Conas: Suíomhanna Gréasáin Scoile Níos Sábháilte

Conas: Suíomhanna Gréasáin Scoile Níos Sábháilte

BeSafeBeWebwiseMainPic

Grianghraif de dhaltaí á bpostáil ar shuíomh gréasáin na scoile

Má chuirtear grianghraif de dhaltaí ar shuíomh gréasáin na scoile is iontach an bealach é chun na daltaí a spreagadh agus misneach a thabhairt dóibh féin agus dá dtuismitheoirí.  Bealach amháin é chun saothar agus éachtaí na ndaltaí a thréaslú leo. Trí ghrianghraif de dhaltaí a phostáil, cruthaítear spiorad pobail sa scoil agus cuirtear obair na scoile os comhair lucht féachana níos leithne.

An bhfuil saincheisteanna cosanta sonraí ann?

Tá saincheisteanna cosanta sonraí ann nach mór díriú orthu nuair a chuirtear grianghraf de dhuine faoi bhun 18 mbliana d’aois ar an Idirlíon.  Caithfidh an scoil cloí le ceanglais na reachtaíochta seo a leanas:

  • An tAcht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003
  • An tAcht um Chosaint Sonraí, 1988
  • An tAcht um Fhístaifeadtaí, 1989

Céard iad na saincheisteanna?

D’fhéadfaí mí-úsáid a bhaint as aon íomhá a fhoilsítear ar líne nó í a chur in eagar go míchuí.  Is féidir go n-aithneofaí daltaí agus go dtarraingeofaí aird orthu nach dteastaíonn trí ghrianghraf díobh a phostáil ar shuíomh gréasáin na scoile.  Anois agus clibeáil grianghraf agus teicneolaíocht aghaidh-aitheanta ann, ní mór do scoileanna a bheith níos cúramaí ná riamh chun páistí agus daoine óga atá faoina gcúram a chosaint.

Cén chaoi a bhféadfaidh an scoil na rioscaí a bhainistiú?

Chun na rioscaí sin a bhainistiú, ba chóir don scoil feasacht a ardú i leith an ghá atá le faisnéis phearsanta mionaoiseach a chosaint nuair atá ábhar á chur ar an Idirlíon. Ba chóir do mhúinteoirí a chuireann ábhar ar an Idirlíon (mar chuid de bhlag ranga nó scoile nó ar shuíomh gréasáin na scoile) machnamh a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

  • Cead tuismitheora a fháil a chlúdóidh úsáid na ngrianghraf sin ar feadh na scoilbhliana de réir choinníollacha AUP na scoile.
  • Grianghraif a úsáid atá dírithe ar ghníomhaíochtaí grúpa seachas grianghraif de dhaoine aonair.
  • Grianghraif ghrúpa a úsáid seachas grianghraif de pháistí ina n-aonar ina bhfuil a n-aghaidh iomlán le feiceáil.
  • Ainmneacha agus íomhánna a choinneáil scartha óna chéile.
  • Físeáin nó gailearaithe grianghraf a ghlasáil le pasfhocal.
  • Nós imeachta a chur le chéile chun seiceáil rialta a dhéanamh ar an suíomh gréasáin le féachaint an bhfuil sonraí pearsanta postáilte ann.
  • Múineadh do dhaltaí cén chaoi a gcuid sonraí féin a chosaint agus céard iad na freagrachtaí atá orthu as faisnéis phearsanta daoine eile agus iad ar líne.

Céard é an dea-chleachtas maidir le grianghraif de dhaltaí a chosaint?

Ceanglaítear ar gach scoil Polasaithe Úsáide Inghlactha (AUP) a bheith acu a chlúdaíonn úsáid an Idirlín agus gach teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide sa scoil.  I measc ábhar eile, clúdófar in AUP na scoile an úsáid a bhaintear as suíomh gréasáin na scoile, as an Timpeallacht Fhíorúil Foghlama agus as blaganna nó vicithe.

