Maidir leis an acmhainn seo

Maidir leis an acmhainn seo

Laochra HTML – Tús Eolais ar an Idirlíon

Dearadh Laochra HTML go sainiúil do mhúinteoirí bunscoile ar mhaith leo an tsábháilteacht idirlín a thabhairt isteach i dteagasc churaclam an OSPS — Forbraíodh an Clár Oideachais seo chun cabhair a thabhairt d’oideachasóirí, agus chun tacú leo, agus daltaí á múineadh acu faoin gcaoi a n-úsáidtear an tIdirlíon ar shlí shábháilte agus fhreagrach. Múinfear Laochra HTML mar chuid de churaclam Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) i mbunscoileanna do leanaí idir seacht agus deich mbliana d’aois d’aois.

Dírítear sa chéad chuid den acmhainn (Ceacht 1-4) ar na scileanna a theastaíonn chun an gréasán a bhrabhsáil, ar nós cuardach éifeachtach sábháilte a dhéanamh, an t-ábhar ar líne atá iontaofa a oibriú amach agus an tréimhse a chaitear ar líne a bhainistiú. Tá an clár seo oiriúnach do leanaí atá ag foghlaim faoin gcaoi a n-úsáidtear an t-idirlíon i gcomhair obair scoile nó chun faisnéis a aimsiú go ginearálta. Déanfar na daltaí a mheasúnú i ndiaidh na rannóige seo le fáil amach ar bhain siad na torthaí foghlama inmhianaithe amach. Tá teastas ar fáil agus féadfar é a bhronnadh ar na daltaí a n-éiríonn leo.

Téitear i ngleic leis na scileanna a theastaíonn chun cumarsáid shábháilte agus éifeachtach a dhéanamh ar líne sa dara rannóg (Caibidil 5, 6, 7 agus 8). Pléitear le ceisteanna faoi fhaisnéis phearsanta a roinnt ar líne, leis an tslí a gcaitear le daoine eile i gceart, agus le cluichí ar líne. Féadfaidh daltaí tabhairt faoin measúnú ar Chatwise ansin chun an clár a chur i gcrích agus teastas a fháil.

Úsáidtear réimse modheolaíochtaí teagaisc i gClár na Laochra HTML agus tá béim ar leith ar phríomh-mhodheolaíocht churaclam an OSPS, is é sin, an fhoghlaim ghníomhach. I measc na modheolaíochtaí a úsáidtear tá plé, obair chiorcail, obair i mbeirteanna agus i ngrúpaí, freagra a thabhairt ar na meáin, agus ar na meáin dhigiteacha go háirithe. Comhtháthaíonn an clár le hábhair churaclaim eile ar nós mhodheolaíochtaí drámaíochta, teanga agus na n-amharc-ealaíon. Tá gníomhaíochtaí páipéirbhunaithe ranga agus ceachtanna idirghníomhacha digiteacha mar chuid den chlár seo. Tá neart den léiriú agus de na príomhphointí foghlama le fáil sna ceachtanna idirghníomhacha. Cuirtear beirt laochra HTML – beirt charachtar USB (Archie agus Ruby) in aithne do na leanaí; tagann beocht chun na gcarachtar nuair a imíonn na daltaí ón seomra ranga le linn am sosa agus tugann siad eolas do na daltaí ar an domhan ar líne. Déanann Archie agus Ruby rapanna mealltacha agus taitneamhacha faoin bhfógraíocht ar líne, faoin tréimhse a gcaitear ar líne agus faoin gcaoi a n-oibríonn an t-idirlíon. Dearadh na ceachtanna seo mar ghníomhaíocht ranga don rang uile le clár bán nó teilgeoir digiteach. D’fhéadfaí tabhairt faoi na gníomhaíochtaí seo freisin i mbeirteanna, go haonarach, nó i ngrúpaí beaga ar ríomhaire nó ar ghléas ranga.

Breac-chuntas ar na Ceachtanna

Ceacht 1 // Fáilte chuig an idirlíon!

Ceacht 2 // Ag cuardach ar an idirlíon

Ceacht 3 // Cad a bhíonn iontaofa ar líne?

Ceacht 4 // Quiz ar Webwise

Ceacht 5 // Príobháideachais agus Faisnéis Phearsanta

Ceacht 6 // Cumarsáid ar Líne le Meas

Ceacht 7 // Gan Ainm ar Líne

Ceacht 8 // Quiz ar Chatwise

Beochana

Céard é an tIdirlíon? // https://www.webwise.ie/download/20151/

Céard atá Iontaofa ar líne? //  https://www.webwise.ie/download/20153/

Fógraíocht ar líne  // https://www.webwise.ie/download/20142/

Is féidir é a íosloódáil anseo 

Faisnéis Thábhachtach do Mhúinteoirí

Ba cheart do mhúinteoirí an Fhaisnéis don Mhúinteoir a léamh sula dtosaíonn siad gach ceacht. Áirítear san fhaisnéis treoracha céim ar chéim ar stiúradh gach ceachta, naisc chuig an gcuraclam agus naisc chun na bileoga gníomhaíochta a theastaíonn do gach ceacht a íoslódáil.

Féach ar na Treoirlínte Dea-chleachtais anseo: webwise.ie/ga/gan-chatagoiriu/treoirlinte-dea-chleachtais/