Mínithe: Cad is Zoom ann?

Mínithe: Cad is Zoom ann?

Is ardán físchomhdhála é Zoom is féidir a úsáid ar ríomhaire nó trí aip mhóibíleach, agus ligeann sé d’úsáideoirí nascadh le chéile ar líne le haghaidh cruinnithe físchomhdhála, seimineáir ghréasáin agus le comhrá beo a dhéanamh.

 

Tháinig borradh ollmhór ar líon na ndaoine a úsáideann Zoom mar thoradh ar ghéarchéim Covid19, agus tá na milliúin daoine á úsáid le coinneáil i dteagmháil le daoine eile. 

 

Is féidir an aip a íoslódáil saor in aisce agus féadfaidh úsáideoirí Zoom clárú don tseirbhís saor in aisce, nó ceann de na pleananna íoctha a roghnú. Ligtear d’úsáideoirí líon neamhtheoranta cruinnithe a reáchtáil le suas le 100 rannpháirtí leis an tseirbhís saor in aisce, ach is é 40 nóiméad an teorainn ama atá ar na cruinnithe grúpaí. Féadfaidh scoileanna a úsáideann an aip iarratas a dhéanamh chun an teorainn sin a bhaint saor in aisce anseo: zoom.us/docs/ent/school-verification

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Ligeann Zoom d’úsáideoirí seomraí cruinnithe fíorúla a chruthú agus a páirt a ghlacadh iontu, áit ar féidir leo cumarsáid a dhéanamh lena chéile ag úsáid físeáin agus fuaime. Féadfaidh rannpháirtithe a scáileáin agus comhaid a roinnt lena chéile, agus téacschomhrá a dhéanamh laistigh de ghrúpa an chruinnithe nó go príobháideach le daoine eile a ghlacann páirt sa chruinniú nuair a chuirtear gnéithe breise i bhfeidhm.

Ní mór go mbeadh an aip le haghaidh Zoom ag rannpháirtí, mar aon le nasc don chruinniú, nó Aitheantas Cruinnithe agus pasfhocal, chun páirt a ghlacadh i gcruinniú Zoom.  Cé nach dteastaíonn cuntas  Zoom le páirt a ghlacadh i gcruinniú, ní mór d’úsáideoirí cuntas a chlárú chun cruinniú a óstáil.

Cruinniú a shocrú – Is féidir le hóstach cruinniú a shocrú láithreach bonn nó cruinniú a sceidealú le haghaidh am áirithe.

Cruthaítear Aitheantas Cruinnithe agus pasfhocal leis seo, mar aon le URL don chruinniú a bhíonn le roinnt leis na rannpháirtithe a ghlacfaidh páirt sa chruinniú.

 

Chuir Zoom athrú i bhfeidhm le déanaí agus anois réamhshocraítear go gcaithfear pasfhocail a úsáid. Ciallaíonn sé sin go mbeidh ar úsáideoirí an pasfhocal a chur isteach má chuireann siad na sonraí isteach de láimh chun páirt a ghlacadh i gcruinniú. Mar sin féin, ní theastaíonn an pasfhocal seo ó rannpháirtithe a chliceálann ar URL an chruinnithe chun páirt a ghlacadh ann.

Is féidir le hóstaigh socruithe eile a bhainistiú laistigh dá gcuntais féin agus cead a thabhairt i gcomhair gnéithe éagsúla, cuir i gcás más féidir le daoine a scáileáin a roinnt, nó má tá siad in ann comhrá príobháideach a dhéanamh le daoine eile sa chruinniú

 

Fís agus fuaim – Tugtar rogha d’úsáideoirí nuair a théann siad isteach i gcruinniú Zoom a bhfíscheamara a chumasú nó a dhíchumasú, agus beidh tú in ann na rannpháirtithe eile a fheiceáil má chuireann siad a gceamaraí ar siúl. Tá rialúcháin bhreise ag óstach an chruinnithe chun sruthú físe nó fuaim daoine a ghlacann páirt sa chruinniú a dhíchumasú. 

 

Roinn Scáileán – Ligtear do dhaoine an t-ábhar ar a scáileán féin a roinnt le rannpháirtithe eile an chruinnithe leis an ngné ‘Share Screen’. Féadfaidh úsáideoirí é seo dhéanamh ach cliceáil ar an deilbhín le haghaidh ‘Share Screen’ ar an bpainéal rialúcháin. Tá óstach an chruinnithe in ann an ghné seo a rialú, agus cead a thabhairt do gach uile úsáideoir nó d’úsáideoirí sonraithe í a úsáid, nó í a theorannú don ‘óstach amháin’. 

 

An ghné chun comhrá a dhéanamh – Féadfaidh úsáideoirí idirghníomhú le téacsanna i rith an chruinnithe leis an ngné le haghaidh comhrá grúpa, agus féadfaidh rannpháirtithe comhrá príobháideach a dhéanamh le daoine eile sa ghrúpa freisin. Tá óstaigh cruinnithe in ann an socrú seo a leasú chun na daoine ar féidir le rannpháirtithe comhrá a dhéanamh leo a theorannú.

Cén fáth a bhfuil tóir air?

Is é an rud atá thar a bheith tarraingteach faoi Zoom go gcuireann sé ar chumas líon mór rannpháirtithe teacht le chéile in aon chruinniú amháin, fiú sa leagan saor in aisce den tseirbhís. Ní gá go mbeadh cuntas Zoom ach ag an óstach amháin, agus táthar in ann an fhaisnéis rochtana a roinnt go héasca le daoine ar mian leo páirt a ghlacadh sa chruinniú.