Ba chóir d’fhoireann na scoile teacht ar shocrú faoin gcaoi a nglacfar agus a stórálfar íomhánna digiteacha agus físeáin sa scoil.  Ba chóir d’fhoireann na scoile plé a dhéanamh freisin  ar an gcaoi a bhfoilseofar íomhánna de dhaltaí ar líne agus ar an bhfeidhm a d’fhéadfadh a bheith ag an Acht Cosanta Sonraí (2003 agus 1988) air sin.  Ba chóir do gach scoil a cuid treoirlínte féin a fhorbairt i leith chosaint na ndaltaí agus na foirne araon.

Ráitis shamplacha AUP a bhaineann le suíomh gréasáin scoile.

Tá na ráitis shamplacha seo a leanas mar chuid den Teimpléad do AUP Idirlín a bhí istigh leis an bPaca Oideachais ar Shábháilteacht Idirlín a seoladh chuig gach scoil i mí am Mhárta 2007.

Suíomh Gréasáin na Scoile

  • Tabharfar deis do dhaltaí tionscadail, saothar ealaíne nó obair scoile a fhoilsiú ar an nGréasán Domhanda de réir polasaithe soiléire agus próisis shoiléire cheadaithe maidir leis an inneachar is féidir a lódáil chuig suíomh gréasáin na scoile.
  • Seiceálfar an suíomh gréasáin go rialta chun a chinntiú nach mbeidh aon inneachar ann a chuireann sábháilteacht na ndaltaí nó na foirne i gcontúirt.
  • Ní fhoilseofar ar shuíomh gréasáin na scoile céadainm agus sloinne na ndaoine aonair i ngrianghraf.
  • Ní fhoilseofar ar shuíomh gréasáin na scoile aon ábhar a dhíríonn ar dhaltaí faoi leith gan cead a dtuismitheoirí.
  • Déanfaidh an scoil dianiarracht grianghraif dhigiteacha nó gearrthóga fuaime nó físe a dhíríonn ar ghníomhaíochtaí grúpa a úsáid. D’fhéadfaí físeáin a ghlasáil le pasfhocal.
  • Fágfar faisnéis phearsanta daltaí, lena n-áirítear seoladh baile agus sonraí teagmhála, ar lár as leathanaigh ghréasáin na scoile.
  • Cinnteoidh an scoil go mbeidh ainm iomchuí ar na comhaid íomhánna agus ní úsáidfear ainmneacha daltaí in ainmneacha na gcomhad íomhánna ná i gclibeanna ALT má fhoilsítear ar an nGréasán iad.
  • Déanfar seiceáil go minic ar shuíomh gréasáin scoile a cheadaíonn foilsiú tráchtanna, dála blaganna, leabhar cuairte nó clár fógraí, chun a chinntiú nach bhfuil aon sonraí pearsanta ann.
  • Ní bheidh naisc ar shuíomh gréasáin scoile le suíomhanna seachtracha nach ndéantar a stiúradh dála ‘Next blog’, Flickr, etc., áit nach fios go bhfuil an t-ábhar oiriúnach.
  • Comhordóidh múinteoir foilsiú obair na ndaltaí.
  • Beidh obair na ndaltaí le feiceáil ar shuíomhanna gréasáin i gcomhthéacs oideachasúil agus beidh fógra cóipchirt ag gabháil léi a chuirfidh cosc ar a cóipeáil gan sainchead a fháil i scríbhinn.
  • Is leis na daltaí a bheidh cóipcheart aon saothair a fhoilseofar.

Cás-staidéar ar Chosaint Sonraí

Seo cás-staidéar as Acmhainn Múinteoireachta OSPS an Choimisinéara Cosanta Sonraí dar teideal ‘Cláraigh, Logáil Isteach, Rogha an Diúltaithe’ a chabhróidh le scoileanna tuiscint a fháil ar a ndualgais agus a bhfreagrachtaí i leith na nAchtanna Cosanta Sonraí (1988 agus 2003).