Mínithe: Céard a bhíonn i gceist le grianghraif a roinnt?

Mínithe: Céard a bhíonn i gceist le grianghraif a roinnt?

Flickr1

Mar thuismitheoirí, is dócha gur cuimhin libh an spól scannáin a thabhairt chuig an siopa chun na grianghraif a thóg sibh ar bhur laethanta saoire a fhorbairt. Thóg sé roinnt uaireanta, nó laethanta scaití, na grianghraif a fháil ar ais agus ní raibh cuma iontach i gcónaí orthu.

Is iomaí cor a chuir an saol de ó shin.

Anois agus ceamaraí digiteacha agus fóin cheamara ardsonraíochta ar an bhfód ní mar sin in aon chor a chruthaímid agus a fhoilsímid íomhánna.

De thoradh air sin, tá réimse suíomhanna gréasáin ardstíle tagtha chun cinn ar líne inar féidir íomhánna digiteacha a roinnt agus a chur in eagar – agus bíonn an-tóir ar fad ag daoine óga orthu.

Céard a bhíonn i gceist le grianghraif a roinnt?

Tá sé simplí go leor. Seachas grianghraif a chur i gcóip chrua agus a thaispeáint do do chairde thar chupán tae, is féidir leat do chuid íomhánna a uaslódáil ar shuíomh gréasáin lena roinnt le cairde ar líne nó, go deimhin, leis an saol mór.

Tá an roinnt grianghraf ann ó na 90idí i leith

Is cuma cén sórt gléis a úsáideadh chun an íomhá a chruthú. Is féidir rud ar bith a fhoilsiú.

Tá an roinnt grianghraf ann ó na 90idí i leith. Ach le blianta beaga anuas, leis an mborradh atá tagtha faoi cheamaraí digiteacha saora agus faoi fhóin cheamara ardsonraíochta, is mó an tóir atá ar shuíomhanna gréasáin a dhíríonn go sonrach ar uaslódáil agus ar roinnt grianghraf.

Bíonn daoine óga go háirithe an-tógtha leis an ngrianghrafadóireacht dhigiteach. Is maith le go leor déagóirí a bheith ag tógáil grianghraf díobh féin agus dá gcairde le chéile agus á roinnt ar shuíomhanna líonraithe shóisialta ar nós Twitter agus Facebook.

Bíonn formhór na suíomhanna gréasáin a úsáidtear chun grianghraf a roinnt saor in aisce agus bíonn neart uirlisí le fáil iontu.

Ar go leor de na suíomhanna sin, is féidir le húsáideoirí íomhánna a chur in eagar, a bhearradh, a chur i ngrúpaí agus a thaispeáint mar shleamhnáin nó ar bhealaí eile.

Céard iad na suíomhanna gréasáin is mó úsáid?

Instagram1

Seo thíos liosta de chuid de na suíomhanna gréasáin is cáiliúla agus is mó úsáid le haghaidh grianghraif a roinnt:

  • Flickr: Is dócha gurb é Flickr an suíomh roinnte grianghraf is cáiliúla. Is dócha gurb é an ceann is sine freisin, mar tá sé ann ó thosaigh an pobal ag dul leis an roinnt grianghraf dáiríre. Is féidir le húsáideoirí dul isteach i ngrúpaí sainspéise chun grianghraif a bhaineann le hábhar a roinnt agus leagtar béim mhór ann ar an gclibeáil.
  • Picasa: Is le Google an suíomh roinnte grianghraf seo. Tá sé éasca é a úsáid má tá Google Mail cheana agat agus soláthraíonn sé na huirlisí céanna is atá le fáil ar shuíomhanna eile. Tá deis ag úsáideoirí a gcuntas a uasghrádú freisin sa chaoi go mbeidh níos mó spáis acu agus tuilleadh uirlisí eagarthóireachta, ach táille a íoc.
  • PhotoBucket: Deirtear gurb é PhotoBucket an suíomh roinnte grianghraf is mó úsáid sna Stáit Aontaithe agus tá sé sna sála ag na cinn eile san Eoraip. Tá go leor de na gnéithe thuas ag dul leis an suíomh seo freisin, ach tá roghanna tobchomhrá ann freisin agus feidhmíonn sé níos mó ar nós gnáthshuíomh líonraithe shóisialta.
  • Instagram: Is dócha gurb é Instagram an suíomh roinnte grianghraf is sciobtha fás. Tá an-tóir ag úsáideoirí Twitter agus Facebook air go háirithe mar gur féidir leo ábhar a uaslódáil chuig a bpróifíl uaidh. Oibríonn sé go maith ar ardáin mhóibíleacha. Tá uirlisí maithe eagarthóireachta ag Instagram freisin atá éasca le húsáid, fáth eile a bhfuil an oiread sin tóir air.

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

Tagann suíomhanna roinnte grianghraf faoi bhrat an líonraithe shóisialta. Tá siad cosúil le Facebook agus Bebo sa mhéid go ligeann siad do dhaoine dul i dteagmháil agus ábhar a roinnt lena chéile ann.

Ach tá cuid mhaith den bhaol céanna ag gabháil leis an roinnt grianghraf is a ghabhann leis an líonrú sóisialta, go háirithe do dhaoine óga.

Is í an easpa príobháideachais an baol is mó a d’fhéadfadh a bheith i gceist le suíomhanna roinnte grianghraf.

Is í an easpa príobháideachais an baol is mó a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an roinnt grianghraf.

Cé go bhfuil socruithe príobháideachais ann, is féidir le duine ar bith teacht ar chuid mhaith de na grianghraif a chuirtear suas ann agus iad a íoslódáil, a chóipeáil agus a chur in eagar iad féin.

Déanann déagóirí dearmad uaireanta gur cineál foilsithe é ábhar a phostáil ar líne agus, mura socraítear na próifílí chun príobháideachais, gur féidir le duine ar bith na grianghraif sin a fheiceáil.

Is minic a chuireann déagóirí an iomarca faisnéis phearsanta suas ar líne agus d’fhéadfadh cuid de na grianghraif sin léargas a thabhairt ar rudaí ab fhearr linn a choinneáil príobháideach.

Ar an drochuair, táthar ann nach bhfuil scrupall acu a chíorann an tIdirlíon ag iarraidh daoine sobhuailte a aimsiú agus díríonn siad uaireanta ar shuíomhanna roinnte grianghraf i measc suíomhanna líonraithe shóisialta eile.

Tarlaíonn an chibearbhulaíocht ar shuíomhanna roinnte grianghraf freisin. Anois go bhfuil fóin cheamara i ngach áit tá bulaithe in ann pictiúir a chuirfeadh aiféaltas ar dhaoine a thógáil agus a phostáil ar líne gan cead.

Is é nádúr na roinnte grianghraf gur féidir iad a scaipeadh ar fud an Idirlín an-sciobtha, rud a mhéadaíonn ar an dochar síceolaíoch a d’fhéadfaí a dhéanamh do na híospartaigh.

Anuas air sin, is féidir go bhfuil ábhar le fáil ar shuíomhanna roinnte grianghraf áirithe nár mhaith linn go mbeadh daoine óga in ann a fheiceáil.

Cé go bhfuil scagairí le fáil ar shuíomhanna roinnte grianghraf, ní bhíonn siad uile 100% cruinn agus tarlaíonn sé uaireanta go ndéanann íomhánna mígheanasacha a mbealach isteach iontu.