Céard é an ceanglas aoise?

Maítear i mBeartas Príobháideachais Zoom nach dtugann Zoom cead go feasach do leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois clárú dá gcuntais féin, agus iarrtar ar úsáideoirí cuntais a ndáta breithe a thabhairt nuair a chruthaíonn siad an cuntas, ach ní úsáidtear aon chineál deimhnithe aoise eile.

Mar sin féin, níl ar úsáideoirí cuntas Zoom a bhunú le páirt a ghlacadh i gcruinniú Zoom.

Meabhrúchán: Is é 16 bliana an Aois Toilithe Dhigitigh in Éirinn. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ar sholáthróirí seirbhíse ar líne cead tuismitheora a fháil chun sonraí leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois a phróiseáil.

Príobháideachas agus cúrsaí slándála

Mar atá amhlaidh le haon aip nó ardán, tá sé tábhachtach go dtuigtear conas a oibríonn sé, agus na rioscaí féideartha bhaineann leis. Tháinig imní faoi chúrsaí príobháideachais agus slándála na seirbhíse chun solais le deireanaí, lena n-áirítear ‘Buamáil ar Zoom’, mar a n-éiríonn le strainséirí páirt a ghlacadh i gcruinniú le cur isteach air. Is minic a tharlaíonn Buamáil ar Zoom mar gheall gur roinneadh nasc cruinnithe ar fhóram poiblí, áit inar féidir le gach duine é a fheiceáil go héasca. 

D’fhonn na rioscaí sin a mhaolú, caith cúpla nóiméad ag dul i dtaithí ar na rialúcháin phríobháideachais agus mhodhnóireachta ar féidir le hóstach a úsáid sa chruinniú. 

Tabhair faoi deara: Tá Zoom ag cur nuashonruithe rialta amach chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo ar an ardán agus má úsáideann tú an tseirbhís cuimhnigh go bhféadfaí leasuithe a chur i bhfeidhm ar shocruithe slándála, agus ar chúrsaí príobháideachais le himeacht ama.

 

  •  Príobháideachas sa chruinniú

Tá sé tábhachtach a chinntiú nach roinntear faisnéis phearsanta in áit phoiblí, agus bí meabhrach faoi na daoine a gheobhaidh sonraí an chruinnithe, agus faoin mbealach a roinntear an fhaisnéis sin. Is réamhshocrú é anois go dteastaíonn pasfhocal chun páirt a ghlacadh i gcruinniú Zoom. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh na daoine ar mian leo freastal ar an gcruinniú Aitheantas Cruinnithe agus pasfhocal a chur isteach ar dtús. Mar sin féin, is féidir le rannpháirtithe URL an chruinnithe a úsáid chun páirt a ghlacadh i gcruinniú gan pasfhocal a thabhairt. 

 

  • Seomraí feithimh

   Is limistéar coinneála fíorúil é an ‘Waiting Room’ a chuireann cosc ar rannpháirtithe páirt a ghlacadh i gcruinniú go dtí go nglacann tú leo agus go dtugann tú cead isteach dóibh. Cuirtear an ghné seo i bhfeidhm mar réamhshocrú ar chruinnithe Zoom.

  

 

  • Cruinniú a chur faoi ghlas 

   Cuirtear cosc ar rannpháirtithe nua páirt a ghlacadh i gcruinniú a tosaíodh cheanna féin nuair a chuirtear an cruinniú faoi ghlas – ní bheidh siad in ann páirt a ghlacadh ann fiú má tá Aitheantas an Chruinnithe agus pasfhocal acu.

 

  • Rialúcháin chun an Scáileán a Roinnt

   Féadfaidh óstaigh cosc a chur ar rannpháirtithe smacht randamach a ghabháil ar an scáileán ag teorannú ceadanna ar an bpainéal rialúcháin. Féadfar é seo a leasú roimh an gcruinniú agus lena linn. 

 

  •  Modhnóireacht agus rannpháirtithe a bhainistiú

   Cuireann Zoom roinnt uirlisí modhnóireachta ar fáil, lena n-áirítear na hóstaigh a chumasú le fís-sruthú rannpháirtithe a dhíchumasú, rannpháirtithe a bhalbhú, aistriú comhad a mhúchadh agus comhrá grúpa nó príobháideach a dhíchumasú

Comhairle do Thuismitheoirí

  • Téigh i dtaithí ar shocruithe na haipe agus breathnaigh ar na gnéithe slándála le do leanbh: support.zoom.us/Settings-Controls
  • Bain leas as socruithe slándála slána, cuir i gcuimhne do do leanbh naisc chruinnithe a roinnt le cairde amháin agus iad a roinnt in áit shábháilte, ní ar na meáin shóisialta. Leid áisiúil – úsáid pasfhocal nua le haghaidh gach uile chruinnithe ar Zoom
  • Cuir i gcuimhne do do leanbh gur féidir taifead a dhéanamh ar chruinnithe, is maith an smaoineamh labhairt le do leanbh faoi na cineálacha rudaí is féidir a roinnt ar líne agus an cineál faisnéise nár cheart dóibh a roinnt ar líne.
  • Tá sé tábhachtach go dtuigeann do leanbh gur féidir leo labhairt leat má fheiceann siad rud ar bith atá míchuí nó a chuireann isteach orthu ar líne.

Chun tuilleadh eolais agus comhairle a fháil ar fhís-sruthú agus beoshruthú a úsáid féach ar: https://www.webwise.ie/ga/tuismitheoiri-ga/beoshruthu-comhairle-agus-leideanna/