Mínithe: Cad is Ask.fm ann?

Mínithe: Cad is Ask.fm ann?

AskHomepage

Is suíomh é Ask.fm chun ceisteanna a ardú agus is ceann de na haipeanna ar líne is déanaí é a bhfuil tóir ag teacht air i measc pháistí na hÉireann.

Tá roinnt suíomhanna cosúil leis ann agus is féidir rochtain a fháil orthu go héasca ar líne ach tá an lámh in uachtar aige ar shuíomhanna eile amhail Formspring agus Spillit le húsáideoirí óga Éireannacha.

Is seirbhís í Ask.fm chun ceisteanna a chur agus iad a fhreagairt a thugann deis do dhaoine ceisteanna conspóideacha a chur agus a fhreagairt go hiomlán gan ainm.

Féadfaidh na freagraí a bheith ina dtéacsanna nó ina bhfíseáin, agus is féidir le húsáideoirí brabhsáil trí phróifílí daoine eile agus rogha acu ceisteanna a chur díreach faoina mbráid.

Tá sé an-éasca an tseirbhís a úsáid — is féidir ceist a chur ar dhaoine áirithe amháin nó ar na húsáideoirí uile, nó is féidir leat ceisteanna a fhreagairt a thagann aníos ar d’fhotha.

San áireamh sna ceisteanna tipiciúla ar an suíomh tá na ceisteanna seo a leanas: “Céard a dhéanfá dá mbuafá an crannchur náisiúnta?”, “Céard é an scannán is scanrúla atá feicthe agat?”, agus “Céard é an físeán deiridh a chonaic tú ar YouTube?”

AskSG

Tá an suíomh an-chomhtháthaithe le láithreáin líonraithe shóisialta is mó tóir amhail Facebook, Tumblr agus Twitter.

Is féidir le húsáideoirí cuireadh a thabhairt dá gcairde agus dá leantóirí ceisteanna a chur orthu trí naisc a chur ar a n-amlínte nó ar a bhfothaí Twitter.

Is féidir le húsáideoirí freisin ceisteanna nó freagraí atá ar phróifíl ask.fm úsáideora a roinnt ar Facebook trí ‘Is maith liom é’ a chliceáil.

Cad iad na rioscaí atá i gceist do Pháistí a úsáideann Ask.fm?

Tuigimid go bhfuil an-spraoi ag baint le haipeanna do cheisteanna den chuid is mó agus nach ndéantar dochar leo ach amháin nuair a mhí-úsáidtear iad.

Ach ag féachaint don mhéid atá á rá ag daoine áirithe faoin suíomh, tá sé á mhí-úsáid go forleathan.

Ní chaithfear ach súil a chaitheamh go sciobtha ar an suíomh chun a fháil amach go bhfuil ábhar gnéasaithe, maslach agus bulaíochta á chur ann gan aon seiceáil déanta air.

An ghné uathúil dhíolacháin a bhaineann le Ask.fm ná go bhfuil ráthaíocht go bhfanfar gan ainm. Dúradh ar Twitter le déanaí lena leantóirí nach bhfoilseofar go deo sonraí aon duine a chuirfidh ábhar ar an suíomh.

Tá ábhar gnéasaithe, maslach agus bulaíochta ar an suíomh.

Ós rud é go bhféadfar ceist ar bith a chur ar aon duine nó ábhar ar bith a chur ar a s(h)uíomh gan d’ainm a nochtadh, is léir go gcuireann sé seo le leibhéil urchoillte a laghdú a bhíonn i gceist go minic agus daoine óga ag déanamh cumarsáide ar líne.

I bhfoclaíocht eile, tá claonadh againn rudaí a rá le daoine ar líne nach ndeirtear lena mbéal – cuirtear leis seo nuair a dhéanaimid cumarsáid gan ainm.

Mar thoradh, tá na ceisteanna agus na nótaí tráchta gnéasaithe, maslacha agus thar a bheith gránna le feiceáil go forleathan i measc na gceisteanna ar chúrsaí ceiliúráin agus ar chineál saoil.

Ardaíonn an suíomh roinnt saincheisteanna freisin a bhaineann le príobháideachais. Níl mórán ann a rialaíonn príobháideachas agus ciallaíonn sé seo gur féidir le haon duine féachaint ar cheisteanna agus ar fhreagraí araon, fiú daoine nach n-úsáideann an suíomh.

Is é seo an réamhshocrú agus ní léir an bhfuil rogha ann chun an méid seo a athrú: nuair a fhoilsítear post tá rochtain ar an bpobal air.

