Ocht Leid le haghaidh na Meán Sóisialta do Dhéagóirí atá ag Filleadh ar an Scoil

Ocht Leid le haghaidh na Meán Sóisialta do Dhéagóirí atá ag Filleadh ar an Scoil

alt-1

An bhfuil do pháiste ag tosú sa mheánscoil i mbliana? Am iontach do dhéagóirí is ea scoil nua agus scoilbhliain nua, cairde nua á ndéanamh agus bualadh arís le seanchairde ar líne agus as líne.  Cuir tús maith lena gcéad bhliain leis na hocht leid le haghaidh na meán sóisialta seo.

  1. Cuimhnigh i gcónaí ar Riail na mamó! Is breá linn ar fad pictiúir agus físeáin dúinn féin a roinnt ar líne agus lenár gcairde. Ach smaoineoimis faoi rud éigin ar dtús… an bhfuil tú cinnte gur cheart duit rud éigin a roinnt ar líne? Cuir an cheist seo ort féin… ar mhaith liom go bhfeicfeadh mo Mhamó an pictiúr seo? Tuigim!
  2. Ní comórtas dea-ghnaoi é. Tá sé tábhachtach cairde a dhéanamh ach ná glac le cuirí chun cairdis mura bhfuil aithne agat ar an duine a sheol chugat é… agus ná seol cuirí chuig múinteoirí sa chéad tseachtain ?
  3. Bí Eolach ar an nGréasán! Seiceáil do shocruithe príobháideachais ar do chuntais shóisialta. Ní gá go mbeadh a fhios ag an domhan ar fad céard a bhíonn ar siúl agat… coinnigh do do chairde é! Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi shocruithe príobháideachais Facebook.
  4. Ná Beathaítear na Troill! Tuairiscigh/blocáil/scrios. Ná labhair le troill ar líne. Má bhíonn imní ort faoi rud éigin a fheiceann tú ar líne, labhair le duine fásta nó le múinteoir a bhfuil muinín agat astu. Agus cuimhnigh, tig leat bheith sa trioblóid chéanna leis an duine a chuir an postáil mhíchuí in airde má bhrúnn tú ‘is maith liom’ nó má roinneann tú í.
  5. Coinnigh agat féin é >>> Bí cúramach faoin gcineál faisnéise a roinneann tú ar líne agus cé leis a roinneann tú í. Ná roinn do sheoladh, d’uimhir ghutháin, do phasfhocal riamh (fiú le cairde) ná faisnéis phearsanta eile ar líne ná le duine nach bhfuil aithne agat orthu.
  6. Bí i do Dhuine a Sheasann Suas… ní i d’Fhéachadóir! Ní aon chúis gáire an chibearbhulaíocht, má fheiceann tú rud éigin ar líne a bhaineann le cibearbhulaíocht… ná bí i d’fhéachadóir. Inis do dhuine fásta nó do mhúinteoir a bhfuil muinín agat astu faoi.
  7. Bí go deas… Caith le daoine ar líne sa dóigh ar mhaith leat go gcaithfí leat féin. Roinn an grá!
  8. Ar deireadh… bí ar do dhóigh féin! Áiteanna iontacha iad láithreáin líonraithe shóisialta agus aipeanna chun tú féin a chur in iúl, úsáid go stuama iad agus roinn na rudaí is breá leat faoi domhan!

Ádh mór ar gach duine atá ag tosú amach sa scoil an tseachtain seo chugainn. Ar fhágamar aon ní ar lár? Roinn do leideanna um Fhilleadh ar an Scoil linn trí #Up2Us a úsáid