tuismitheoirí ach díreach an deilbhín glas a tapáil ar scáileán na haipe.

Nuair a bhíonn sé socraithe, féadfaidh úsáideoirí féachaint ar fhíseáin trí cheithre chatagóir ar an leathanach baile  (seónna, ceol, foghlaim agus iniúch). Nuair a bhíonn an cuntas gníomhach ar feadh tréimhse ama faoi leith tabharfar moltaí d’úsáideoirí freisin ar cé air a mbreathnóidh siad bunaithe ar ábhar a chonacthas roimhe sin.

Tá rogha chuardaigh ann freisin atá cosúil le YouTube, ach má chuireann úsáideoirí isteach aon téarmaí míchuí áfach molfaidh an aip go simplí dóibh rud éigin eile a chuardach.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig ionad tuismitheora YouTube Kids: google.com/youtubekids/