Go bunúsach: Níl fiú na cosaintí teicniúla is bunúsaí do dhaoine óga ar Ask.fm. Níl aon mheicníocht ann chun ábhar maslach a thuairisciú ar an suíomh. Níl aon fhoinse um chomhairle ann d’úsáideoirí óga, ná aon rialú ar an bpríobháideachas.

Comhairle do Thuismitheoirí Maidir le Ask.fm

 

Thar aon rud eile, tá sé thar a bheith tábhachtach cumarsáid mhaith oscailte a bheith agat le do pháiste faoin méid a dhéanann sé nó sí ar líne.

Cuimhnigh, féadtar nach mbeidh deireadh gach eolais agat faoi bhíogaíl, blaganna agus aipeanna ach tá fios do ghnóthaí agat faoi thuismitheoireacht agus baineann na prionsabail chéanna leis seo.

Ba chóir duit suigh síos le do pháise agus an úsáid a bhaineann sé nó sí as Ask.fm a phlé leis nó léi.

Tá sé tábhachtach go socróidh tú rialacha agus teorainneacha maidir leis an úsáid a bhaineann do pháiste as an suíomh seo.

Tá gach páiste difriúil agus caithfidh tuismitheoirí cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcur chuige is fearr dá bpáiste.

Tá éagsúlacht idir na cur chuige tipiciúla: ó chomhaontú maidir le céard is iompraíocht oiriúnach ar an suíomh, monatóireacht rialta a dhéanamh ar a n-úsáid, nó gan iad a cheadú an suíomh a úsáid ar chor ar bith.

Ar a laghad ba chóir duit a aontú go mbeidh meas acu i gcónaí ar dhaoine eile agus gur chóir dóibh é a chur in iúl duit má tharlaíonn aon rud a chuireann isteach orthu.

Le go mbeidh rialacha agus teorainneacha éifeachtach, b’fhearr iad a fhorbairt i dteannta do pháiste.

Dá mbeadh an chaint seo agat le do pháiste, d’fhéadfá cuid mhór faisnéise a fháil i dtaobh na húsáide a bhaineann do pháiste as an Idirlíon faoi láthair agus aon imní atá orthu.

D’fhéadfadh an plé faoi na rialacha a shocrú a bheith chomh húsáideach agus atá an conradh féin.

Má bhíonn ionchur ag do pháiste agus an comhaontú a fhorbairt maidir lena n-úsáid de Ask.fm ansin is dóichí go n-amharcfaidh siad ar rialacha agus ar smachtbhanna ar bhealach cothrom agus dá bhrí sin is dóichí go gcloífidh siad leo nó iad a phlé níos moille anonn má shíleann siad gur chóir iad a athrú.

B’fhiú freisin a bheith oscailte ón tús faoi smachtbhannaí a bheadh i gceist mura gcloífí leis an socrú.

Bíonn rialacha níos éifeachtaí nuair a shocraítear iad le chéile.

Ceann de na cúiseanna a luann páistí nach labhraíonn siad le tuismitheoirí faoi rudaí a fheiceann siad ar an Idirlíon ná go bhfuil faitíos orthu go gcuirfidh na tuismitheoirí cosc orthu an tIdirlíon a úsáid.

Ba chóir smaoineamh faoi smachtbhanna eile a úsáid, amhail dioscaireacht sa bhreis nó pribhléidí eile a bhaint.

Tá sé tábhachtach go mbeadh sé soiléir do do pháiste ón tús gur féidir leis nó léi aon rud a fheiceann sé nó sí ar an Idirlíon a phlé leat. Déan cinnte go bhfuil na modhanna cumarsáide i gcónaí oscailte.

Cuimhnigh má chuireann tú cosc glan amach ar shuíomh, d’fhéadfadh sé tarlú go n-úsáidfidh do pháiste an suíomh fós gan é a chur in iúl duitse agus ansin nach mbeadh siad in ann caint leatsa dá mbeadh fadhb acu.

Má tá ceist agat maidir le haon ghné d’oideachas do pháiste, lena n-áirítear bulaíocht, déan teagmháil le Líne Chabhrach na Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse ar Uimh. Teil: 01-8874477 nó seol r-phost chuig: helpline@npc.ie.

Tá an Líne Chabhrach ar oscailt ó Luan go Céadaoin ó 10am go 5pm, agus ar an Déardaoin agus an Aoine ó 10am go 4pm.

Comhairle do Scoileanna maidir le Ask.fm

I dtús báire, ba chóir go mbeadh scoileanna ar an eolas go bhfuil cosc ar Ask.fm agus suíomhanna eile cosúil leis ar Líonra Leathanbhanda na Scoileanna.

Cinnte, ní chiallaíonn sé seo nach féidir rochtain a fháil air sa scoil ó ghléasanna pearsanta nó nach mbeidh tionchar na bulaíochta a eascraíonn as úsáid an tsuímh sa bhaile fós le feiceáil.

Má fhaigheann tú amach go bhfuil an suíomh á úsáid ag daltaí i do scoil, ba chóir an deis a thapú chun Polasaí Úsáide Inghlactha agus Polasaí na Bulaíochta sa scoil a mheabhrú dóibh.

BeSafeBeWebwiseSide

Éiríonn sé seo an-tábhachtach má tharlaíonn tharlaíonn rud éigin agus má tá gníomh smachtaithe i gceist.

Tá níos mó i gceist le polasaithe a chur i bhfeidhm ná foirmeacha a líonadh agus a shíniú: tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh tú na freagrachtaí atá ar na daltaí in iúl dóibh go minic.

Deis atá ann freisin atmaisféar dearfach na scoile a dhíríonn ar mheas ar an duine a neartú.

Tá sé mar fhreagracht orainn mar oideoirí athrú meonta a chur chun cinn ionas go dtuigfidh na daltaí go bhfuil freagracht orthu maidir le sábháilteacht agus leas na ndaltaí eile.

Tá Webwise, i gcomhar le Seirbhís Tacaíochta Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte (SPHE) tar éis clár foghlama agus teagaisc faoi Shábháilteacht Idirlín a chruthú –//:Be SAFE_Be WEBWISE://-a chuideoidh leat an méid sin a dhéanamh.

Tugann an clár aghaidh ar riachtanais sábháilteachta phearsanta ár ndaoine óga nuair atá siad ar líne agus is féidir úsáid a bhaint as chun curaclam SPHE na Sraithe Sóisearaí a chur i ngníomh.

Bíonn róil agus freagrachtaí nua ag daoine óga agus iad ina ndéagóirí, déanann siad idirbheartaíocht ar a gcaidreamh le daoine fásta, lena gcomhbhádóirí, agus leis an bpobal, agus tugann siad faoi rudaí nua a bhaineann le saol an duine fhásta.

Go minic tarlaíonn na heispéiris shóisialaithe seo in éineacht le hiompraíocht chun riosca a thógáil a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shláinte agus do shábháilteacht a ghlacadh.

Cé gur uirlis dhearfach é bheith i mbaol sláintiúil i saol déagóra chun a bhféiniúlacht a aimsiú, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú, tá sé d’aidhm ag an gclár Sábháilteacht Idirlín de chuid SPHE daoine óga a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar a ndearcthaí agus ar a luachanna agus chun iompar oiriúnach a úsáid a chabhróidh leo dul i ngleic le dúshláin an tsaoil maidir lena saol agus lena n-iompar ar líne.

Conas Déileáil le Nótaí Tráchta Bulaíochta ar Ask.fm

 

Míniú ar AskFM

Más múinteoir, tuismitheoir nó duine a oibríonn go dlúth le páistí thú, ba chóir an chomhairle chéanna a thabhairt maidir le conas dul i ngleic leis an mbulaíocht.

Tá an fheidhm chéanna ag an mantra seo ina bhfuil ceithre chéim maidir le Ask.fm is atá aige maidir le cásanna eile ar líne:

Má dhéanann duine teagmháil leat ar bhealach míchuí nó goilliúnach, cuir cosc orthu, coimeád an teachtaireacht nó an nóta tráchta mar fhianaise, agus tabhair tuairisc ina leith d’úinéir an tsuímh. Ná tabhair freagra do theagmhálaithe atá i mbun bulaíochta nó ciaptha – ní dhéanann sé seo ach níos mó trioblóide a chruthú. I gcás teachtaireachtaí bulaíochta, ba chóir duit labhairt le múinteoir a bhfuil muinín agat as nó asti.

I gcás cásanna níos tromchúisí a d’fhéadfadh a bheith mídhleathach – amhail dá ndéanfaí cúrsaí gnéasacha míchuí a mholadh nó dá mbeadh duine ag tabhairt faoi ‘mhealltóireacht’ de dhuine faoi 16 -is féidir na cásanna seo a thuairisciú do na Gardaí nó gan ainm do www.hotline.ie – caitear leis an uile thuairisc go dáiríre agus tugtar an t-eolas do na Gardaí más cuí.

Más maith leat caint le duine éigin cuir glaoch ar Childline ag 1800 666 666.